Top 10 similar words or synonyms for measúnaithe

áiféiseach    0.751372

comhlíonta    0.741010

póiriúil    0.714850

práinn    0.702285

mordant    0.702105

paraguaigh    0.701652

débhríoch    0.701082

abo    0.695981

speisialtóirí    0.694797

déphol    0.694622

Top 30 analogous words or synonyms for measúnaithe

Article Example
Sainmharc Marc oifigiúil a bhuailtear ar gach earra nua-aoiseach óir, airgid, agus (ó 1975) platanaim a dhéantar in Éirinn, Sasana is Albain. Déantar an miotal a mheasúnú chun a chaighdeán nó a cháilíocht a thomhas, agus cuireann an sainmharc sin in iúl. Bíonn a shainmharc féin ag gach oifig measúnaithe. Tá an córas mar seo ó 1300 nuair a rinne an rí forógra nár cheadaithe don ghabha aon earra a chur amach as an gceárta go raibh sé measúnaithe is sainmharcáilte le ceann liopaird.
Rialachán Adhmaid De bhreis air seo ghlac an Coimisiún Eorpach le Rialachán Cur chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) Uimh. 607/2012 ar an 6 Iúil 2012 d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an AE. Tugann sé mionchuntas ar na bearta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca ar cuid den gcóras ‘dícheallachta cuí’ iad. Tugann sé mionchuntas leis, ar mhinicíocht agus cineál na scrúduithe a dhéanfaidh údaráis inniúla na mballstát ar na heagraíochtaí monatóireachta.
Plútón (abhacphláinéad) Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na "mírialtachtaí" a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin measúnaithe i gceart ag réalteolaithe na naoú haoise déag. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.
Uileloscadh Sa tríú heagrán dá shaothar ceannródaíochta, "The Destruction of the European Jews", mheasúnaigh Raul Hilberg gur bhásaigh 5.1 milliún Giúdach le linn an Uilelosctha, má chuirtear san áireamh iad siúd a stiúg le hocras is le cruatán na ngeiteonna (thart ar ocht gcéad míle), iad siúd a lámhachadh amuigh faoin aer (milliún agus ceithre chéad míle), agus iad siúd a básaíodh sna campaí (suas le dhá mhilliún agus naoi gcéad míle). Go ginearálta, meastar go raibh Hilberg ag iarraidh fanacht ar an gceann caol den scéal, nó níor thug sé aird ach ar na básanna a bhí ar taifead, agus é ag seachaint an cineál meastacháin a bheadh bunaithe ar na staitisticí. Bhí cur chuige den tsaghas chéanna ag Martin Gilbert, an staraí Sasanach, ina shaothar "Atlas of the Holocaust". Is é an toradh a fuair seisean ná cúig mhilliún agus seacht gcéad caoga míle Giúdach, nó bhí figiúirí na nGiúdach a maraíodh sa Rúis agus in áiteanna eile measúnaithe ní b'airde aige.
Teicneolaíocht Conas is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb seo sna meánscoileanna? Tá na siollabais á n-athbhreithniú le blianta ach den chuid is mó ní bunúsach na hathruithe agus na feabhsuithe a rinneadh orthu. Rinneadh athbhreithniú ar chóras na bpointí Ardteistiméireachta freisin, ach go dtí seo níor réitíodh an bhunfhadhb gur féidir leis an meán-dalta scór níos fearr a bhaint amach in ábhair áirithe ná sna h-eolaíochtaí crua (Ceimic, Fisic, Matamaitic), fiú nuair a dhéanann sí/sé an obair chéanna san dá chás. An féidir na siollabais a scagadh agus a fheabhsú chun na hábhair dheacra a dhéanamh níos mealltaí do na daltaí? Mar shampla, tá an smaoineamh ag teacht chun cinn sna Stáit Aontaithe gur cheart leasaithe a dhéanamh ar mhúineadh na n-ábhar seo sna meánscoileanna. Oideachas leathan ar eolaíocht/ teicneolaíocht don aos óg atá á mholadh, le béim ar thaiscealadh agus ar fhionnachtain in ionad ar fhoghlaim de ghlanmheabhair. Meastar gurbh fhearr curaclam fócasaithe a bheith in úsáid, le téacsleabhair mhaithe éifeachtacha, agus gan na ranga a bheith rangaithe ina n-ardleibhéal agus ina n-íseal-leibhéal mar a tharlaíonn go minic anois. Moltar measúnaithe a bheith bunaithe ar ghníomhartha in ionad a bheith bunaithe ar fhrithshruthú. Moltar freisin an múineadh a bheith bunaithe an oiread agus is féidir ar réamhthuairimí na ndaltí ar eolaíocht/ teicneolaíocht, chun bealach éasca a fháil ar thuiscint agus ar mheon na ndaltaí. Tá seans go bhfuil smaoineamh ansin ar bhealaí chun teicneolaíochtaí a mhúineadh agus a fhoghlaim níos éifeachtaí amach anseo sa tír seo freisin.