Top 10 similar words or synonyms for taisme

drogo    0.854391

míostraithe    0.806653

síciatrach    0.799019

éifeachtúlacht    0.797267

clodagh    0.797051

labrinth    0.791571

táscaire    0.786580

magnanime    0.785598

od    0.781966

dioplómatúil    0.780959

Top 30 analogous words or synonyms for taisme

Article Example
Comhtholgadh Is éard atá i gceist le comhtholgadh ná staid inchúlaithe neamhaireachtála a fhéadfaidh tarlú díreach i ndiaidh buille trom don cheann, ach a leanann níos faide ná an tráma féin. Nuair a thagann duine chuige féin bíonn a chuimhne ar an taisme lagaithe, agus ar ar tharla roimhe sin freisin b'fhéidir (aimnéise aisiompaithe). Ní bhíonn damáiste garbh déanta don inchinn, ach anois is arís damáiste inchúlaithe do néaróin.
Louis Braille Oideachasóir a rugadh i gCoupvray na Fraince ab ea Louis Braille (4 Eanáir 1809 – 6 Eanáir 1852). Dall ó 3 bhliain d'aois de bharr taisme le meana. I 1829 d'fheabhsaigh sé córas scríofa le pointí ardaithe a cheap Charles Barbier le húsáid mar scríobh oíche ar pháirc an áir. Ag obair le meana ar pháipéar, laghdaigh sé líon na bponcanna ó 12 go dtí 6, d'eagraigh in ionaid ar leith iad chun litreacha na haibítre a chódú, agus chuir ar chumas daoine dalla léamh is scríobh.
Steiriliú San aiseipteacht, baint gach miocrorgánach chun siúil ó dhromchlaí na colainne (an craiceann, mar shampla) nó créachtaí, agus laghdú na dóchúlachta go dtabharfar miocrorgánaigh isteach ar an othar trí neamhaird nó taisme le linn cóireála. Is annamh a bhaintear an staid idéalach seo amach in obráidí máinliachta, mar shampla, ach déantar gach iarracht le steiriliú an chraicinn, caitheamh lámhainní is gúnaí steirilithe, steiriliú na ndromchlaí, na n-uirlisí, na maipíní is na mbindealán le teas nó ceimiceáin, agus baint an aeir shalaithe amach ón obrádlann.
Turraing Téarma ginearálta ar staid shíceolaíoch imeagla nó cumha a tharlaíonn i ndiaidh taisme tobainne, tubaiste nó báis. Sa mhíochaine, is staid chliniciúil í ina mbíonn brú is imshruthú na fola róbheag chun an inchinn is na horgáin eile a choinneáil ag feidhmiú. Is féidir go dtarlóidh sí mar gheall ar chailliúint fola, caidéalú easnamhach na fola ag an gcroí, nó toilleadh na bhfuileadán a mhéadú go tobann chun gur féidir leo i bhfad níos mó fola a chuimsiú ná mar is gnách. Má tharlaíonn cur trom fola i ndiaidh tráma, is féidir go dtarlóidh turraing mar nach leor gnáthchrapadh na bhfuileadán chun an chailliúnt i dtoirt na fola a chúiteamh. Is féidir go dtarlóidh teip i gcoinneáil an bhrú fola is gá mar thoradh ar theip ghéar an chroí de bharr ionfharchtaidh mhiócairdiach. Uaireanta tarlaíonn leathadh mínormálta na bhfuileadán de bharr seipticéime, agus titeann brú na fola dá thoradh.
Garchabhair Cóireáil is bainistiú íobartaigh ag ionad taisme nó tubaiste. Más comhfhiosach an duine, is gá stop a chur le haon rith fola trí bhrú ar an gcréacht le cóiriú, málaí plaisteacha nó páipéar, agus an t-othar a chur ina luí go cothrom. Má bhíonn a mhuineál gortaithe agus má bhogtar é go neamhchúramach nó go neamhsciliúil, féadfar gortú trom doleigheasta a dhéanamh dó. Ar chaoi eile, ba cheart an t-othar a ardú ar chlár réidh, más gá, agus cuaire normálta chnámh an droma coinnithe gan athrú. Is féidir cléithín simplí a dhéanamh ar chos trí bhindealán a chur mórthimpeall an dá chos, nó ar lámh trí bhindealán a chur mórthimpeall na láimhe is na colainne le chéile. Ní ceart aon sreabhán a thabhairt dó, tae, alcól ná eile. Má bhíonn an t-othar neamhchomhfhiosach, is ceart na céimeanna céanna a dhéanamh, ach má bhíonn a análú nó a chroí stoptha, is gá athbheochan chardascamhógach a dhéanamh air go práinneach.