Top 10 similar words or synonyms for shreabhánach

áedo    0.913546

firearms    0.911081

maturin    0.910889

toftum    0.909016

hn    0.908190

grianchloch    0.905156

optical    0.903537

coiliceam    0.903324

zelda    0.901498

perhaps    0.901368

Top 30 analogous words or synonyms for shreabhánach

Article Example
Meicnic shreabhánach Staidéar ar mheicnic na sreabhán. Pléann stataic shreabhánach airíonna meicniúla sreabhán is iad ar fos. Pléann dinimic shreabhánach a n-airíonna is iad faoi ghluaiseacht. Pléann hidreastataic agus hidridinimic na hiompair seo i leith uisce is leachtanna do-chomhbhrúite eile. Pléann aeridinimic sreabhadh gás, aeir go háirithe. Cuimsíonn airíonna sreabhán an dlús, an mhais in aghaidh aonad toirte, agus an inchomhbhrúiteacht, a bhíonn ard i ngáis is nialas ar éigin i leachtanna. Oibríonn sreabhán ar aon réad a bhíonn báite ann, agus is ionann an brú sin i ngach treo. Gan domhantarraingt a chur san áireamh, is ionann an brú a oibríonn leacht ar gach cuid den soitheach ina bhfuil sé. Oibríonn fórsa buacachta suas ar réada atá báite i leacht. Is tomhas é a shlaodacht (a fhrithchuimilt inmheánach) ar fhriotaíocht sreabháin i gcoinne sreafa. I dteoiric na sreabhán, baintear feidhm go minic as sreabhán idéalach gan slaodacht ná inchomhbhrúiteacht. Shaothraigh an t-eolaí Iodálach Evangelista Torricelli an tuiscint luath ar bhrú sreabháin. Tarchuirtear aon bhrú a oibrítear ar shreabhán fosaithe, gan mhaolú, ar fud an tsreabháin go dtí fallaí an tsoithigh, is cuma cén cruth atá ar an soitheach. "Prionsabal Pascal" a thugtar air an bhfíoras seo (ainmnithe as Blaise Pascal), bunús na hiodráilice. Is é sreabhadh sreabháin gluaiseacht an tsreabháin ó áit amháin go háit eile, agus tomhaistear é mar an ráta sreafa, an mhais den sreabhán a théann thar phointe ar leith gach soicind. Más sreabhán do-chomhbhrúite é, is fíor prionsabal an leanúnachais, gurb ionann an méid den sreabhán a shreabhann isteach i líonra píobán is an méid a shreabhann amach as. Rinne Daniel Bernoulli staidéar bunúsach ar shreabhadh sreabhán, agus bhraith an t-athrú brú ar feadh an phíobáin a tharlaíonn sa sreabhán má athraíonn trasghearradh an phíobáin (prionsabal Bernoulli). Bunaítear teoiric mhatamaiticiúil nua-aoiseach an tsreafa ar chur chuige a thug Leonhard Euler isteach, an sreabhán mar ábhar leanúnach in ionad páirteagal scoite. Shaothraigh an fisicí Éireannach George Stokes (1819-1903) teoiric an tsreafa shlaodaigh.
Forshonach Sa mheicnic shreabhánach, sreabhadh sreabháin atá níos mó ná luas forleata na fuaime sa sreabhán sin, i gcás réada atá ag gluaiseacht tríd an sreabhán nó i gcás sreabháin atá ag gluaiseacht thar réad fosaithe. Eitlíonn eitleáin fhorshonacha ag luas níos mó ná luas na fuaime.
Tonn tosaigh I meicnic shreabhánach, an suaitheadh tonnach a éiríonn ó imeall tosaigh réada atá ag gluaiseacht trí shreabhán, agus go príomha, an tonn dromchla V-chruthach a bhaineann le bád ag gluaiseacht tríd an uisce. An díláithriú uisce ag an réad gluaiste is bun leis an tonn seo.
Uimhir Reynolds I meicnic shreabhánach, gaol eimpíreach idir slaodacht, η, is patrún an tsreafa. Úsáidtear an tsiombail Re don uimhir, agus scríobhtar í mar uimhir íon. Ainmnithe as Osborne Reynolds. I gcás sreabháin de dhlús ρ atá ag sreabhadh ar luas v trí phíobán ar thrastomhas d, Re = (vdρ)/η. Méadaíonn Re de réir mar a mhéadaíonn an luas, v. Ar dtús bíonn an tsreabh lannach sruthlíneach, ach de réir mar a mhéadáionn Re ó 2,000 go dtí 3,000 éiríonn sí suaite.
Osborne Reynolds Fisicí is innealtóir a rugadh i mBéal Feirste ab ea Osborne Reynolds (1842-1912). Agus é ag obair i Manchain, rinne sé taighde an-suntasach ar mheicnic shreabhánach, sreabhadh sruthlíneach is sreabhadh suaite, agus shaothraigh uimhir Reynolds chun na cúinsí suaite a réamhinsint. Chuir sé na prionsabail seo i bhfeidhm in ailtireacht mhuirí, agus thaispeáin feidhmiú mionsamhail loinge chun oibriú na loinge féin a réamhinsint.