Top 10 similar words or synonyms for mianraí

orgánacha    0.883932

cóimhiotail    0.879479

ocsaídí    0.872569

comhdhúile    0.872425

aigéid    0.871290

miotail    0.858649

faireoga    0.837563

feithidí    0.834781

luibheanna    0.828231

plandaí    0.827799

Top 30 analogous words or synonyms for mianraí

Article Example
Mianraí cré Sileacáití hidriúla i bhfoirm leathán a dhéanann criostail mhíne screamhacha, ar féidir leo uisce a ionsú, rud a thugann don chré a hairíonna sainiúla plaisteacha nuair a bhíonn sí fliuch. Cruthaítear iad mar thoradh ar shíonchaitheamh carraigeacha, agus go minic sil-leagann aibhneacha iad. Is grúpaí tábhachtacha mianraí cré iad caoilínít, montmairíllinít is illít. Úsáidtear iad mar líonaigh i bpáipéar, rubar, péint is eile.
Uiscí mianraí Screamhuiscí a tharlaíonn go nádúrtha, a mbíonn tiúchan láidir mianraí iontu, tuaslagtha as na carraigeacha a sreabhann siad tríothú. Creidtear go mbíonn airíonna míochaine acu, agus is féidir iad a ól nó folcadh iontu, ag brath ar a gcomhdhéanamh.
Mianraí cothaithe Dúile a fhaightear i gcealla is sreabháin uile na colainne, atá riachtanach mar riandúile don chothú. Samplaí is ea potaisiam atá riachtanach chun leibhéil chearta sreabhán incheallach a choinneáil, cailciam atá riachtanach do thógáil cnámh is fiacla is tarchur néar-ríog chuig matáin, iarann atá riachtanach i ndéanamh haemaglóibine don fhuil is miaglóibine do na matáin, agus iaidín atá riachtanach i sintéis an hormóin thíoróidigh.
Mianraí sileacáite Grúpa mianraí a chomhdhéanann 95% de screamh an Domhain, a chuimsíonn sileacan is ocsaigin i gcomhcheangal le chéile nó le dúile eile. Ó thaobh struchtúir de, tá siad uile bunaithe ar SiO, teitrihéadrán, agus is struchtúir chasta phoiliméaracha de theitrihéadráin an chuid is mó díobh. Rangaítear iad de réir a gcéim polaiméiriúcháin, ó shileacáití a chuimsíonn grúpaí aonraithe SiO (olaivíní is gairnéid), go dtí fáinní (beiril), slabhrashileacáití (pirixéiní le slabhra singil is amfabóil le slabhraí dúbailte), leatháin (miocaí is créanna), agus creatlaigh thríthoiseacha (grianchloch is iathchlocha).
Crisitíl Foirm snáithíneach nathairín, ball de ghrúpa mianraí aispeiste.