Top 10 similar words or synonyms for loingeán

grianchloch    0.911870

dheascadh    0.903034

ndromchla    0.902865

deannach    0.902860

carbaihiodráití    0.901121

inslithe    0.899154

triodia    0.897638

snáithíneach    0.897534

matánach    0.896969

caitian    0.892082

Top 30 analogous words or synonyms for loingeán

Article Example
Loingeán Fíochán a chuireann breis leis an gcnámh sa chreatlach is féidir a bheith neamhbhuan (mar a bhíonn i gcnámhú ionchoindriach) nó buan (mar atá sa tsrón, na cluasa is an laraing). Cuimsíonn sé cealla beo agus ábhar idircheallach mórthimpeall orthu ina bhfuil snáithíní collaigine is/nó laistine. Níl sé crua ná láidir, agus is éasca é a ghearradh nó a ghortú le brú ard. Réasúnta neamhshoithíoch, agus cothaítear é le sreabháin na bhfíochán, ag dromchlaí na n-alt go háirithe. 3 phríomhshaghas atá ann. Cumann loingeán gloineata samhail neamhbhuan na cnáimhe, na plátaí eipifíseacha fáis, na loingeáin easnacha ag cinn na n-easnacha, an laraing, an traicé, agus na broncais sa chóras riospráide is fochra na sróine. Cuimsíonn snáthloingeán bán burlaí fíocháin bháin shnáithínigh, a thugann neart mór inteannta dó, agus atá i láthair sna dioscaí idirveirteabracha, sa pheilbheas, ar dhromchlaí na n-alt sa dealrachán, sa ghiall íochtarach, is sa ghlúin. Cuimsíonn snáthloingeán buí burlaí snáithíní gan ach rian d'fhíochán bán snáithíneach, agus tá i láthair sa chluas sheachtrach, an feadán éisteachta, is an t-eipeaglotas.
Fíochán tacaíochta Sa suth, déanann líonra scaoilte ceallach (an méiseincíoma) agus forbraíonn na fíocháin tacaíochta ar leith (cnámh, loingeán, cealla na fola, is saill) uaidh sin. I measc na ngalar a chuireann isteach ar an bhfíochán tacaíochta, tá siondróm Marfan agus ceallailíteas.
Callas Réigiún áitiúil den chraiceann ina bhfuil an ciseal eipideirmeach tiubhaithe mar thoradh ar thráma leanúnach fisiciúil. Tugtar "creagán" ar challas ar aghaidh na láimhe, agus "bonnbhualadh" nó "bonnleac" ar challas ar bhonn na coise. Tugtar callas ar fhíochán a fhoirmíonn i ndeisiú cnáimhe briste freisin. Cruthaítear loingeán snáithíneach is loingeán gloineata chun foircinn bhriste na cnáimhe a shéalú is a nascadh le chéile, agus tugtar "callas neamhbhuan" air sin. De réir a chéile fásann cnámh aibí ina ionad, agus tugtar "callas buan" air sin.
Faireog Thíoróideach Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad an hipirtíoróideach (tíoróideach róghníomhach ) agus an hipitíoróideacht (tíoróideach gannghníomhach ) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach.
Míochaine spóirt Is éard atá sa míochaine spóirt ná cúram míochaine do lúthchleasaithe. Tagann seachaint is cúram gortuithe ar na fíocháin bhoga i gceist (mar shampla, straidhn is stróiceadh na loingeán), gortuithe de bharr forúsáide (cosúil le hathlasadh i dteannáin nó taobh leo mar thoradh ar ghluaiseachtaí athdhéanta), bristí i dtimpistí nó de bharr an iomarca struis ar chnámha, agus tráma don inchinn mar a tharlaíonn i ndornálaíocht agus sacar.