Top 10 similar words or synonyms for mailíseacha

tomagrafaíocht    0.907781

chomhdhlúite    0.902871

pailéasóch    0.901932

molaibdéineam    0.900587

fean    0.899560

loingeáin    0.898020

leathrialta    0.897887

dathach    0.896588

abo    0.896524

radar    0.896522

Top 30 analogous words or synonyms for mailíseacha

Article Example
Bogearraí mailíseacha Le go bhféadfadh an ríomhchlár mailíseach dul chun dochair don ríomhaire, caithfidh sé a bheith folaithe, nó mura bhfuil, is féidir go n-aithneoidh an t-úsáideoir go bhfuil rud éigin cearr, ionas go gcuirfidh sé an ríomhaire as nó go scriosfaidh sé an bogearra naimhdeach sula mbeidh an camghnó déanta. Ar ndóigh, ní mór fíor-chuspóir an bhogearra mhailísigh a choinneáil faoi cheilt leis an úsáideoir a mhealladh chun é a shuiteáil ar an ríomhaire. Na bogearraí mailíseacha atá bunaithe ar an smaoineamh seo, tugtar capaill Thraíocha, nó Traígh, orthu.
Bogearraí mailíseacha Sa chiall is fairsinge, is é is ciall le "capall Traíoch" ná bogearra a mheallann an duine chun é a shuiteáil agus úsáid chiallmhar éigin a bhaint as, ach nuair a shuiteálfaidh an t-úsáideoir é, tiocfaidh pálasta folaithe isteach a bhfuil urchóid éigin ag baint leis. Is féidir don Traíoch cleas mailíseach éigin a imirt ar an úsáideoir, mar shampla a chuid sonraí a scrios, ach inniu, is minicí a shuiteálfaidh an Traíoch tuilleadh ríomhchláir lena úsáid féin a bhaint as an ríomhaire. Tugtar scaoilteoir ar an gcineál Traíoch a úsáidtear le síol a chur le heipidéim phéisteanna tríd an chéad phéist a scaoileadh saor ar an chéad ríomhaire.
Bogearraí mailíseacha Na víris atá ceaptha le loitiméireacht a dhéanamh nó leis na sonraí a dhíothú, tá níos mó i gceist leosan ná cleas magaidh. In imeacht ama, áfach, tháinig víris eile ar an bhfód agus iad dírithe ar bhrabús gnó a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ríomhairí daoine eile i nganfhios dóibh. Is féidir leis an gcoirpeach dul i muinín na ríomhairí ionfhabhtaithe (truaillithe) le litreacha turscair (spam) a chur sa ríomhphost, ábhar coiriúil (pornagrafaíocht leanaí, mar shampla) a choinneáil ar stóras, nó ionsaí diúltaithe seirbhíse a chur i gcrích mar shracaireacht.
Bogearraí mailíseacha Is éard atá i gceist le bogearraí mailíseacha ná ríomhchláir (ríomhoidis, bogearraí) a thagann isteach ón Idirlíon le seadú a dhéanamh i ríomhaire an úsáideora i nganfhios dó. Sa ghnáthchaint, is minic a thugtar "víreas" ar gach sórt bogearraí mailíseacha, ach le fírinne, is iomaí cineál eile atá ann, mar shampla:
Bogearraí mailíseacha Cuid de na bogearraí mailíseacha, ní raibh iontu ar dtús ach turgnaimh eolaíochta nó clis mhagaidh. Iad siúd a d'fhorbair iad, ní raibh siad ag iarraidh dochar tromchúiseach a dhéanamh d'aon duine ná dá ríomhaire. Na ríomhchláraitheoirí óga a bhíodh á scríobh, ní raibh i gceist acu ach éirí eolach ar bhealaí na víreas, go háirithe chomh tapa agus a bhí siad ag léim ó ríomhaire go ríomhaire. Dealraíonn sé nach raibh ach cleas magaidh i gceist leis na víris ab fhairsinge a leath, chomh déanach leis an mbliain 1999.