Top 10 similar words or synonyms for vítneamaigh

ciméaraigh    0.891188

boilséivigh    0.863026

hiodálaigh    0.858768

mongólaigh    0.855026

hairgintínigh    0.853760

briotanaigh    0.849613

seapánaigh    0.849390

sóivéadaigh    0.849312

ceannairceoirí    0.846175

turcaigh    0.835865

Top 30 analogous words or synonyms for vítneamaigh

Article Example
Pol Pot Sa bhliain 1977, thosaigh caidreamh na Cambóide agus Vítneam ag dul chun donais ar fad. Bhí Cambódaigh ag teitheadh lena n-anam go Vítneam, agus saighdiúirí de chuid Pol Pot ag iarraidh iad a cheapadh nó a mharú. Is léir gur minic a thrasnaigh na Ciméaraigh Dhearga an teorainn, agus is follasaí fós nach raibh na Vítneamaigh sásta saighdiúirí iasachta a fháiltiú isteach chucu. Thairg na Vítneamaigh na dídeanaithe a chur ar ais go dtí an Chambóid, ach ní raibh na Cambódaigh sásta leis an tairiscint seo. Ar an tríochaidiú lá de Mhí Aibreáin, 1977, tháinig díormaí Cambódacha isteach agus airtléire mar thaca acu, agus mar a d'áitigh na Vítneamaigh ina dhiaidh sin, mharaigh siad muintir cupla sráidbhaile le linn an ruathair sin. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an Chambóid ag iarraidh na Vítneamaigh a imeaglú, ionas nach gcuirfidís ladar i gcúrsaí inmheánacha na Cambóide.
Pol Pot I Mí Mheán Fómhair 1977, rinne fórsaí na Cambóide ionradh ceart trasna na teorainne, agus chuaigh an bás agus an díothú ar na Vítneamaigh. D'áitigh na Vítneamaigh go bhfuair timpeall is míle duine, sibhialaigh Vítneamacha ar fad, bás de dheasca an ruathair seo. Trí lá i ndiaidh an ruathair seo, d'fhógair Pol Pot an chéad uair riamh go poiblí gurbh iad na Cumannaigh a bhí ag rialú na Cambóide - go dtí sin, níor hadmhaíodh oiread is aon uair amháin go raibh a leithéid de rud ann agus Páirtí Cumannach na Campúise, agus gur stát Cumannach ab ea an Champúis Dhaonlathach. I Mí na Nollag, nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil ag Vítneam, chuaigh 50,000 saighdiúir thar teorainn isteach sa Chambóid. Bhí sé ceaptha nach mbeadh ann ach ruathar gairid, le sásamh a bhaint as na Cambódaigh i ndiaidh an ruathair a rinne siadsan ar Vítneam roimhe sin. Nuair a d'fhill fórsa sluaíochta Vítneam abhaile arís, rinne Pol Pot scéal mór bolscaireachta de, agus é ag áitiú go raibh an Chambóid tar éis an cath a bhriseadh ar na Vítneamaigh. Ní raibh na Vítneamaigh ag iarraidh an ruathar seo a fhoilsiú don tsaol mhór, ach anois, bhí Pol Pot tar éis súil an domhain a tharraingt ar an scéal. Thairis sin, bhí Vítneam náirithe ag Pol Pot, agus an dóigh a raibh sé ag cur laige mhíleata ina leith. Ba léir go gcaithfeadh na Vítneamaigh díoltas a imirt ar Pol Pot, ó ghoin sé a mórtas cine.
Pol Pot Is é an freagra a thug na Vítneamaigh do na hathruithe polaitiúla seo sa Chambóid ná go ndeachaigh Príomh-Aire Vítneam, Pham Van Dong, i dteagmháil le Sihanouk sa tSín agus shocraigh sé leis go rachadh sé i gcomhghuaillíocht leis na Ciméaraigh Dhearga. Bhí na Vítneamaigh sásta gach cuidiú a thairiscint do Pol Pot a bhí de dhíth ar mo dhuine le rialtas na Cambóide a chur as oifig. Le fírinne bhí Pol Pot agus Norodom Sihanouk in Beijing san am céanna, ach níor cheadaigh na Vítneamaigh agus na Sínigh don bheirt acu fáil amach faoina chéile ná dul in aon teagmháil le chéile. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Sihanouk ar an raidió in Beijing agus é ag áitiú ar mhuintir na Cambóide éirí amach in aghaidh an Rialtais agus tacú leis na Ciméaraigh Dhearga. I mBealtaine 1970, d'fhill Pol Pot féin ar an gCambóid, agus é ag cur an-luais leis an gceannairc in éadan an rialtais.
Pol Pot I ndeireadh na bliana 1978, d'fhógair na Vítneamaigh nach raibh de rogha acu ach an Chambóid a ionsaí agus an chumhacht a bhaint de na Ciméaraigh Dhearga, i ndiaidh na n-ionsaithe a rinne na Cambódaigh ar Vítneam le déanaí. Cé nach raibh sé ach ceart, cóir agus cuí ag arm Vítneam a dtír agus a muintir a chosaint ar an rialtas mire sa Chambóid, b'fhollasach go raibh na Vítneamaigh le fanacht go ceann i bhfad sa Chambóid agus leis an tír sin a iompú ina stát spleách faoi smacht Vítneam, cosúil le Laos.
Cogadh Vítneam agus na Síne Bhí an tSín ag tacú le Vítneam sna cogaí in aghaidh na Seapáine, na Fraince agus na Stát Aontaithe, agus is iomaí coinsíneacht arm a fuair na Vítneamaigh, na fórsaí náisiúnaíocha ar dtús, agus ina dhiaidh sin na fórsaí Cumannacha, ón tSín le linn na gcogaí seo. Bhí an tAontas Sóivéadach ag cabhrú leis na Vítneamaigh chomh maith, áfach. Tar éis don deachtóir Iósaf Stailín bás a fháil tháinig naimhdeas idir an tSín agus na Sóivéadaigh, ach bhí ceannairí Vítneam sásta taobhú le rialtas nua Sóivéadach Nicíte Cruistsiof. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh ag iarraidh an tSín a imshuí, agus chuaigh siad ag déanamh mórtachais leis na Meiriceánaigh.