Top 10 similar words or synonyms for mboilséiveach

cinnirí    0.854071

bolscairí    0.851980

huachtaráin    0.849416

dnvp    0.847876

stailceanna    0.846643

úcráineacha    0.845096

gceardchumann    0.841108

threascairt    0.834598

sóisialaigh    0.833338

ríogaithe    0.831521

Top 30 analogous words or synonyms for mboilséiveach

Article Example
Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha Ghlac iarsmaí na Sóisialaithe Réabhlóideacha páirt i gCogadh Cathartha na Rúise ag iarraidh cur in aghaidh na mBoilséiveach. Ina dhiaidh sin, fuair cuid acu - ar nós Aleksandr Kerenskiy - tearmann sna tíortha Iartharacha.
Cogadh Cathartha na Fionlainne Le fírinne, ní raibh todhchaí an rialtais Bhoilséivigh soiléir go fóill i Mí na Nollag 1917, agus is dócha go mbeadh Léinín sásta neamhspleáchas a thabhairt do na Fionlannaigh fiú gan na Sóisialaithe mar lucht eadrána. Bhí Svinhufvud sách naimhdeach i leith na mBoilséiveach, rud a chuir cúl áirithe ar na himeachtaí. Sa deireadh thiar thall, ar an 31 Mí na Nollag 1917, chroith Léinín lámh le Svinhufvud agus é ag síneadh doiciméad an aitheantais chuige, doiciméad a bhí sínithe ag ceannairí na mBoilséiveach.
Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha B'é Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha (Rúisis:"Партия социалистов-революционеров/Partiya Sotsialistov-Revolyutsionerov") an ceann ba tábhachtaí de pháirtithe na heite clé in Impireacht na Rúise roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1902, ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud na Rúise a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.
Réabhlóid Dheireadh Fómhair B'iad an páirtí Boilséiveach, an páirtí Meinséiveach, eite chlé an pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, agus na hAinrialaigh a bhí páirteach i Réabhlóid Dheireadh Fómhair, ach b'iad na Boilséivigh a bhain an leas ba mhó as an réabhlóid, nó tháinig siad i seilbh na Rúise go hiomlán, agus chaith siad a gcuid comhghuaillithe i leataobh i ndiaidh na réabhlóide. An Rialtas Sealadach faoi Alexander Kerensky a bhí ag rialú na Rúise roimhe sin, chaill sé an chumhacht, ach d'éirigh lucht a leanúna amach in aghaidh na mBoilséiveach, agus phléasc cogadh cathartha amach idir na Bána is na Dearga.
An tAontas Sóivéadach Rialtas aon pháirtí amháin ab ea rialtas na mBoilséiveach san Aontas Sóivéadach ón chéad tús. Go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí siad ag comhoibriú le heite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, ach nuair a chonaic na Sóisialaigh Réabhlóideacha, páirtí a raibh tacaíocht na sluaite móra leis ar dtús, an dóigh chiniciúil a raibh na Boilséivigh ag cur na bpáirtithe eile faoi chois, rinne daoine den pháirtí iarracht Léinín a chur as cumhacht le lámh láidir i Samhradh na bliana 1918. Cloíodh an cheannairc go cruálach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dhá urchar le Léinín ar an 30ú lá de Mhí Lúnasa 1918, coisceadh an páirtí scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtóin phríosúin. Mar sin, nuair a fógraíodh an tAontas Sóivéadach go hoifigiúil, ní raibh baill d'aon pháirtí polaitiúil eile ach na Boilséivigh ar an rialtas le fada an lá.