Top 10 similar words or synonyms for mongólaigh

seapánaigh    0.873724

turcaigh    0.872602

vítneamaigh    0.855026

hollannaigh    0.851270

hiodálaigh    0.835442

briotanaigh    0.832521

boilséivigh    0.821348

viseagotaigh    0.811119

ciméaraigh    0.810903

sealadaigh    0.810602

Top 30 analogous words or synonyms for mongólaigh

Article Example
Mongólaigh Is grúpa eitneach Áiseach iad na Mongólaigh. Is í an Mhongóilis a bpríomhtheanga.
Na Mongólaigh sa Rúis Sa cheathrú haois déag, áfach, d'éirigh le prionsa Mhoscó, Dmitriy, na Rúisigh a chruinniú in éadan na dTatárach. Bhí scoilt ag teacht ar na Mongólaigh, agus Mathshlua nua bunaithe ag cuid acu le dul in iomaíocht leis an Mathshlua Órga - an Mathshlua Geal. Chuaigh fórsaí Dmitriy chun teagmhála leis na Tatáraigh i gKulikovo in aice leis an abhainn úd Don, agus b'iad na Rúisigh a bhuaigh an cath cáiliúil seo i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1380. Ina dhiaidh sin, chuaigh ag an Mathshlua an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh arís, ach bhí sé foghlamtha acu anois nach dochloíte a bhí na Mongólaigh, agus go raibh sé indéanta ruaigeadh a chur orthu as an tír. Gaireadh laoch náisiúnta de Dmitriy - Dmitriy Donskoy, nó Dmitrí ó Don.
Na Mongólaigh sa Rúis D'fhág na Mongólaigh a rian féin ar chultúr na Rúise ar a lán bealaí. Scar siad an tír leis an Iarthar, agus an Áise ag éirí níos tábhachtaí mar chéile trádála agus iomlaoide. Thairis sin, b'iad na Mongólaigh a thug isteach pionós an bháis sa Rúis, nó ní raibh sé á chleachtadh ag na Rúisigh fad is a d'fhan seandlíthe na Slavach beo ina measc. B'ó na Mongólaigh a d'fhoghlaim na Rúisigh an dóigh le príosúnaigh a chéasadh, fosta.
Na Mongólaigh sa Rúis B'é ba toradh dó seo ná gur fágadh an chuid ba mhó den Rúis faoi fhorlámhas na Mongólach ar bhealach díreach nó indíreach. Ba chuid de ríocht na Mongólach iad oirthear agus deisceart na Rúise. Na prionsachtaí beaga san Iarthar, bhí gobharnóir nó fear ionaid de chuid na Mongólach i ngach ceann acu, agus aitheantas tugtha acu do Chán na Mongólach mar Ard-Rí. Sa tuaisceart a bhí tailte Novgorod, agus iad saor ó dhíormaí Tatáracha, ach bhí lucht a rialtais ag íoc cánach leis na Mongólach.
Na Mongólaigh sa Rúis Bhí sclábhaithe nó daoir sa Rúis, fosta, nó bhí na Rúisigh ag tógáil patrúin leis na Mongólaigh: bhí an daoirse fréamhaithe sách domhain ina gcultúr siúd. De réir a chéile, rinneadh aicme na ndaor agus aicme na seirfeach a ionannú le chéile. Nó ba mhinic a gaireadh daor de dhuine shaor a bhí báite i bhfiacha; agus ó ba rud é nach rabh cuid mhaith de na scológa in ann a gcíos a íoc leis an tiarna talún, thosaigh seisean ag caitheamh leo mar a bheadh daoir den tseandéanamh iontu.