Top 10 similar words or synonyms for néar

ríog    0.828775

infridhearga    0.792192

dhromchlaí    0.788225

crómanais    0.784176

áirsí    0.780753

dromlach    0.777862

cornaí    0.775886

fhíocháin    0.775448

tacair    0.769678

réamhinsint    0.769104

Top 30 analogous words or synonyms for néar

Article Example
Inchinn Dhaonna Sa duine, is é an inchinn dhaonna lár an néar-chórais dhaonna.
Miaistéine throm Riocht nuair nach féidir le colainn duine crapadh na matán deonach (sómach) a choinneáil go leanúnach. Tarlaíonn sí de bharr uathantashubstaint ar leith a chuireann bac ar ghníomú na néar-ríog luadrach a chuireann tús le crapadh na matán. Tagann tuirse go tapa ar na matáin, ach tagann siad chucu féin tar éis tréimhse suaimhnis.
Mianraí cothaithe Dúile a fhaightear i gcealla is sreabháin uile na colainne, atá riachtanach mar riandúile don chothú. Samplaí is ea potaisiam atá riachtanach chun leibhéil chearta sreabhán incheallach a choinneáil, cailciam atá riachtanach do thógáil cnámh is fiacla is tarchur néar-ríog chuig matáin, iarann atá riachtanach i ndéanamh haemaglóibine don fhuil is miaglóibine do na matáin, agus iaidín atá riachtanach i sintéis an hormóin thíoróidigh.
Córas céadfach Seolann gabhdóirí ríoga i bpatrúin faoi leith, a thugann le fios cé chomh mór is atá an spreagadh ( mar shampla, cé comh hard is atá fuaim). Tugann suíomh an ghabhdóra a bhfaigheann an spreagthach eolas don intinn faoi suíomh an spreagtha ( mar shampla, seoltar eolas chuig na hintinne faoin mhéar nuair a fhaigheann mheicneaghabhdóir sa mhéar spreagadh). Tugann patrún gníomhaithe na néar-ríge le fios fad ama an spreagtha.
Reitine Is éard is reitine veirteabrach ann (Laidin: "rēte", leis an mbrí 'líon') ná an fíochán solasmhothálach a bhíonn suite ar an dromchla taobh istigh den tsúil. Cruthaíonn optaic na súile íomhá den domhan-amhairc ar an reitine, a fhónann, ar bhealach, cosúil leis an scannán i gceamara. Cuireann an solas a bhualann ar an reitine tús le teagmhais cascáideacha ceimiceacha agus leictreacha, agus sa deireadh thiar, spreagtar néar-rígí. Seoltar iad seo chuig ionaid amhairc éagsúla na hinchinne, trí snáithíní na néaróige optaí.
Gaireas cuasánach Nuair a ghluaiseann an ceann gluaiseann na horgáin seo, agus cruthaítear néar-ríoga a théann don inchinn ar feadh na néaróige cuasánchochlaí. Eolas ar ghluaisne líneach is claonta an chinn a thagann ó na macúil sa dá chuas, agus eolas ar ghluaisne uilleach is rollach an chinn a thagann ó na criostaí sna canálacha. Spreagann na comharthaí seo a shroicheann an inchinn — agus mothú comhfhiosach gluaisne an chinn, ar ndóigh — gluaisní athfhillteacha sna súile, an stoc, is na géaga, chun cothromaíocht fhisiciúil na colainne a chothú.
Santiago Ramón y Cajal Lia is histeolaí a rugadh i bPetilla de Aragón na Spáinne ab ea Santiago Ramón y Cajal (1 Bealtaine 1852 – 17 Deireadh Fómhair 1934). Rinne sé taighde bunúsach ar mhicreastruchtúr an néarchórais, agus tarchur néar-ríog san inchinn. I measc a bhfoilseachán bhí "Estudios sobre la Degeneración y Regeneración del Sistema Nervioso" (Staidéir ar Mheath is Athghiniúint an Néarchórais, 1913-1914). Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Camillo Golgi i 1906 as an saothar ceannródaíoch seo. D'éag sé i Maidrid.
