Top 10 similar words or synonyms for mionúrach

sharatov    0.945990

kursk    0.945177

valuation    0.944221

govisümber    0.943815

phenza    0.943195

colbaird    0.942114

saaremaa    0.941740

annals    0.941191

hunters    0.940988

öndör    0.940130

Top 30 analogous words or synonyms for mionúrach

Article Example
Seán Tennyson Rugadh agus tógadh Tennyson i mBaile Hugúin, sráidbhaile atá suite idir na cathracha móra Port Láirge agus Baile Átha Cliath. Ina bhuachaill dhó, d'fhreastail sé ar an scoil náisiúnta Newmarket, agus ansin Coláiste Naomh Ciarán, áit atá cáiliúil mar gheall ar na h-iománaithe rathúla a rinne staidéar ann. Bhain sé a chéad bhonn iomána amach agus é ag an gcoláiste, ceann i gCraobh Coláistí na hÉireann. Tar éis tamaill, tugadh a scileanna faoi deara ag na roghnóirí idir-chontae, agus roghnaíodh é sna foirne mionúracha a bhuaigh Craobh Mionúrach na hÉireann sna blianta 2002 agus 2003.
Éadbhard Ó Cathaoir Níorbh fhada go raibh a chuid taispeántais le Naomh Ciarán tugtha faoi deara ag roghnaitheoirí na foirne mionúrach Chill Chainnigh ag deireadh na 1950idí. Bhuaigh Ó Cathaoir áit san fhoireann gan mhoill, agus sa bhliain 1957 bhí a chéad bhonn i gCraobh Laighean bainte amach aige. Bhí sé ar an bhfoireann céanna a shroich cluiche ceannais na hÉireann na bliana seo, ach fuair Tiobraid Árann an lámh in uachtar orthu sa bhabhta seo. Bhí Ó Cathaoir agus na Cait ar ais i gceannas áfach, ag buachaint Craobh Laighean arís sna blianta 1958 agus 1959. Chaill siad cluiche ceannais na bliana 1959, in aghaidh Tiobraid Árann arís. Ba mhór an díomá a bhí ar an gCait, ach bhí rath ar bhonn pearsanta dó le sé chúilín i gcluiche ceannais na bliana seo.
Briain Mac Óda Chuaigh Mac Óda isteach san fhoireann idir-chontae mionúrach sa bhliain 1972. Ina chaptaen a bhí sé an bhliain seo, agus bhuaigh an fhoireann Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann chomh maith. Mar gheall ar an rath a bhí aige ina mhionúr dó, tógadh isteach sa scuaid sinsearach é an bhliain ina dhiaidh 1973. Foireann iontach a bhí ann sna laethanta seo, agus fuair Mac Óda seans imirt in éineacht leis na sár-iománaithe Nollaig Ó Sceacháin, Éadbhard Ó Cathaoir agus daoine eile. Ag an am céanna, bhí sé ag imirt san fhoireann faoi-21 freisin, agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann dhá bhliain i ndiaidh a chéile idir na blianta 1974 agus 1975. Sna séasúir céanna, bhain Mac Óda amach a chéad bhoinn sinsearacha i gCraobh Laighean agus Craobh na hÉireann. Mar aitheantas ar an rath a bhí aige, bronnadh a chéad gradam Sárimreoirí na Bliana air sa bhliain 1975. Ní raibh an t-ádh ar na gCait sna blianta 1976 agus 1977, tréimhse ina raibh Loch Garman ag fáil an lámh in uachtar sa chúige.
Éadbhard Ó Cathaoir Ar an lá ceannann céanna, chríochnaigh an cluiche ceannais sinsearach idir Cill Chainnigh agus Pórt Láirge mar chomhscór, agus socraíodh an athimirt mí amháin ón dáta seo. Le linn an tréimhse ghearr seo, ceithre sheachtain cruinn, rinne Eddie traschur gan stró ar bith ó mhionúr go sinsear. Tar éis cailliúint na mionúrach, d'imir sé thar barr i dhá chluiche neamh-oifigiúla i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Loch Garman, agus mar thoradh roghnaíodh é mar ionadaí sa scuaid sinsearach in am don athimirt. Le fiche nóiméad ar an gclog sa chluiche ceannais, seoladh chun pháirce é in áit Johnny McGovern. Lá mór a bhí ann don imreoir óg. Cé gur chuir sé taispeántas réasúnta maith isteach, bhí an lá ag na Déisigh. D'ainneoin an díomá a bhí ann an lá seo, bhí tús curtha aige le gairmréim fhada agus rathúil idir-chontae a mhairfeadh go dtí na seachtóidí. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí Ó Cathaoir agus na Cait ar ais, agus bhailigh sé a chéad bhonn sa tSraith Náisiúnta, an chéad bhua ag foireann Chill Chainnigh sa chomórtas seo ó nuair a bhí 1933 ann.