Top 10 similar words or synonyms for sacsanach

teotanacha    0.794090

nastacach    0.782549

plantagenêt    0.770143

maximilian    0.769186

bóihéime    0.764742

bpeirseach    0.762499

bpolannach    0.757840

murad    0.752760

mionuaisle    0.751978

gcumannach    0.751219

Top 30 analogous words or synonyms for sacsanach

Article Example
Wicca Ní leanann cuid mhór lucht Wicca aon traidisiún amháin. Is iad an lucht Wicca eicléictiúil, a dhéanann a mbealach spioradalta féin. Ní thréigtear na traidisiúin i gcónaí i measc lucht Wicca eicléictiúla. Is féidir creidmhigh eicléictiúla lean lena smaointí agus deasghnátha féin, agus lean bealach reiligiúnach áirithe fós. Baineann na bealaigh seo úsáid as reiligiún na talún nó traidisiúin na hÉigipte, na Gréige, na Sacsanach, na Angla-Sacsanach, na Ceilteach, na hÁise, na hEabhracha, agus traidisiúin na Polainéiseach.
Ailfrid Mór Bhí Ailfrid nó Ælfred, ón Sean-Bhéarla Ælfrēd, a fhoghraítear mar [ˈælfreːd]) (t. 849 – 26 Deireadh Fómhair 899), ina rí ar ríocht dheisceartach na nAngla-Sacsanach i Wessex Shasana, ó 871 go dtí 899. Bhain sé cáil amach mar gheall ar a chosaint ar an ríocht sin ó na Lochlannaigh.
Éadbhard Brús An bhliain dár gcionn, tháinig Éadbhard Brús go hÉirinn chun fronta Gael eile a chruthú in aghaidh na Sacsanach. Bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír. Mar shampla, chuir Éadbhard Brús an séipéal i mBaile Átha Fhirdhia trí thine agus an pobal fós istigh ann.
Béowulf Seandán eipiciúil sean-Bhéarla is ea Béowulf [ˈbeːəwʊlf] nach fios cé a chum. Cumadh an saothar litríochta Angla-Sacsanach seo idir an 8ú agus an 11ú haois, agus ba timpeall na bliana 1010 a scríobhadh an lámhscríbhinn is sine atá ar fáil. Dán fada le 3183 líne atá ann a thug spreagadh do scríbhneoirí go leor le míle bliain auas.
Séarlas Mór Faoi réimeas an rí choinnigh sé polasaithe a athair i leith na pápachta agus chuaigh siad d'aontaobh. ag baint na cumhachta ó na Lombairdigh i dtuaisceart na hIodáile, agus i gceannas ar ionradh isteach ar na Moslamaigh sa Spáinn. Chuaigh sé i mbun feachtais freisin in aghaidh na Sacsanach san oirthear, ag déanamh Críostaithe astu ar phionós an bháis, as a d’eascródh a imeachtaí ar nós Ár Verden. Bhain Séarlas Mór barr a mhaitheasa amach nuair a chorónaigh
Jean Bodel Is é Bodel a scríobh an "Chanson des Saisnes" (Gaeilge: 'Bailéad na Sacsanach'), bailéad faoin gcogadh a chuir Séarlas Mór ar na Sacsanaigh agus ar a dtaoiseach, Widukind - nó Guiteclin, mar a thugann Bodel air. Scríobh Bodel an "Jeu de saint Nicolas" (Gaeilge: 'Dráma Shan Nioclás') leis. Dráma is ea an "Jeu de saint Nicolas" a insíonn faoin gcaoi ina gcuireann San Nicolás ar ghadaithe, gadaithe a bhí tar éis ciste a ghoid ón rí, an ciste sin a thabhairt thar n-ais. Chomh maith leis an ndá phíosa sin, do scríobh Bodel go leor "fabliaux", "Brunain la vache au prêtre" (Gaeilge: 'Brunain, bó don sagart') ina measc.
