Top 10 similar words or synonyms for thoscaireacht

kursk    0.879883

mionúrach    0.875894

chomhnaidhm    0.856010

eitlíochta    0.855775

dtiarnas    0.853532

mikkeli    0.849303

aneurin    0.849197

náisiúnaigh    0.849052

ilsaothar    0.848815

sverdlovsk    0.842525

Top 30 analogous words or synonyms for thoscaireacht

Article Example
Art Ó Gríofa Polaiteoir Éireannach ab ea Art Ó Gríofa, "Art Ó Gríobhtha" tráth, nó "Arthur Griffith" as Béarla (31 Márta, 1872 - 12 Lúnasa, 1922), a bhunaigh Sinn Féin. Chaith sé tréimhse ina uachtarán ar Dháil Éireann ó Eanáir go mí Lúnasa 1922, agus ba é a bhí ina cheann ar thoscaireacht na hÉireann a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921.
Ailéin de Diúc Fuair sé post mar eacnamaí le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an "'IFA") sa bhliain 1969. Chuaigh Éire isteach sa Comhmhargadh sa bhliain 1973 agus bhog de Diúc go dtí An Bhruiséil mar chuid de thoscaireacht an IFA. Chaith sé tamall ag obair mar cheann foirne an Choimisinéara Eorpach ó Éirinn, Risteard de Búrca.
Na Trioblóidí Is léir nach raibh Whitelaw sásta glacadh leis na héilimh seo. Go bunúsach, bhí sé fonnmhar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le maolú ar chruachás na gCaitliceach i dTuaisceart Éireann, agus shíl sé go bhféadfadh sé cuidiú a fháil ó thoscaireacht na Sealadach leis na leasuithe seo a dhréachtú agus a phleanáil. Maidir leis na toscairí, áfach, bhí port eile ar fad á sheinm acusan: bhí siad meáite ar athaontú na hÉireann a bhaint amach. Bhí siad fonnmhar chun sceideal na n-ullmhúchán don athaontú a phlé le Whitelaw agus spás ama a ghéilleadh do na Sasanaigh ar chúiseanna praiticiúla, ach sin a raibh ann.
Mícheál Ó Coileáin Ina áit sin, bhronn sé lánchumhacht ar thoscaireacht a chuir sé go Londain. Is é is brí leis an "lánchumhacht" ná go raibh sé ar chumas na dtoscairí seo conradh síochána a shíniú leis na Gaill gan faomhadh a fháil roimh ré uaidh féin. B'iad Art Ó Gríofa agus Mícheál Ó Coileáin a chuaigh i gceannas ar an toscaireacht. Bhí an Coileánach iontach míshásta leis an gcomhairle seo, nó is é an tuairim a bhí aige féin ná gur chóir do Dev féin na cúrsaí seo a phlé leis na Sasanaigh. Ina dhiaidh sin is uile, thoiligh sé dul go Londain.
Cogadh Cathartha na Fionlainne Cogadh ab ea Cogadh Cathartha na Fionlainne (Fionlainnis: "sisällissota" nó "kansalaissota"; úsáideann lucht na heite deise an t-ainm "vapaussota" nó "Cogadh na Saoirse", agus d'fheicfeá an leagan "luokkasota" nó "Cogadh na nAicmí" ag scríbhneoirí ón eite chlé; uaireanta, baintear leas as na leaganacha "vuoden 1918 sota", cogadh na bliana 1918, nó "vuoden 1918 tapahtumat", imeachtaí na bliana 1918) a fearadh san Fhionlainn idir trúpaí Sheanad na Fionlainne (arbh ionann é agus rialtas na Fionlainne san am) agus gardaí Thoscaireacht Pobail na Fionlainne idir an 27 Eanáir agus an 16 Bealtaine 1918. Thugtaí "na Dearga" nó "na Gardaí Dearga" ar thrúpaí na Toscaireachta Pobail, agus b'iad "na Bána" nó "na Gardaí Bána" díormaí an tSeanaid. Fuair na Dearga tacaíocht ón Rúis Shóivéadach, agus tháinig Arm Impireacht na Gearmáine chun fortachta do na Bána. Bhí roinnt óglach ón tSualainn ag cuidiú leis na Bána fosta.
Cogadh Cathartha na Fionlainne Bhí an foréigean polaitiúil - an Sceimhle Dearg agus an Sceimhle Bán, mar a deirtear - fite fuaite le cogadh na bliana 1918. Ba chúis náire don dá thaobh an oiread daoine is a cuireadh chun báis gan chúis ceart, agus rinneadh iarrachtaí na básuithe a mhíniú mar fhoréigean primitíbheach nach raibh go díreach ag teastáil ó aon duine de lucht an cheannais. Is é tuiscint na staraithe ar an mbliain 1918 inniu gur cuid dhoscartha den chogaíocht féin a bhí i gceist le sceimhliú na sibhialtach. Fuair an oirbheartaíocht seo spreagadh ó na cogaí cathartha a cuireadh roimh an gceann seo, ó na feachtais fhorleathana sceimhlithe le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus ón bhforéigean polaitiúil a bhí ag éirí coitianta san Fhionlainn roimh an gcogadh cathartha. B'é ba chuspóir leis an sceimhliú ná struchtúir chumhachta an namhad a scrios agus lagmhisneach a chur ar lucht a leanúna. Díoltas pearsanta nó áitiúil a bhí i gceist i gcéatadán áirithe de na básuithe, ach glactar leis go raibh an tríú cuid den Sceimhle Dearg pleanáilte d'aonturas ag lucht ceannais na nDearg. Maidir leis an Sceimhle Bán, tharla an chuid ba mhó de nuair a ghabh na Bána na críocha Dearga, agus is dóigh leis na staraithe gur cogaíocht phleanáilte eagraithe a bhí i gceist leis. Bhí an dá rialtas - idir Thoscaireacht Pobail na nDearg i Heilsincí agus Seanad na mBán i Vaasa - ag áitiú go raibh siad in aghaidh oirbheartaíocht an sceimhle.