Top 10 similar words or synonyms for tamailis

austro    0.933012

romainis    0.921375

tsieneg    0.919870

peirsis    0.918965

bulgáiris    0.916697

neipeailis    0.903663

tatairis    0.898719

seicis    0.896949

slóvaicis    0.896838

vítneaimis    0.896012

Top 30 analogous words or synonyms for tamailis

Article Example
An Tamailis Is í an Tamailis ("தமிழ்") an ceann is tábhachtaí de na teangacha Dráivideacha, is é sin, teangacha bundúchasacha Dheisceart na hIndia. Teanga oifigiúil í i stát Tamil Nadu san India, i Srí Lanca (in éineacht leis an tSiolóinis), agus i Singeapór (in éineacht leis an mBéarla, an tSínis, agus an Mhalaeis).
An Tamailis Ceann de theangacha clasaiceacha na hIndia í an Tamailis. Is é "Tolkappiyam", gramadach na Sean-Tamailise, an téacs is sine sa teanga, ach is deacair a rá, cén t-am a scríobhadh é. Cuid de na saineolaithe, tá siad ag áitiú gur breacadh an téacs síos i bhfad roimh bhreith Chríost, agus an chuid eile barúlach go mbaineann sé leis an ochtú haois AD. Dealraíonn sé nach bhfuil sé níos nua ná sin, áfach.
An Tamailis Focal Tamailise sa Ghaeilge é "curaí", is é sin an spíosra ar a dtugtar "curry" as Béarla, an teanga ónar tháinig an leagan Gaeilge.
An Tamailis Cosúil leis na teangacha Dráivideacha eile, is teanga tháite (teanga shintéiseach) í an Tamailis, is é sin, cuirtear a lán iarmhíreanna leis na focail le hiad a dhíochlaonadh nó a réimniú. Tá a haibítir féin aici, cosúil leis na mórtheangacha Dráivideacha eile. Baineann na Tamalaigh úsáid as an aibítir seo nuair a scríobhann siad Sanscrait freisin, agus má scríobhtar teangacha na mionlach eitneach i Stát Tamil Nadu ar aon nós, is í an aibítir seo a úsáidtear.
Margadh Lárnach, Kuala Lumpur Ní agus díol spéise in Kuala Lumpur, an Mhalaeisia is ea Margadh Lárnach Kuala Lumpur (Malaeis: Pasar Seni Kuala Lumpur; Sínis: 吉隆坡中央艺术坊; Tamailis: மத்திய சந்தை). Pasar Budaya a thugtar air freisin i Malaeis.
Singeapór Tá 5,076,700 duine ina gcónaí i Singeapór de réir an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 2010. Orthu sin, rugadh 2.91 mhilliún duine sa tír. An Búdachas an creideamh is coitianta. Is í an Chríostaíocht an dara ceann. Tá ceithre teangacha oifigiúla ann, mar atá, Béarla, Sínis, Malaeis agus Tamailis.
An Fhraincis Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i bPondicherry san India, an t-aon áit amháin a choinnigh na Francaigh acu féin sa tír tar éis do na Sasanaigh teacht i dtreis. Tá "lycée", nó meánscoil Fhrancach, ann fós. Is í an Tamailis an teanga is mó atá i réim ansin, áfach.
An tAontas Eorpach Seachas na teangacha réigiúnacha, labhraíonn pobail imirceacha sna Ballstáit a lán teangacha ó chodanna eile den domhan: Tuircis, Araibis, Rúisis, Urdais, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Úcráinis, Puinseáibis agus teangacha Balcánacha. Tá a lán seanphobal imirceach dátheangach. Níl aon aitheantas nó stádas foirmiúil ag teangacha imirceacha san AE nó i dtíortha an AE, ach ó 2007 tá na teangacha sin i dteideal tacaíocht a fháil ó rannóg teagaisc teangacha an AE, Clár Foghlama Saoil 2007-2013.
Srí Lanca Is éard atá in Srí Lanca ná náisiún oileánach in Áise Theas. Tá sí suite 31 ciliméadar (18½ mi) theas ó chósta deisceartach na hIndia. Is é Sri Jayawardenepura Kotte an phríomhchathair ach is é Colombo an chathair is mó. Is iad na teangacha oifigiúla ná Tamailis agus Siolóinis. Fuair an tír a cuid neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe sa bhliain 1948. D'éirigh sí mar phoblacht sa bhliain 1972. Bhí níos mó ná 19,500,000 duine ina gcónaí sa tír sa bhliain 2005.