Top 10 similar words or synonyms for linkola

bertold    0.887258

quasimodo    0.867154

torrente    0.865305

remarque    0.864233

winkler    0.863010

krum    0.862957

pentti    0.861729

anarchismus    0.860278

kertész    0.857982

arne    0.854451

Top 30 analogous words or synonyms for linkola

Article Example
Pentti Linkola Sa bhliain 1959, chrom sé ar an iascaireacht mar shlí bheatha. Faoin am céanna, thosaigh sé ag scríobh paimfléid faoin teideal "Isänmaan ja ihmisen puolesta eikä ketään vastaan" ("Ar mhaithe leis an tír dhúchais agus leis an duine, gan dochar a dhéanamh d'aon duine"). Tháinig an paimfléad i gcló sa bhliain 1960. B'é ab ábhar don phaimfléad ná cúrsaí na síochána agus an tsíochánachais, nó bhí sé ag moladh do na daoine óga gan dul sna saighdiúirí agus an tseirbhís neamharmtha a roghnú ina áit. Ba scannal mór é sin san am, nó bhí an coinscríobh éigeantach san Fhionlainn ansin (agus tá sé i bhfeidhm inniu féin), agus cé gur cheadaigh an dlí an tseirbhís neamharmtha, bhí an chuid ba mhó den tsochaí an-naimhdeach ina leith siúd a roghnaigh í. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé as an síochánachas, nuair a thosaigh sé ag craobhscaoileadh an Darwineachais shóisialta.
Pentti Linkola Scríbhneoir, fealsamh éiceolaíoch, éaneolaí féinteagasctha agus easaontóir Fionlannach is ea Kaarlo Pentti Linkola, a rugadh ar an 7 Nollaig 1932 i Heilsincí. Cé gur sa phríomhchathair a saolaíodh é, chaitheadh sé cuid mhór dá am faoin tuath, agus chuir sé suim i gcúrsaí na timpeallachta agus na héiceolaíochta luath go leor. Chaith sé cúpla bliain ag staidéar bitheolaíochta in Ollscoil Heilsincí, ach d'éirigh sé as go luath, ó b'fhearr leis bheith ag éanadóireacht amuigh faoin aer. Chuidigh sé leis na héaneolaithe ag déanamh breathnóireachta agus ag coinneáil súile ar na héanacha, agus scríobh sé caibidlí dá lán foilseachán faoi éanacha na Fionlainne.
Pentti Linkola D'fhorbair sé na smaointí seo i gcupla leabhar a d'fhoilsigh sé ina dhiaidh sin, mar atá, "Johdatus 90-luvun ajatteluun" (1989, "Uraiceacht Smaointeachas na Nóchaidí") agus "Voisiko elämä voittaa?" (2004, "An bhféadfadh an bheatha bua a bhreith?")
Pentti Linkola Sa bhliain 1971, d'fhoilsigh Linkola an chéad bhailiúchán d'altanna faoi chúrsaí na héiceolaíochta, mar atá, "Unelmat paremmasta maailmasta" ("Na Brionglóidí faoi Dhomhan ab Fhearr ná Seo"). I rith na mblianta, d'éirigh sé ní ba duairce agus ní ba chruálaí ina shaoldearcadh. Nuair a tháinig an chéad leabhar eile leis i gcló, mar atá, "Toisinajattelijan päiväkirjasta" ("As Dialann an Easaontóra"), sa bhliain 1979, bhí sé ag moladh Hitler, toisc go raibh Hitler ag marú daoine, agus ag caitheamh anuas ar dhaoine cosúil le hAlbert Schweitzer, ó bhí siad ag sábháil daoine. Sa leabhar seo ba túisce a chuir sé i míotar an prionsabal atá taobh thiar dá smaointeachas ó sin i leith, is é sin, an bithlárnachas in áit an daonlárnachais. Is éard atá sé a rá ná go bhfuil an duine daonna ag cur na timpeallachta nádúrtha ó mhaith, agus go bhfuil an timpeallacht nádúrtha níos tábhachtaí ná an duine daonna. Mar sin, ní mór na daoine iomarcacha a mharú scun scan, éirí as úsáid na teicneolaíochta agus sochaí nua a chur ar bun a bheadh bunaithe ar an eacnamaíocht fhéinchothaitheach agus ar an talmhaíocht.
Ár Jokela Bhí sé ina ábhar mór diospóireachta i ndiaidh an áir, cén tionchar a bhí ag Pentti Linkola ar smaointeachas anordúil Pekka-Eric Auvinen. Ceannródaí don Ghlasachas ab ea Pentti Linkola san Fhionlainn, scríbhneoir a thug rabhadh faoi na dainséir a bhí ag bagairt ar an timpeallacht nádúrtha thiar sna seachtóidí, nuair nach raibh sé faisiúnta go fóill. De réir a chéile, d'iompaigh Linkola in aghaidh an daonlathais agus é ag fógairt gur chóir na lagracháin a mharú agus na daoine láidire a chur i gceannas ar na cúrsaí. Cé go bhfuil blas láidir an Darwineachais shóisialta ar a mbíonn sé a rá ar na saolta seo, agus a lán daoine ag cur "éicea-fhaisisteachas" ina leith, bíonn fáilte roimhe i gcónaí ina lán áiteanna toisc an stádas a bhain sé amach sna ciorcail acadúla leis an ról a bhí aige mar cheannródaí do ghluaiseacht na nGlasach. Bhí máthair Pekka-Eric Auvinen ina ball den fhaicsean Ghlasach a bhí tugtha do ghnéithe áirithe de smaointeachas Linkola, agus chuir an fear óg féin in iúl ina chuid scríbhinní go raibh urraim aige do Linkola.