Liudolf, Diúc na Sacsaine Ba chunt Sacsanach é Liudolf (rugadh thart ar 805, fuair bás 12 Márta 864 nó 866), mac an chunta (Gearmáinis: Graf) Brún (Brunhart) agus a bhean chéile Gisla von Verla; thug údair diúc Oirthir na Sacsaine (Laidin: "Dux orientalis Saxonum") agus cunta Ostfalen air níos déanaí ar aghaidh. Mhéadaigh Liudolf ar a shealúchais i oirthear na Sacsaine, agus bhí sé ina cheannaire (Dux) sa chogadh idir Rí Ludwig der Deutsche i gcoinne na Normannach agus na Slavach. Ghabh an 'Teaghlach Liudolfinger' uaidh, ar a dtugtar freisin 'Ríshliocht Otto'; is é an ball is sine atá fíoraithe.
Liam I Shasana Bhí tionchar buan ar Shasana ag cuid mhaith de na hathruithe a thug Liam ar an saol tar éis dó teacht i gcoróin. Cruthaíodh uasaicme Normannach nua os cionn na Sacsanach dúchasach agus faoi 1086, bhí 80% de thalamh na ríochta faoi úinéireacht na Normannach. Tugadh ísliú céime do na Sacsanaigh i gcúrsaí riaracháin, polaitiúla agus eaglasta chomh maith agus na Normannaigh ag glacadh na bpost ba thábhachtaí dóibh féin. Thairis sin, rinneadh teanga oifigiúil den Fhraincis, teanga dhúchais na Normannach agus fágadh an Béarla, teanga an mhóraimh in áit na leathphingine, cé go ndearna Liam féin iarrachtaí é a fhoghlaim. Cheap Liam fear Iodálach darbh ainm Lanfranc, ina Ardeaspag ar Chanterbury, chun atheagrú a dhéanamh ar an eaglais i Sasana agus chun smacht na Normannach uirthi a chinntiú.
Liam I Shasana I bhfad sular rugadh Liam, ba ghá do rítheaghlach Shacsanaigh an Iarthair teitheadh go dtí an Normainn sa bhliain 1013, de bharr ruathair na Lochlannach. Bhí Éadbhard Coinfeasóir ina chónaí sa Normainn go dtí gur tháinig sé i gcoróin i Sasana sa bhliain 1042, nuair a bhí Liam féin 14 bliain d'aois. Thug sé talamh dá chomhghuaillithe Normannacha nuair a d'fhill sé ar Shasana, ar mhaithe le cumhacht na mbarún Sacsanach a laghdú. Dealraíonn sé gur ainmnigh Éadbhard Liam mar chomharba aige sa bhliain 1051. Nuair a fuair Éadbhard bás, d'ainmnigh an Witenagemot duine d'iarlaí cumhachtacha Shasana, Arald Mac Godwin, mar rí. Chinn Liam ar éileamh a chur isteach ar choróin Shasana mar dhuine de ghaolta Éadbhaird, mar thoradh ar an mbeart seo.
Liam I Shasana Ar 28 Meán Fómhair, tháinig Liam agus a chabhlach i dtír, gar do Pevensey Kent. Mháirseáil Arald a arm ó Eabhrac go Kent le dul i ngleic le harm Liam ag Cath Hastings, ar 14 Deireadh Fómhair. D'ordaigh Liam dá arm ligean orthu gur ag cúlú a bhí siad ach d'ionsaigh siad arm Araild ansin nuair a briseadh ar ord a shaighdiúirí siúd agus iad ag iarraidh dul sa tóir ar shaighdiúirí Liam a bhí ag teitheadh, mar dhea. Maraíodh Arald sa chath nuair a buaileadh é sa tsúil le saighead agus chúlaigh arm na Sacsanach. Thogh an Witan Edgar Atheling mar chomharba Araild, ach thairg sé siúd an choróin do Liam, de réir cuma. Agus é ag iarraidh a chuid cumhachta a dhaingniú, chuir Liam cosc ar chreachadóireacht agus gheall sé gur fuascailt íseal a bheadh i gceist. San áireamh leis sin, thairg sé pardún do na Sacsanaigh go léir nach raibh ag troid ar son Araild.