Top 10 similar words or synonyms for young

lizzy    0.867701

crazy    0.860982

allen    0.848198

lynott    0.842372

jay    0.840609

miss    0.838983

band    0.838464

mrs    0.832185

stone    0.830577

child    0.829663

Top 30 analogous words or synonyms for young

Article Example
Young Frankenstein Scannán ag Mel Brooks is ea Young Frankenstein (""Frankenstein Óg"") (1974).
Neil Young Is ceoltóir Ceanadach é Neil Percival Kenneth Robert Ragland Young, nó Neil Young de ghnáth a rugadh i dTorontó, Ontario, ar an 12 Samhain 1945. Is cumadóir, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil é Young, agus ainm in airde aige ó thús a ghairme cheoil sna 1960idí go dtí an lá atá inniu ann. Tá saothar mór taifeadta agus eisithe ag Young le grúpaí ceoil éagsúla agus mar cheoltóir aonair. Tá an-mheas air mar cheoltóir, agus tionchar nach beag imeartha aige ar a lán ceoltóirí eile.
Neil Young Canann Young i nguth ard sainiúil, agus go bunúsach bíonn dhá phríomhsheánra le cloisteáil ina chuid oibre: ceol traidisiúnta suaimhneach ar thaobh amháin, agus rac-cheol ard agus salach ar an taobh eile. Chomh maith leis sin, tá triail bainte amach aige as go leor seánraí eile tríd na blianta.
Neil Young Rugadh Neil Young i dTorontó sa bhliain 1945, mac leis an úrscéalaí agus iriseoir spóirt Scott Young, agus a bhean chéile Rassy. Bhí roinnt cháile ar a athair mar scríbhneoir, agus bhí nóiméad sa spotsolas fiú ag a mháthair nuair a ghlac sí páirt i dtráth na gceist teilifíse i gCeanada. Bhí saol réasúnta compordach ag Young mar bhuachaill, in ainneoin go raibh roinnt fhadhbanna sláinte aige - fuair sé polaimiailíteas agus é sé bliana d'aois agus ansin titimeas ní ba dhéanaí.
Neil Young Sa bhliain 1966, d'fhág Young a bhanna agus a gcairde, agus thiomáin sé go dtí Los Angeles, in eileatram a cheannaigh sé agus ar ar thug sé Mort. I gCalifornia dó, bhuail sé le Stills arís, agus chuir siad grúpa nua le chéile in éineacht le Bruce Palmer agus an t-amhránaí Richie Furay. An t-ainm a thugadar air ná "Buffalo Springfield", agus bhí stíl cheoil a bhí áit éigin idir ceol traidisiúnta, rac-cheol agus ceol tíre. Bhain Buffalo Springfield lucht tacaíochta amach ar an toirt, agus d'éirigh siad go maith leis an gcéad albam a scaoil siad - "Buffalo Springfield", leis an singil “For What It’s Worth” a bhí cumtha ag Stills. Níorbh fhada gur thosaigh teannas ag fás idir Stills agus Young, príomhchumadóirí an bhanna, rud a tháinig chun solais go tapaidh nuair a chuaigh siad ar ais sa stiúideo chun an dara halbam a dhéanamh. Thosaigh Young ag caitheamh an chuid ba mhó dá ama amach ag seinm le daoine eile, nó ina aonar. Lean sé leis an obair áfach, agus tháinig an t-albam nua, "Buffalo Springfield Again" amach sa bhliain 1967, le cúpla sár-amhráin ó pheann Young. Bhí rath ag an albam arís, ach bhí sé socraithe i meon Young go raibh sé críochnaithe leo mar bhanna. Sa bhliain 1968, scar siad go hoifigiúil.
Neil Young Bhí Young socraithe síos anois mar cheoltóir aonair, ach chonaic sé gá fós grúpa éigin a fháil chun fuaim níos troime a thabhairt isteach sna rianta. Bhuail sé leis The Rockets don chéad uair i gCalifornia, banna beag a bhí tar éis a gceirnín féin a sheoladh sa bhliain 1968. Banna guthach den scoth a bhí ann, ach ní raibh siad in ann uirlis ar bith a sheinm. Níor chuir an rud seo as aisling Young ar chor ar bith, cé go raibh siad go dona fós fiú mar cheoltóirí nuair a bhí na huirlisí foghlamtha acu. Bhí Young an-tógtha leis an smaoineamh, mar bhí seisean den tuairim gur chuir an rud seo go mór le íonacht agus paisean an bhanna. Ina theannta sin, b'amhránaithe cearta iad, rud a bhí an-luachmhar agus iad ag seinm go beo. Bhunaigh Young an banna nua as baill The Rockets—Danny Whitten ar an ngiotár, Billy Talbot ar an ndordghiotár agus Ralph Molina ar na drumaí—ar a bhaist sé Crazy Horse, ón té stairiúil leis an ainm céanna. Thaifead siad albam lán nua taobh istigh de choicís, "Everybody Knows This Is Nowhere", leis na hamhráin cháiliúla "Cowgirl in the Sand" agus "Down by the River". Ba thoradh an-mhaith é, agus bhí Young an-sásta leis.
Neil Young Ag an am sin, bhí grúpa nua curtha le chéile ag a sheanchara Stephen Stills - Crosby, Stills agus Nash - le David Crosby ó The Byrds agus an ceoltóir Sasanach Graham Nash ó The Hollies. Saghas sár-ghrúpa a bhí ann, ina raibh triúr de na ceoltóirí ba rathúla sna laethanta seo. D'aontaigh Young áit a ghlacadh sa ghrúpa, agus cuireadh a shloinne isteach in ainm an bhanna. I rith na bliana dár gcionn, sheinn siad le chéile ag Woodstock, agus d'eisigh siad na halbaim "Déjà Vu" sa bhliain 1970 agus "Four Way Street" sa bhliain 1971.
Neil Young Bhí Young gnóthach fós sna 1980idí, ach ní raibh mórán ratha aige leis na halbaim "Hawks & Doves" agus "Re-ac-tor". Tar éis sin, chuaigh sé i dtreo ceoil nua arís, ceann a bhí an-trialach agus aisteach. An t-albam is trialaí a tháinig uaidh ná "Trans", seolta sa bhliain 1982. Ceol leictreonach a bhí ann, ag baint feidhm as éifeachtaí agus an teicneolaíocht nua. Chuir Young suim mhór i gcúrsaí teicneolaíochta, ní amháin ina chuid ceoil, agus ina shaol pearsanta chomh maith, agus é ag iarraidh cabhair a thabhairt dá mhac Ben, a rugadh le pairilis cheirbreach freisin. Bhunaigh Neil agus Pegi Young an Bridge School sa bhliain 1986 chun chuidiú le Ben agus páistí eile. Rugadh iníon dóibh freisin, Amber Jean, a raibh titimeas uirthi, mar atá ar Neil chomh maith.
Neil Young Tháinig Young ar ais i bhfaisean go tobann sna 1990idí. Chuir sé amach rac-albam nua "Ragged Glory" le Crazy Horse, agus chas sé le cúpla banna a bhí ag éirí rathúil ag an am, mar shampla Sonic Youth agus Soundgarden. Bhí Young luaite mar thionchar mór ar a gcuid ceoil ag roinnt ceoltóirí grúinse, mar thoradh thosaigh na meáin ag tabhairt "Athair baistí an ghrúinse" ar Young. Nuair a chuir ceannaire Nirvana Kurt Cobain lámh ina bhás féin sa bhliain 1994, chuir sé líne ó amhrán Young ina nóta féinmharaithe "It's better to burn out than to fade away". Thosaigh Young cairdeas freisin leis na grúinseoirí mór le rá eile Pearl Jam, agus sheinn siad le chéile ar MTV. Mar thoradh, chuaigh ceol Young i bhfeidhm arís ar an nglúin óg. Chuaigh Pearl Jam isteach sa stiúideo leis chun an ceirnín "Merkinball" a dhéanamh, agus chuadar amach le chéile ar chamchuairt domhanda. Ina dhiaidh sin, sheol Young albam nua a bhain rath mór amach arís, "Harvest Moon", agus sheinn sé ar MTV Unplugged. Rinne an stiúrthóir scannán Jim Jarmusch scannán faisnéise dar teideal "The Year of the Horse" le Neil Young. Bhí an scannán faisnéise bunaithe ar thuras 1996 le Neil Young agus Crazy Horse. Sa bhliain 1998 chuaigh Young ar an ardán le Phish ag Farm Aid agus ansin arís ag ceolchoirm ar son an Bridge School. Sa bhliain 1999, tháinig Young agus Crosby, Stills and Nash le chéile arís i gcomhar turas sna Stáit Aontaithe agus Ceanada a thug isteach $42.1 milliún dollar.
Neil Young Sa bhliain 2006, agus an cogadh san Iaráic faoi lán seoil, scaoil Young albam nua dar theideal "Living With War", rud a chuir sé le chéile go tapa agus inar cháin sé polasaithe cogaidh an Uachtaráin George W. Bush de bharr an chostais dhaonna an chogaidh ar na saighdiúirí, a muintir agus sibhialtaigh. Chas sé na hamhráin nua ar an Freedom of Speech Tour '06, turas a rinne sé mar bhall de Crosby, Stills, Nash & Young. Fuair sé idir fháilte agus cháineadh óna lucht éisteachta. Bhí áit sna hamhráin ar an albam sin dá dhearcadh ar an timpeallacht freisin agus sa bhliain 2007 chuir sé amach albam, "Chrome Dreams II", ina léirigh na líricí a chuid smaointe ar an ábhar céanna. Lean Young leis na ceolchoirmeacha Farm Aid mar sheinnteoir agus amhránaí, agus mar bhall de bhord stiúrthóirí Farm Aid, ceann de na sraitheanna ceolchoirmeacha carthanacha is fadtéarmaí dá bhfuil ann agus $43 milliún bailithe acu ón mbliain 1985 i leith chun cuidiú le feirmeoirí beaga.