Top 10 similar words or synonyms for mcgovern

gaynor    0.892943

connors    0.885036

zabi    0.883714

pam    0.881734

newcombe    0.878858

leila    0.878649

seixas    0.877544

langford    0.877266

whitford    0.876826

mcgowan    0.876553

Top 30 analogous words or synonyms for mcgovern

Article Example
Patrick McGovern Polaiteoir Éireannach ab ea Patrick McGovern (1875 – 7 Feabhra 1949). Bhí sé ina bhall de Lár-Pháirtí Náisiúnta ar dtús agus ansin Fine Gael.
Michael McGovern Is imreoir sacair Éireannach Tuaisceartach é Michael McGovern a rugadh in Inis Ceithleann sa Ríocht Aontaithe ar an 12 Iúil 1984. Imríonn sé faoi láthair le Ross County.
Colm Mac Séalaigh D’fhág O’Neill an banna go luath ina dhiaidh sin agus tháinig John McGovern mar chomharba air. Tar éis bliana, d’fhág McGovern, agus iarradh ar Chaitríona Ní Threasaigh an méarchlár a sheinm ar bhonn rialta agus sa stiúideo taifeadta chomh maith. Chaith Ní Threasaigh roinnt blianta ag casadh an mhéarchláir leis an ngrúpa. Chaith Dónal Ó Faoláin tamall ag seinm an tsacsafóin leis an ngrúpa freisin.
Éadbhard Ó Cathaoir Ar an lá ceannann céanna, chríochnaigh an cluiche ceannais sinsearach idir Cill Chainnigh agus Pórt Láirge mar chomhscór, agus socraíodh an athimirt mí amháin ón dáta seo. Le linn an tréimhse ghearr seo, ceithre sheachtain cruinn, rinne Eddie traschur gan stró ar bith ó mhionúr go sinsear. Tar éis cailliúint na mionúrach, d'imir sé thar barr i dhá chluiche neamh-oifigiúla i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Loch Garman, agus mar thoradh roghnaíodh é mar ionadaí sa scuaid sinsearach in am don athimirt. Le fiche nóiméad ar an gclog sa chluiche ceannais, seoladh chun pháirce é in áit Johnny McGovern. Lá mór a bhí ann don imreoir óg. Cé gur chuir sé taispeántas réasúnta maith isteach, bhí an lá ag na Déisigh. D'ainneoin an díomá a bhí ann an lá seo, bhí tús curtha aige le gairmréim fhada agus rathúil idir-chontae a mhairfeadh go dtí na seachtóidí. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí Ó Cathaoir agus na Cait ar ais, agus bhailigh sé a chéad bhonn sa tSraith Náisiúnta, an chéad bhua ag foireann Chill Chainnigh sa chomórtas seo ó nuair a bhí 1933 ann.
Isaac Asimov Bhí dearcadh forásach ag Asimov ar an gcuid ba mhó de cheisteanna polaitiúla a linne, agus é ag tacú go daingean leis an bPáirtí Daonlathach. Bhí sé ag cur in aghaidh Chogadh Vítneam sna seascaidí, agus lá i dtús na seachtóidí, nuair a bhí sé faoi agallamh ar an teilifís, thacaigh sé le George McGovern go poiblí. Bhí sé míshásta le fás na míréasúntachta agus na pisreogachta i measc na bhforásach Meiriceánach ó dheireadh na seascaidí ar aghaidh. Sa leabhar dírbheathaisnéise "In Joy Still Felt", chuimhnigh sé ar an teagmháil a bhí aige le hAbbie Hoffman, fear mór an fhrithchultúir. B'é an tátal a bhain Asimov as Hoffman agus a leithéidí go raibh siad ag leanúint tonn mhór na mothúchán is na maoithneachta a d'fhág i "bhfásach spioradálta" iad, agus ní raibh sé cinnte, an bhfillfidís as an bhfásach sin choíche. An dóigh a raibh sé ag cosaint na stáisiún adamhach leictreachais fiú i ndiaidh na n-imeachtaí i Three Mile Island, Harrisburg, rinne sé dochar dá chaidreamh le cuid de na Liobrálaigh eile sna Stáit Aontaithe. I litir a cuireadh in athchló sa leabhar úd "Yours, Isaac Asimov", dúirt sé, siúd is gurbh fhearr leis "a shaol a chaitheamh gan dul in aon seans" ná a bheith ina chónaí in aice le himoibritheoir núicléach, go mbeadh sé ní b'fhonnmhaire é a chaitheamh in aice le himoibritheoir núicléach ná in aice le sluma, le Love Canal nó "le gléasra de chuid Union Carbide a bheadh ag táirgiú isicianáit mheitile" (tagairt ab ea é seo don olltubaiste i mBhopal san India, a bhí díreach i mbéal an phobail). Is iomaí achainí a d'eisigh sé, leis, ag éileamh go gcuirfí srianta le ródhaonrú an domhain, agus é go mór mór faoi thionchar daoine ar nós Thomas Malthus agus Paul R. Ehrlich i leith na ceiste seo.