Top 10 similar words or synonyms for nimheas

barthélemy    0.957598

potosí    0.952160

héilin    0.952149

donostia    0.916810

bernardino    0.913475

patricio    0.908110

fhiántas    0.905957

elmo    0.901820

mairíne    0.900457

críostóir    0.900008

Top 30 analogous words or synonyms for nimheas

Article Example
San Críostóir-Nimheas Tír is ea San Críostóir-Nimheas atá suite i Muir Chairib. Is é Basseterre an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír.
Basseterre Is é Basseterre an phríomhchathair i San Críostóir-Nimheas. Tháinig an t-ainm ón fhocal Fraincise a chiallaíonn “talamh íseal”. Tá an baile suite in iardheisceart an oileáin San Críostóir. Tá na Sléibhte "Olivees" agus na Sléibhte "Conaree-Morne" lastoir den chathair. Bhí 13,000 duine ina gcónaí in Basseterre sa bhliain 2013.
Alexander Hamilton Ba theoiricí polaitiúil agus státaire Meiriceánach é Alexander Hamilton (11 Eanáir 1755 [a cheaptar] – 11 Iúil 1804). Rugadh Hamilton ar oileán Nimheas, coilíneacht Bhriotanach i Muir Chairib. Chuaigh sé san arm Meiriceánach nuair a bhris an Cogadh Réabhlóideach amach. Tháinig sé ar an tuairim go mbeadh rialtas lárnach láidir de dhíth ar an phoblacht nua. Bhí Hamilton ar na húdair a scríobh na Páipéir Fheidearálacha, a chabhraigh go mór le cúis an bhunreachta nua a bhaint amach. Faoin Uachtarán George Washington, rinneadh an chéad rúnaí ar státchiste Mheiriceá de. Bhí tionchar mór ag Hamilton ar fhorbairt an náisiúin nua ach chuaigh sé i gcoimhlint le Thomas Jefferson, a bhí go láidir ar son cearta na stát aonar, agus ansin le hAaron Burr, polaiteoir uaillmhianach as Nua-Eabhrac. Fuair Hamilton bás i ndiaidh a bheith gortaithe i gcomhrac aonair le Burr.
An Ghaeilge i Meiriceá Bhí Éireannaigh ag saothrú tobac i San Críostóir go luath sa 17ú haois; sa bhliain chuaigh siad go dtí Nimheas, agus is beag nach ndearnadh coilíneacht Éireannach den áit. Bhí mórán Éireannach in Montsarat agus in Antigua freisin. Na hÉireannaigh a tháinig mar sheirbhísigh dhintiúr, fuair a lán acu píosa talaimh agus a dtéarma istigh; chuaigh cuid eile ar seachrán. Bhí Éireannaigh eile ina máistrí ó thús agus cuid acu sin ina dtoicithe, plandálacha acu agus mórán daor. Bhí na hÉireannaigh ag teacht go fóill san 18ú haois, agus sa 19ú haois féin. Ó thaobh na staire de, is iomaí duine a tháinig ó iarthar agus ó iardheisceart na hÉireann, áit a raibh an Ghaeilge i dteann a réime fós sa chéad chuid den 17ú haois agus láidir go leor ina dhiaidh sin. Níl fianaise chinnte le fáil ar mhaireachtáil na teanga sna hIndiacha Thiar, ach tá roinnt eolais ann ar Ghaeilge oileán Mhontsarat, áit a raibh sí le cloisteáil, b'fhéidir, chomh déanach le lár an 19ú haois.