Top 10 similar words or synonyms for seathrún

céitinn    0.953408

feiritéar    0.942136

beacháin    0.904669

rónán    0.900398

brighde    0.899840

fiachra    0.895354

heódhasa    0.893982

ciosáin    0.892869

duincín    0.891258

cormac    0.888717

Top 30 analogous words or synonyms for seathrún

Article Example
Seathrún Céitinn Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea Seathrún Céitinn. Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i reilig na Tiobraide i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh. Ba de shliocht na seanghall an Céitinneach agus scríobh se Foras Feasa ar Éirinn.
Seathrún Céitinn Is dealraitheach go ndeachaigh sé ar scoil filíochta agus seanchais agus gur tugadh scolaíocht dó sa Ghaeilge agus sa Laidin. Is dócha go ndearnadh sagart de ina dhiaidh sin de réir shean-nós na hÉireann. I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh i mBordeaux, áit a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis coláiste Éireannach a bhunú. B'fhéidir gur thug sé tamall in Rheims freisin. Bhain sé céim Dhochtúir Diagachta amach agus d'fhill ar Éirinn timpeall na bliana 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
Seathrún Céitinn B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Chríochnaigh sé "Foras Feasa ar Éirinn" timpeall na bliana 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiúin a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar Gaeilge eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótáilte eile dá chuid ba ea "Trí Bhior-Ghaoithe an Bháis".
Seathrún Céitinn Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid filíochta. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá "Óm sceol ar ardmhagh Fáil" agus "A Bhean lán de Stuaim".
Seathrún Céitinn Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach ar an mBuirghéisigh in aice le Cathair Dhún Iascaigh i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.