Top 10 similar words or synonyms for tantalaim

gn    0.919308

optical    0.913764

srónach    0.912151

tauri    0.911949

leathrialta    0.909995

caco    0.909637

molaibdéineam    0.907672

cu    0.906748

dysnomia    0.906535

neamhghlórach    0.905788

Top 30 analogous words or synonyms for tantalaim

Article Example
Tantalam Is iad +5 agus +4 an dá uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí, +5 ach go háirithe. Is í an pheantocsaíd tantalaim (nó an pheantocsaíd dé-thantalaim ab fhearr a rá), TaO, an chomhdhúil is cobhsaí, agus í tábhachtach i sintéisiú na gcomhdhúl tantalaim eile.
Tantalam Tá a lán mianraí éagsúla ann ina bhfuil tantalam le fáil: tantailít (ocsaídí an tantalaim, an niaibiam, an iarainn agus na mangainéise), micrilít (ocsaídí an chailciam, an tsóidiam agus an tantalaim), eoixéinít (ocsaídí an chailciam, an niaibiam, an tantalaim, an cheiriam, an tiotáiniam, an itriam, an úráiniam, agus an tóiriam), agus araile. Is minic a dhearctar ar an tantailít agus ar an gcolaimbít (an niaibít) mar dhá leagan den mhianra chéanna: nuair a bhíonn an niaibiam níos flúirsí ann, tugtar colaimbít nó niaibít air, agus nuair a bhíonn níos mó tantalam ann, deirtear gur tantailít atá ann.
Niaibiam Ó thaobh na ceimice agus na fisice féin de, tá an niaibiam an-chosúil leis an tantalam, agus bíonn sé deacair an dá dhúil seo a aithint thar a chéile. Ba é an ceimiceoir Sasanach Charles Hatchett a thug an chéad chur síos ar dhúil nua a raibh airíonna an tantalaim aici, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an dúil seo ná colaimbiam, thiar sa bhliain 1801. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, tháinig ceimiceoir Sasanach eile, darbh ainm William Hyde Wollaston, tháinig sé ar an tátal neamhfhírinneach ná gurbh ionann an colaimbiam agus an tantalam. Ligeadh an colaimbiam i ndearmad go ceann i bhfad, ach sa bhliain 1846, phostaláidigh an ceimiceoir Gearmánach Heinrich Rose go raibh dúil eile seachas tantalam le fáil i mianraí an tantalaim. Is eisean a bhronn ainm an niaibiam ar an dúil seo. Faoi lár na 1860idí, rinneadh sraith d'fhionnachtana eolaíochtúla a thaispeáin gurbh ionann an niaibiam agus an colaimbiam a bhí aitheanta ag Hatchett i dtús na naoú haoise déag. Ar an drochuair. bhí Hatchett ag iompar na bhfód ón mbliain 1847 i leith. Cibé scéal é, mhair na ceimiceoirí ag tabhairt an dá ainm - idir cholaimbiam agus niaibiam - ar an miotal seo, go dtí gur ghlac Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí le "niaibiam" mar ainm oifigiúil sa bhliain 1947.