Top 10 similar words or synonyms for voltas

sreabhadh    0.862384

voltais    0.861922

lionsa    0.860756

sreabhán    0.843299

cóimheas    0.838033

luchta    0.837977

ghal    0.834640

sruth    0.828844

tsolais    0.827006

atmaisféir    0.825515

Top 30 analogous words or synonyms for voltas

Article Example
Dé-óid Zener Comhchumar leathsheoltóra a mhéadaíonn an sruth cúl-laofa (cliseadh) go mór nuair a shroicheann an voltas cúl-laofa luach ar leith níos lú ná 6 V. Ainmnithe as an bhfisicí Meiriceánach Clarence Zener (1905-1993). Iarmhairt inathdhéanta inchasta, in úsáid i gciorcaid chun voltas a bhuanú.
Polaragrafaíocht Staidéar ar an ngaol idir an sruth is an voltas i gcill leictriceimiceach. Chuige seo, athraítear voltas na leictreoide gníomhaí sa chill leictriceimiceach go forchéimnitheach i leith caighdeáin tagartha, agus tomhaistear an sruth. Bíonn méaduithe géara srutha ag voltais ar leith sainiúil d'iain ar leith sa tuaslagán leictrilíteach, agus is féidir iad a úsáid le haghaidh anailíse cainníochtúla is cáilíochtúla.
Dlí Ohm Is riail bhunúsach í i gcúrsaí srutha leictrigh. “Má bhíonn foinse voltais mar chill leictreach nó dineamó ann, agus má cheanglaítear ceann amháin de sheoltóir miotalach líneach le teirminéal dearfach na foinse, is an ceann eile leis an teirminéal diúltach, sreabhann sruth leictreach tríd an seoltóir. Is é an voltas a fheidhmíonn chun an sruth a bhrú chun tosaigh, agus is é dlí Ohm go bhfuil an sruth direach i gcomhréir leis an voltas idir cinn an tseoltóra, nó go bhfuil an cóimheas idir voltas (i voltais, V) is an sruth (in aimpéir, A) ina thairiseach” .
Ultrasonaic Is féidir ultrafhuaim a ghiniúint go saorga má dhéantar dromchla nó struchtúr a chrith le minicíocht ultrafhuaime. Déantar a leithéid le criostal písileictreach go hiondúil. Léiríonn criostal mar seo an iarmhairt phísileictreach, ionas go n-athchumtar é nuair a chuirtear voltas trasna air is go ngintear voltas trasna air nuair a athchumtar go meicniúil é. Má chuirtear voltas ailtéarnach ar mhinicíocht ultrafhuaime trasna air, critear an criostal ag an minicíocht sin agus gintear ultrafhuaim san aer mórthimpeall. Is féidir ultrafhuaim a bhrath le criostal písileictreach freisin.
Príomhchumhacht Ní bhíonn voltas na príomhchumhachta níos airde ná 240 V ná níos ísle ná 100 V, agus bíonn an sruth 50 Hz nó 60 Hz ar mhinicíocht.
Trasraitheoir Is feistí beaga tathagacha slána (de bhrí go bhfeidhmíonn siad ag voltas íseal) iad, agus ní gá ach cumhacht íseal len iad a fheidhmiú.
Taisc-chill luaidhe airgid Úsáidtear í in inneall gluaisteán. Is féidir í a athluchtú trí shruth leictreach a sheoladh siar tríd. Déantar na leictreoidí sa chill i bhfoirm greillí as cóimhiotal luaidhe is antamóin. Líontar an leictreoid dhiúltach le taos sárocsaíd luaidhe, agus an leictreoid dhearfach le taos luaidhe. Déantar barr na taisc-chille a shéalú chun galú na leictrilíte a laghdú, ach fágtar poll ann chun gur féidir teacht ar an tuaslagán len é a thástáil is a athnuachan. Voltas timpeall 2 V idir na plátaí nuair a bhíonn an taisc-chill nua, agus dlús coibhneasta timpeall 1.25 ag an tuaslagán. Nuair a thógtar sruth ón taisc-chill, is amhlaidh a chumtar sulfáit luaidhe ar an dá phláta, agus dá bharr sin titeann an voltas is dlús coibhneasta an tuaslagáin araon. "Díluchtú" a thugtar ar an bpróiseas seo. Má chumtar an iomarca sulfáit luaidhe, titeann an voltas faoi bhun 1.9 V is an dlús coibhneasta faoi bhun 1.18. Déantar an dlús coibhneasta a thástáil go rialta le hidriméadar chun staid na taisc-chille a chinntiú. Déantar an t-athluchtú trí shruth a sheoladh isteach sa taisc-chill tríd an leictreoid dhearfach ó fhoinse éigin a bhfuil a voltas níos mó ná voltas na taisc-chille féin. Le linn an luchtaithe, cúlaítear na himoibrithe díluchtaithe go léir, méadaíonn an voltas i dtreo 2 V is dlús coibhneasta na leictrilíte i dtreo 1.25.
Friotaíocht agus seoltas leictreach Sainmhínítear friotaíocht (R) réada mar an cóimheas idir an voltas trasna air (V) agus an sruth tríd (I), cé go bhfuil an seoltacht leictreach (G) ina inbhéartach.
Coisceas I gciorcaid srutha ailtéarnaigh (SA), tomhas ar an teorannú ar shruth, ar aon dul leis an bhfriotaíocht i gciorcaid srutha dhírigh (SD). Sainmhínítear é mar an voltas, roinnte ar an sruth. Úsáidtear Z mar shiombail dó, agus tomhaistear é in óim (Ω). Is cainníocht choimpléascach é, le cuid réadach atá cothrom leis an bhfriotaíocht, agus cuid shamhailteach a bhraitheann ar ionduchtas is toilleas na gcomhbhaill ciorcaid. Sa chás seo bíonn difríocht pais idir an sruth meandarach is an voltas meandarach.
Óm Aonad na friotaíochta leictrí, ar siombail dó Ω. Ionann is friotaíocht friotóra le voltas aon volta (1 V) idir a theirminéil a bhfuil sruth aon aimpéar (1 A) ag rith ann. Ainmnithe as Georg Ohm.