Top 10 similar words or synonyms for téalainnis

tsieneg    0.906446

vítneaimis    0.897496

tamailis    0.891196

bulgáiris    0.888897

cróitis    0.886555

peirsis    0.886473

eastóinis    0.881571

seoirsis    0.881445

seicis    0.874561

tibéidis    0.872701

Top 30 analogous words or synonyms for téalainnis

Article Example
An Téalainnis Is í an Téalainnis (ภาษาไทย, phasa thai; AFI [pʰaːsaːtʰɑj]) teanga náisiúnta agus oifigiúil na Téalainne. Is í teanga dhúchais na dTéalannach, is é sin, an dream eitneach is mó agus is láidre sa Téalainn, agus is ceann de na teangacha Thai-Kadai í. Glactar leis gurb é deisceart na Síne ba dúchas do lucht labhartha na dteangacha seo ar dtús, agus tá ceann acu, an teanga Zhuang, á labhairt ansin i gcónaí. Tá teangeolaithe áirithe den bharúil, áfach, gur féidir go bhfuil nasc éigin idir na teangacha Thai-Kadai agus na teangacha Astrainéiseacha, na teangacha Astráiseacha nó na teangacha Sínea-Thibéadacha.
An Téalainnis Teanga thonúil í an Téalainnis, agus ní bhaintear mórán úsáide as míreanna gramadaí inti - is teanga scoite (teanga anailíseach) í, mar sin. Tá sí ó dhúchas ag 65 mhilliún duine, ach bíonn canúintí éagsúla ann ar fud na Téalainne, cuid acu an-difriúil, agus uaireanta is deacair a rá cé acu canúint Téalainnise nó teanga ghaolmhar atá á labhairt in áit nó i réigiún áirithe. Tá an Laoisis, teanga náisiúnta Laos, an-chosúil leis an gcanúint Téalainnise a labhraítear i dtuaisceart na Téalainne, mar shampla. Is léir, áfach, go bhfuil na canúintí seo go léir ag éirí níos cosúla leis an Téalainnis chaighdeánach faoi thionchar na meán cumarsáide.
An Téalainnis Tá stíleanna éagsúla in úsáid sa Téalainnis: Téalainnis na sráide, an Téalainnis mhórluachach, an Téalainnis reitriciúil, an Téalainnis Ríoga agus an Téalainnis reiligiúnach. Sa Téalainnis Ríoga, úsáidtear a lán focal ón gCiméiris (teanga náisiúnta na Cambóide), agus bíonn a lán focal ó theangacha naofa an Bhúdachais - an tSanscrait agus an Pháilis - le cloisteáil sa Téalainnis reiligiúnach.
Téalannaigh Is grúpa eitneach Áiseach iad na Téalannaigh. Is í Téalainnis a bpríomhtheanga.
Cat Siamach Ceann den na chéad pórtha ar leithligh é an cat Siamach (Téalainnis: วิเชียร มา ศ, RTGS: Wichianmat) a bhfuair aitheantas i measc na gcat Oirthearach.
An tSínis Maidir leis an teanga Zhuang, teanga Théach (is é sin teanga atá gaolmhar leis an Téalainnis) a labhraítear i nDeisceart na Síne, is féidir í a scríobh le litreacha Síneacha freisin, de réir an chórais "Sawndip". Inniu áfach is fearr leis na húdaráis Shíneacha féin an aibítir Iartharach a chur chun cinn i measc lucht labhartha na teanga Zhuang.
Abhisit Vejjajiva Polaiteoir agus iar-phríomhaire na Téalainne is ea Abhisit "Mark" Vejjajiva (Téalainnis อภิสิทธิ์ เวชชาชีวะ, Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta: apʰisit wetɕʰatɕʰiwa) a rugadh 3 Lúnasa, 1964. Bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí na nDaonlathach ó 2005 ar aghaidh. Thogh Teach na nIonadaithe é mar 27ú príomh-aire na tíre ar 15 Mí na Nollag 2008. D'eirigh sé as an post sa bhliain 2001.
An Téalainn Tír in oirdheisceart na hÁise is ea Ríocht na Téalainne . Tá teorannacha aici leis an Malaeisia, le Laos, leis an gCambóid agus le Maenmar. Is í Téalainnis (ไทย = "saoirse") an teanga náisiúnta. Is é Bancác, i lár na tíre, an phríomhchathair.
Zhuang (dream eitneach) Is iad na Zhuang (na "Bouчcueŋь" nó na "Bouxcuengh" ina dteanga féin; 壮族 nó "Zhuàngzú" i Sínis) an ceann is líonmhaire de na mionlaigh eitneacha neamh-Shíneacha sa tSín. Tá timpeall ar ocht milliún déag acu ann, agus an chuid is mó acu ina gcónaí i gCúige Guangzi i nDeisceart na Síne, áit a bhfuil féinrialtas dá gcuid féin acu. An teanga a labhraíonn siad, baineann sí le cine na dteangacha Tai-Kadai, agus gaol éigin aici leis an Téalainnis, mar sin.
Laos Tá sí ag críochantacht leis an gCambóid, le Maenmar, le Daon-Phoblacht na Síne, leis an Téalainn, agus le Vítneam. Is í an Laoisis an teanga náisiúnta, agus í gaolmhar go mór leis an Téalainnis - le fírinne, is ionann í, a bheag nó a mhór, agus an chanúint a labhraítear i dtuaisceart na Téalainne, cé go bhfuil caighdeán agus scríbhneoireacht dá cuid féin aici. Is í Vientiane an phriomhchathair. Tá rialtas Cumannach i réim i Laos.