Top 10 similar words or synonyms for marxacha

shostakovich    0.904553

delbrück    0.899471

machel    0.895380

siân    0.895018

appropriation    0.894448

eighteen    0.892422

bloch    0.890797

colbaird    0.889916

geoff    0.888599

shogun    0.888561

Top 30 analogous words or synonyms for marxacha

Article Example
Poblacht Mhósaimbíc Ní raibh Machel ábalta geilleagar na tíre a choinneáil ag imeacht, áfach, agus an tír ag titim as a chéile de dheasca na cogaíochta. Ní raibh sé in ann ach na cathracha ar fud an chósta a choinneáil faoi smacht, áfach, agus treallchogaithe RENAMO ag rith damhsa faoin tuath. Sa bhliain 1983, d'admhaigh Machel nach raibh ag éirí leis na polasaithe Marxacha, agus go gcaithfí geilleagar margaidh a thabhairt isteach agus leasuithe polaitiúla a chur i gcrích. Trí bliana ina dhiaidh sin, áfach, fuair Machel bás tobann i dtimpiste eitleáin. Creidtear go raibh lámh ag fórsaí slándála na hAfraice Theas sa timpiste seo.
Poblacht Mhósaimbíc Fuair an tír a neamhspleáchas sa bhliain 1975. Ina dhiaidh sin, áfach, chuir ceannairí FRELIMO, an ghluaiseacht treallchogaíochta, rialtas aon pháirtí ar bun a bhí go mór mór faoi thionchar an Aontais Shóivéadaigh. B'é Samora Machel a chuaigh i mbun na hUachtaránachta. Bhí cuid mhaith de mhuintir na tíre míshásta le polasaithe Marxacha Machel, agus tháinig gluaiseacht treallchogaíochta, RENAMO, ar an bhfód le troid a chur ar rialtas FRELIMO. Bhí RENAMO ag fáil cuidiú ón Afraic Theas, ina raibh an apairtéid faoi réim ag an am seo. Ón taobh eile, bhí Machel ag tacú go gníomhach le gluaiseachtaí frithapairtéide, ar nós na Comhdhála Náisiúnta Afracánaí (ANC).
Bertolt Brecht An cineál Marxachas a bhí i gceist ag Brecht, bhí sé go mór faoi thionchar na dteoiriceoirí Marxacha Karl Korsch, Fritz Sternberg agus Ernst Bloch - smaointeoirí a bhí neamhspleách ar fad ar an bPáirtí Cumannach. Rinne sé dianstaidéar ar shaothar Hegel agus Marx féin, ní nárbh ionadh. Faoin tionchar idé-eolaíoch seo, scríobh sé sraith de dhrámaí teagaisc nó "Lehrstücke" i spiorad an Mharxachais. Na dánta a d'fhoilsigh sé sa chnuasach úd "Bertolt Brechts Hauspostille" sa bhliain 1927, áfach, bhí an chuid ba mhó acu scríofa aige sula ndeachaigh sé le Marxachas i ndáiríre. Ar an 31 Lúnasa 1928, chuaigh an ceoldráma úd "Dreigroschenoper" ("Ceoldráma Trí Chianóg"), an ceann is clúití riamh le Brecht agus Weill, an chéad uair riamh ar stáitse. Thuill Brecht a leithéid de shaibhreas ar an gceoldráma seo agus go raibh sé ábalta teach a cheannach in Utting sa Bhaváir.
Vlaidímír Leinín Mac léinn cliste ab ea Leinín, agus bhí suim aige i Laidin agus Gréigis. Bhí dhá thubaiste i saol Leinín mar bhuachaill óg, agus bhí tionchar mór acu air. Ar dtús, fuair a athair bás sa bhliain 1886. An bhliain ina dhiaidh, crochadh a dheartháir Alexander Ulyanov mar ghlac sé páirt i scéim chun Sár Alastar III a mharú. D'athraigh na h-eachtraí seo saol Leinín go deo, agus as seo amach bhí dearcadh réabhlóideach aige. Thosaigh sé ag déanamh staidéar ar obair Karl Marx agus Nikolai Chernyshevsky, agus ag iarraidh scéim Marxachas a chur le chéile chun réabhlóid rathúil a fháil. Sa bhliain 1887, d'fhág sé an mheánscoil agus chuaigh sé isteach in Ollscoil na Cazáine. Thosaigh sé ag glacadh páirt in agóide mic léinne, agus mar thoradh cuireadh amach as an ollscoil é i mí Nollaig 1887. Seoladh amach é ar dheoraíocht, ach tháinig Leinín ar ais go Kazan i 1888, agus thosaigh sé ag buaileadh leis na ngrúpaí Marxacha. Sa bhliain 1889, bhog Léinin chun chónaigh i Samara, agus i 1890 d'aistrigh sé "Forógra an Páirtí Cumannach" go Rúisis. Cé go raibh sé amach as Ollscoil Kazan, lean Leinín ar aghaidh ag staidéar dlí ina aonar. Fuair sé na grádaí is fearr sa rang, agus bronnadh céim agus ceadúnas dlí air ón Ollscoil Chathair Pheadair i 1891.
Naitsíochas Is é an dearcadh a bhíonn ag na staraithe Marxacha gurbh iad na rachmasóirí móra a chuir Hitler i gceannas ar an tír, chomh fial flaithiúil is a bhí siad - leithéidí Fritz Thyssen agus Emil Kirdorf - ag tál airgid agus cabhrach eile ar Hitler nuair nach raibh ann ach mionpholaiteoir go fóill. Seo an tuiscint a bhí ag an staraí Oir-Ghearmánach Eberhard Czichon. Ní raibh lucht staire an Iarthair sásta glacadh leis an gciallú seo, áfach. Is éard a dúirt Reinhard Neebe, cuir i gcás, nárbh é Hitler ba mhó a fuair tacaíochta ó na rachmasóirí, ach na seansailéirí a tháinig roimhesean, ar nós Heinrich Brüning agus Franz von Papen. Rinne an staraí Meiriceánach Henry Ashby Turner taighde ar fhoinsí airgid na Naitsithe agus is é an tátal a bhain sé as ná gur ag Neebe ba mhó a bhí an ceart. Is é sin, fuair na Naitsithe an chuid ba mhó den airgead ó ghnáthbhallra an pháirtí. Níor thacaigh na caipitlithe leis na Naitsithe ach amháin ar eagla na heagla, nó ba iad an "Zentrum", an DNVP agus an DVP na páirtithe ba mhó a thaitin le lucht an mhór-rachmais.