Top 10 similar words or synonyms for scairdeán

zeuß    0.866129

conaithe    0.862838

cabra    0.855076

montebello    0.854433

bhearaigh    0.851044

geárr    0.847472

fheoir    0.845806

mhártainn    0.844519

crí    0.844363

carraigín    0.843898

Top 30 analogous words or synonyms for scairdeán

Article Example
Ard-Chúirt (Hong Cong) Is túr é an struchtúr atá cumhdaithe i ndath bán agus tá scairdeán uisce taobh amuigh dá phríomh-dhoras.
Hamilton, Victoria Sa bhliain 1881 cuireadh William Guilfoyle, stiúrthóir Luibhghairdíní Ríoga Melbourne, ag dearadh Luibhghairdíní Hamilton. Tá spéicis neamhchoitianta ann, zú beag, cruinnteach breá agus scairdeán fíorálainn.
Eas Is briseadh tobann i gcúrsa abhann nó srutháin é eas. agus titeann an t-uisce go hingearach, a bheag nó a mhór. Mar sin, is scairdeán uisce ag titim as airde, nuair a sreabhann abhainn nó sruth thart claon géar é eas.
Dadachas Gluaiseacht nua-aoiseach san ealaín a bunaíodh i Zürich i 1916. Bhí spiorad na céille ceannaithe maidir leis an gcéad cogadh domhanda le brath air, agus chuir na Dadaigh i gcoinne an chogaidh is luachanna traidisiúnta sna healaíona. Chleachtaigh siad beartaíochtaí turrainge. Roghnaíodh an t-ainm go randamach i bhfoclóir. I measc na mbunaitheoirí bhí an file Tristan Tzara (1896-1963) is an t-ealaíontóir Jean Arp, agus i measc na gcuiditheoirí bhí Duchamp (saothar cáiliúil Dádach uaidh ab ea "Fountain" (Scairdeán, 1917), fualán poircealláin), Ernst, Picabia is Ray. Bhí tionchar ag an Dadachas ar na hOsréalaithe, agus mhúscail glúin nua ealaíontóirí an bheartaíocht turrainge sna 1960idí.
Lugdunum Rugadh Cláidias i nDún Lugh i 10 RC agus chóinigh sé ann ar a laghad ar feadh dhá bhliain. Mar impire, d'fhill sé ar Lugdunum i 43 IC ar a shlí chun an Bhreatain a chloígh, agus stad sé arís ann tar éis a gconclúid buach i 47. Aimsíodh scairdeán uisce ag tabhairt ómós dá bhua. Lean sé ar aghaidh chun suim tacaíochta a fhorbairt don bhaile, ag ligint do suntasaigh an bhaile incháilithe chun bheith ar fiannas i Seanad na Róimh, mar atá curtha síos thuas.
Johann Kaspar Zeuss Rugadh Zeuss in Vogtendorf (ceantar de Kronach inniu), Uachtar Franconia (Gearmáinis: "Oberfranken") agus d’fhreastail sé ar scoil ag "gymnasium" Bhamberg. Bhí a thuismitheoirí ag dúil go rachadh sé le sagartóireacht, ach roghnaigh seisean saol an léinn, óir bhí luí ar leith aige le stair agus teangeolaíocht go háirithe. D’fhreastail sé ar Ollscoil Mhünchen agus tar éis dó a chuid léinn a chríochnú, mhúin sé ansin ag an n"gymnasium". D’fhoilsigh sé a leabhar "Die Herkunft der Baiern von den Markomannen" (dara heag., 1857) sa bhliain 1837. Bhronn Ollscoil Erlangen dochtúireacht oinigh air de thairbhe an tsaothair sin. Ba sa bhliain chéanna a chuaigh sé go Speyer le stair a mhúineadh ag an "lyzeum" ansin. D’fhan sé ansin go dtí an bhliain 1847, nuair a rinneadh ollamh le stair de in Ollscoil Mhünchen. Ach d’éirigh sé as an bpost seo de bharr a chuid drochshláinte agus aistríodh go dtí an "lyzeum" i mBamberg é. Tháinig an saothar ollmhór dá chuid "Grammatica Celtica" amach in 1853, leabhar a tharraing clú agus cáil air. Scríobh sé an leabhar i Laidin i gcruth is go bhfeilfeadh sé do lucht léitheoireachta idirnáisiúnta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thóg sé am scoir ionas go bhfaigheadh sé biseach, ach cailleadh é an bhliain ina dhiaidh sin in Kronach. Le hurraim dó, ainmníodh sráid, scairdeán agus meánscoil (darb ainm Kaspar-Zeuß-Gymnasium) in Kronach as. Chomh maith leis sin, baisteadh sráid i mBamberg agus i Speyer as.