Ainéistéisigh áitiúla Drugaí a chuireann cailliúint shochúlaithe mothúcháin i bhfeidhm ar réigiún nó ball colainne trí bhac a chur ar na néar-ríoga ón réigiún sin don inchinn. Déantar é seo trí instealladh ag ionad na hobráide (taobh le fiacail atá le stoitheadh, mar shampla), in aice príomhstoic néarógaigh (in obráid ar ghéag, mar shampla), nó idir veirteabraigh ar leith an dromlaigh (mar a dhéantar in ainéistéise eipeadúrach). Ba é cócaon an chéad ainéistéiseach áitiúil, a tugadh isteach sna 1880idí, ach tá a úsáid sin imithe in éag mar thoradh ar fhadhbanna andúile is tocsaineachta. I measc na n-ainéistéiseach áitiúil is coitianta tá prócaon, ligneacaon is beinseacaon.
Siondróm Guillain-Barré Neamhord annamh a chuireann isteach ar an néarchóras imeallach, ina gcailltear feidhmiú na colainne de réir a chéile é Siondróm Guillain-Barré. Ní hionann a dhéine i ngach cás, ach de ghnáth bíonn sé inchúlaithe go hiomlán. De réir dealraimh, leanann ionfhabhtuithe víreasacha, go mór mór i gconair na riospráide, de bhrí go dtarlaíonn freagairt uathimdhíonach, spreagtha ag an ionfhabhtú, a ionsaíonn na néarchealla is a mhilleann an cumhdach miailine a imchlúdaíonn iad, atá riachtanach do tharchur na néar-ríog. Is é an t-airí cliniciúil is minice a tharlaíonn pairilis ascnamhach shiméadrach, ach tarlaíonn cliseadh mothaithe, cailliúint rialú ainneonach bhrú na fola, agus rialú na putóige is an lamhnáin. Mar chóireáil, coinnítear feidhmeanna beo an othair le linn an ghalair ghéir. Uaireanta lagaítear an fhreagairt uathimdhíonach le stéaróidigh nó plasmafairéis. Tagann an chuid is mó d'othair chucu féin taobh istigh de chúpla seachtain. Is féidir le hothair atá pairilisithe go hiomlán teacht slán, fiú, ach bíonn laige iarmharach ar chuid bheag acu go ceann blianta ina dhiaidh.
Cochla An cuas bíseach sa chluas inmheánach. Cuimsíonn sé cuid chnámhach le colún lárnach is conair bhíseach (cuid den chathair scannánach gríobháin). Sa spás idir an chuid cnámhach is an chuid scannánach, tá an pheirilimfe (sreabhán cosúil leis an sreabhán ceirbrispíonach). Gobann seilf thanaí bhíseach amach ón gcolún lárnach, agus luíonn an bonnscannán uirthi seo. Tarchuirtear tonnta fuaime san aer don tiompán cluaise ag foirceann na cluaise seachtraí, critheann sé seo na cnáimhíní sa chluas láir, agus tarchuireann an stiorópín an crith tríd an bhfuinneog ubhchruthach isteach sa chochla chun an bonnscannán a chrith. Tá mar a bheadh cairpéad néarcheann ar an mbonnscannán, agus nuair a chritheann siad seo tarchuireann néar-ríoga ar feadh an chuid chochlach den 8ú néaróg chráiniach. Freagraíonn an bhunchuid den bhonnscannán, is na néarchinn ansin, do na minicíochtaí ísle is arda sa chrith (agus, mar sin, sa bhfuaim), agus freagraíonn an bharrchuid den bhonnscannán do na minicíochtaí ísle amháin. Iompraíonn an 8ú néaróg chráineach na fuaimchomharthaí do réigiúin éistitheacha na hinchinne lena bpróiseáil is le ciall a bhaint astu.