Top 10 similar words or synonyms for thaiscéalaí

theangeolaí    0.857692

mhatamaiticeoir    0.834819

germaine    0.824130

markus    0.823783

gloster    0.822088

millikan    0.821130

zhizn    0.820519

bhrianaigh    0.820099

walther    0.819891

судьба    0.818338

Top 30 analogous words or synonyms for thaiscéalaí

Article Example
Robert O'Hara Burke Ba thaiscéalaí Éireannach é Robert O'Hara Burke (6 Bealtaine 1820 – 28 Meitheamh 1861), an chéad fhear bán a thaistil trasna mhórthír na hAstráile.
Jacques Cartier Ba thaiscéalaí Francach é Jacques Cartier (31 Nollaig 1491 - 1 Meán Fómhair 1557, a rugadh faoin ainm Jakez Karter). Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Ceanada.
Roald Amundsen Ba thaiscéalaí Ioruach é Roald Engelbregt Gravning Amundsen (16 Iúil 1872 – 18? Meitheamh 1928). Bhi Amundsen agus a fhoireann Ioruach ar na chéad daoine a shroich an Pol Theas i 1912.
Jules Dumont d'Urville Ba thaiscéalaí Francach é Seach-Aimiréal Jules Sébastien César Dumont d'Urville (23 Bealtaine 1790, Condé-sur-Noireau – 8 Bealtaine 1842, Meudon), a thaiscéal an tAigéan Ciúin deisceartach, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Antartaice.
Hernán Cortés Ba thaiscéalaí Spáinneach é Hernán Cortés (rugadh 1485 - bhásaigh 2 Nollaig 1547) a chuir impireacht na nAstacach i Meicsiceo faoi chois le harm an-bheag. Spreag sé sin daoine eile chun saibhreas an Domhain Nua a lorg dóibh féin.
Tom Crean Ba thaiscéalaí Éireannach Antartach é Thomas "Tom" Crean (Gaeilge: Tomás Ó Croidheáin, 20 Iúil 1877 – 27 Iúil 1938). Rugadh é i mbaile Abhainn an Scáil i gContae Chiarraí. Chuaigh sé sa gCabhlach Ríoga nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois, ag insint bréige faoina aois chun dul isteach.
Francis Galton Eolaí Sasanach ba ea an Ridire Francis Galton (16 Feabhra 1822 – 17 Eanáir 1911). Ba antraipeolaí é chomh maith le bheith ina thaiscéalaí, chumadóir, staitisticeoir, cheannródaí san eoiginic, agus imscrúdaitheoir mheon an duine. Eisean freisin bunaitheoir na heolaíochta a thomhasann acmhainní meabhracha, .i. síceamhéadracht. Ba bhall den Royal Society é agus rinneadh ridire de sa bhliain 1909. Ba chol ceathrair é le Charles Darwin.
George Back Taiscéalaí an Artaigh, nádúraí agus ealaíontóir a rugadh i Stockport Shasana ab ea George Back (6 Samhain 1796 – 23 Meitheamh 1878). Sheol sé leis an taiscéalaí John Franklin ar aistir go dtí an Mol i 1818-1822 is 1825-1827. I 1833-1835 chuaigh sé sa lorg ar thaiscéalaí eile, John Ross: tháinig sé ar Loch na hAirtléire is Abhainn Mhór na nIasc (a dtugtar "Abhainn Back" uirthi anois) agus lean í don Aigéan Artach.
Pioneer Sraith spásárthach réasúnta simplí a choinnítí cobhsaithe trí ghuairneáil, a lainseáil na Stáit Aontaithe (1958-1978). Eitiltí don Ghealach a bhí i bPioneer 1-3 nach raibh ró-rathúil. Rinne Pioneer 4-9 taiscéaladh ar an meán idirphláinéadach ar fhithisí mórthimpeall na Gréine ag fad timpeall 1 AU uaithi (fad an Domhain féin ón nGrian). D'eirigh le Pioneer 10 is 11, a lainseáladh i 1972 is 1973, na chéad eitiltí thar Iúpatar a dhéanamh i 1973 is 1974, an chéad eitilt thar Shatarn (Pioneer 11 i 1979), agus an chéad taiscéaladh ar theorainn iarmhairt na Gréine (an héileastad). Rinne Pioneer 12 Véineas a fhithisiú den chéad uair, agus sheol Pioneer 13 4 thaiscéalaí síos trí atmaisféar Véineas lena thástáil i 1978. NASA a bhainistigh an clár iomlán seo.
NASA Cé gurbh iad na misiúin faoi lán foirne ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar NASA, is iomaí misiún róbatach a chuir an t-údarás ar siúl sna luathbhlianta féin. Sa bhliain 1962, scaoileadh an spástaiscéalaí róbatach úd Mariner a Dó chun bealaigh, agus ba é an chéad spásárthach a d'eitil thart le pláinéad eile agus a thóg grianghrafanna de - Véineas a bhí i gceist ansin. Roimh an chéad tuirlingt a rinne spásairí ar an nGealach, rinne na taiscéalaithe róbatacha Lunar Orbiter, Ranger, agus Surveyor agus a leithéidí eile an-obair ag bailiú eolais le haghaidh an chéad turas eile faoi lán foirne. I ndiaidh chlár Apollo, thuirling dhá thaiscéalaí róbatacha de shraith Viking ar Mhars agus iad ag tógáil grianghrafanna daite ar dhroim an phláinéid dhearg. Ina dhiaidh sin, áfach, chuala an saol mór ar Voyager agus ar Pioneer, agus na pictiúirí a fuarthas uathu nuair a chuaigh siad thart ar na pláinéid mhóra gháis, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún.