Top 10 similar words or synonyms for cnáimhe

deannach    0.893604

loingeán    0.867664

bianna    0.862169

gcealla    0.860621

siadaí    0.857638

sreabháin    0.850848

spóir    0.849466

confadh    0.848263

limfeach    0.846741

ultrafhuaime    0.845968

Top 30 analogous words or synonyms for cnáimhe

Article Example
Briseadh (cnámh) Sa mhíochaine, briseadh i leanúnachas cnáimhe. De ghnáth tarlaíonn a leithéid de bharr fórsa sheachtraigh, ach is féidir go dtarlóidh de bharr galair (briseadh paiteolaíoch), cosúil le hailse cnáimhe a chuireann isteach ar struchtúr is ábhar na cnáimhe. Tarlaíonn briseadh cnáimhe i bhfoirmeacha éagsúla, ó bhriseadh trasnach líne caoile gan díláithriú (briseadh scolbach) go dtí briseadh dian ina mbristear an chnámh i roinnt mionphíosaí (briseadh spruánach). Bíonn cumas fiúntach ag cnámha a bpíosaí a athaontú, ach braitheann an chóireáil is an toradh ar cé chomh maith is a dhéantar na fo-phíosaí a ailíniú leis an mbunchnámh is a choinnítear iad mar sin le linn an athaontaithe. Má ailíníonn na píosaí go maith, is féidir iad a choinneáil in áit le cléithín simplí le linn an athaontaithe. Ach i gcás bristí créachtacha is bristí díláithrithe, is féidir go mbeidh gá le láimhsiú sa tréimhse athaontaithe, nó bioráin is scriúnna miotalacha chun na píosaí cnáimhe a choinneáil ailínithe is le chéile.
Callas Réigiún áitiúil den chraiceann ina bhfuil an ciseal eipideirmeach tiubhaithe mar thoradh ar thráma leanúnach fisiciúil. Tugtar "creagán" ar challas ar aghaidh na láimhe, agus "bonnbhualadh" nó "bonnleac" ar challas ar bhonn na coise. Tugtar callas ar fhíochán a fhoirmíonn i ndeisiú cnáimhe briste freisin. Cruthaítear loingeán snáithíneach is loingeán gloineata chun foircinn bhriste na cnáimhe a shéalú is a nascadh le chéile, agus tugtar "callas neamhbhuan" air sin. De réir a chéile fásann cnámh aibí ina ionad, agus tugtar "callas buan" air sin.
Bundúchasaigh na Tasmáine Áitíonn scoláirí áirithe nach raibh fáil ag Bundúchasaigh na Tasmáine ar áiseanna de chuid na mór-roinne, ar nós sleánna friofraic, uirlisí cnáimhe, búmarang, duán, fuála agus adhaint tine. Deirtear nach mbíodh acu ach aibhleoga a thugadh na fir leo ó áit go háit. Ach tá a mhalairt de thuairim ag scoláirí eile, agus tá cuntas ar adhaint tine ag na Tasmánaigh i gcáipéis de chuid na bliana 1887. Deirtear freisin go raibh an oiread sin bia ann nach raibh gá ag na Tasmánaigh le teicneolaíocht chasta: bhíodh uirlisí cnáimhe acu ach d’imigh na huirlisí sin as úsáid nuair ba mhó stró a ndéanta ná an tairbhe a bhainfí astu.
Siondróm cnámh briosc Galar dúchasach creatlaigh ina dtarlaíonn foirmiú easnamhach na gcnámh is na bhfíocháin tacaíochta ionas go mbíonn an creatlach an-bhriosc sobhriste. Má bhíonn an neamhord an-dian, is féidir go bhfulaingeoidh naíonán an iliomad bristí diana cnáimhe is go bhfaighidh bás ina leanbh. Muna mbíonn sé ródhian, is féidir go mairfidh sé go mbeidh sé fásta ach go bhfulaingeoidh briseadh cnáimhe ó am go chéile, sna géaga íochtaracha go háirithe. Uaireanta, tarlaíonn crandú is dathú gorm ar scléaraí na súl do na páistí seo.
Calafoirniam Ní féidir teacht ar an gcalafoirniam sa dúlra, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil iarsmaí mionbheaga de le fáil sna mianraí úráiniam. Is léir nach bhfuil ról ar bith ag dúil chomh tearc, chomh radaighníomhach sin sna horgánaigh bheo. A mhalairt ar fad, is dual don chalafoirniam carnadh sna cnámha agus dochar tromchúiseach a dhéanamh don smior cnáimhe.