Top 10 similar words or synonyms for purguithe

otamánacha    0.711614

giofóga    0.711493

máisiúin    0.711133

ctenophora    0.709970

ríogaithe    0.707300

threascairt    0.698241

hionsaithe    0.694306

gearrthaí    0.690486

radishchev    0.690263

mianta    0.689501

Top 30 analogous words or synonyms for purguithe

Article Example
An Asarbaiseáin (tír) Níor sparáil purguithe Stailín an Asarbaiseáin ach oiread le haon phoblacht eile san Aontas. Shiúil an bás an tír go míthrócaireach sna tríochaidí, nuair a chuir Mir Jafar Baghirov, cúlaistín áitiúil an deachtóra, na mílte chun báis. Is iomaí intleachtóir agus ealaíontóir a maraíodh ar an gcúis go raibh siad ag déanamh spiaireachta nó uisce faoi thalamh ar mhaithe leis an Tuirc. Ba é an náisiúnachas pan-Tuirceach ba mhó a chuir isteach ar Stailín san Asarbaiseáin, agus na híobartaigh á milleanú faoi bhaint a bheith acu leis an idé-eolaíocht naimhdeach seo.
Cogadh an Gheimhridh Ar dtús, chreid na saighdiúirí Sóivéadacha nach gcuirfeadh lucht oibre na Fionlainne ina n-aghaidh ar aon nós. Nuair a thrasnaigh siad an teorainn, ba mhinic a shíl siad nach gcaithfidís troid ar bith a chur, ó bheadh fáilte na bhfuascailteoirí i ndán dóibh. Thiontaigh an cogadh i bhfad ní ba troma ná sin, go háirithe ó bhí purguithe Stailín i ndiaidh an-ródach a dhéanamh ar na hoifigigh oilte in arm an Aontais Shóivéadaigh. Básaíodh na mílte acu, agus cuireadh daoine sochomhairleacha ina n-áit nach raibh tuiscint acu ar an gcogaíocht. Ó bhí aoirí polaitiúla ag coinneáil diansúile ar na míleataigh, ní raibh de cheanndánaíocht in aon duine acu cibé scéal é triail a bhaint as aon chleas nach raibh ar an lámhleabhar.
Pol Pot Nuair a bhí an bhliain 1973 ag druidim chun deiridh, ghlac Pol Pot pleananna straitéiseacha i leith thodhchaí an chogaidh. B'é an chéad chinneadh ná gach bealach soláthair a bhain den phríomhchathair agus í a imdhúnadh. B'é an dara cinneadh ná diansúil a choinneáil ar na daoine a bhí ag iarraidh éalú as an gcathair le caoinchead na gCiméarach Dearg. B'é an dearcadh a bhí ag Pol Pot ar mhuintir na cathrach gur frídíní galair a bhí iontu agus gur chóir na scológa sa chuid den tír a bhí sealbhaithe aige a chosaint ar tholgadh an ghalair seo. D'ordaigh sé freisin purguithe ginearálta a chur i bhfeidhm. Bhí iar-státseirbhísigh agus lucht oideachais le purgú thar aon aicme eile. Tógadh sraith de phríosúin nua sna críocha a bhí forghafa ag na Ciméaraigh Dhearga. Faoin am seo, d'éirigh na "Cham", mionlach eitneach a raibh a gcultúr á bhaint díobh de réir phéindlíthe Pol Pot, - d'éirigh siad amach in aghaidh na gCiméarach Dearg. Ní raibh fórsaí Pol Pot i bhfad á gcloí, agus i ndiaidh na gcathanna, d'ordaigh Pol Pot lucht na ceannairce a chéasadh go brúidiúil. Mar a rinneadh roimhe sin, b'iad na "Cham" ba túisce a bhí thíos le polasaithe cruálacha Pol Pot, sular cuireadh i bhfeidhm ar na Ciméaraigh féin iad.
Leonid Brezhnev Nuair a bhí Khrushchev ina neart, bhí Brezhnev ag tacú leis an bpolasaí a bhí aige tíorántacht Stailín a nochtadh agus a phoibliú, éiric a mbrise a thabhairt do na hiar-phríosúnaigh agus an saol cultúrtha agus intleachtúil a thabhairt chun liobrálachais. Ag dul i gceannas ar an stát dó, áfach, chuir Brezhnev deireadh leis an bhforbairt agus thosaigh sé ag casadh an chloig ar ais. D'éirigh sé an-choimeádach ina dhearcadh. In óráid a thug sé i Mí Bealtaine 1965, agus fichiú cothrom lae an bhua ar an nGearmáin sa Dara Cogadh Domhanda á cheiliúradh, rinne sé an chéad tagairt chairdiúil do Stailín. I Mí Aibreáin 1966, ghlac sé air céim an Rúnaí Ghinearálta, an chéim a bhí ag Stailín go dtí an bhliain 1952. Sa bhliain 1966, freisin, gearradh príosúnacht fhada don bheirt scríbhneoirí úd Yuli Daniel agus Andrey Sinyavskiy. B'é seo an chéad mhórthriail taispeántais den chineál seo i ndiaidh bhás Stailín, agus is é an chiall a baineadh aisti go raibh an tAontas Sóivéadach ag cromadh ar ais ar an gcineál ansmacht a bhí á imirt ar na scríbhneoirí agus ar na hintleachtóirí faoi Stailín. Faoi cheannas Yuri Andropov, fuair na seirbhísí rúnda - Coiste na Slándála Stáit, nó KGB - ar ais cuid mhór den chumhacht a bhí acu faoi Stailín, ach, míle buíochas le Dia, níor tháinig purguithe móra na dtríochaidí agus na ndaichidí ar ais.
KGB Bhí oibríochtaí an OGPU ag dul i bhfairsinge sa bhaile agus i gcéin, ach de réir mar a bhí an pharanóia ag dul chun donais ar Stailín, bhí a misneach ag teip ar lucht na rúnseirbhíse. Nuair a bhí Stailín ag rialú na tíre, b'éigean do lucht slándála an stáit "comhchealga" a "nochtadh" nach raibh ann ar aon nós, ach amháin in intinn an deachtóra féin. B'é Stailín féin a dhéanfadh anailis ar an bhfaisnéis a bhí bailithe ag na gníomhairí, agus ní raibh aon duine de lucht na rúnseirbhíse féin sách dána le conclúidí a bhaint as an eolas beag beann ar Stailín féin. Na tuairiscí a fuair Stailín le feiceáil, ba mhinic a bhí lucht na rúnseirbhíse tar éis iad a chóiriú agus a dhathú leis an rud ba mhian leis a insint don deachtóir. Sa deireadh thiar, cuireadh cuid mhaith oifigigh de chuid na seirbhíse faisnéise chun báis le linn na bPurguithe Móra faoi dheireadh na dtríochaidí, agus thosaigh an tOGPU go léir ag titim as a chéile. Sa bhliain 1938, cuireadh Genrikh Yagoda chun báis - an t-oifigeach a bhí i gceannas ar an OGPU sna blianta 1934-36 agus a chóirigh na chéad trialacha móra taispeántais. An t-oifigeach a tháinig i gcomharbas ar Yagoda, Nikolay Yezhov, fuair sé an bás céanna sa bhliain 1940. Ar dtús, chuir sé na Purguithe Móra i gcrích, de réir orduithe an deachtóra, agus ina dhiaidh sin, cúisiodh é féin faoi choir éigin nach ndearna sé ar aon nós - díreach mar a rinneadh leis na mílte daoine a maraíodh ar orduithe Yezhov féin.