Top 10 similar words or synonyms for hms

anson    0.789025

chair    0.771223

uribe    0.760903

countess    0.758267

mermaid    0.755893

six    0.755554

heads    0.753382

titanic    0.751013

discovery    0.750147

magnanime    0.747973

Top 30 analogous words or synonyms for hms

Article Example
HMS Belfast (C35) Is long mhúsaem suite ar an Tamais sa London Borough of Southwark í HMS Belfast.
Cath Thoraí D’fhág scuadrún Bompart Brest go deireanach sa tráthnóna agus iad ag súil go mbeadh siad in ann sleamhnú thar longbhac cois cladaigh de chuid na Breataine. Thóg siad an iomarca ama le Passage du Raz a loingsiú, áfach, agus thug scuadrún frigéid faoi deara iad ag breacadh an lae an 17 Meán Fómhair faoi stiúir Richard Goodwin Keats ar bord an "HMS Boadicea". Roinn Keats a chuid fórsaí láithreach. Thug sé ordú don "HMS Ethalion", faoi stiúir an Chaptaein George Countess, agus don bhruig "HMS Sylph", an fórsa Francach a leanúint fad is a bhí Keats ag cur an Tiarna Bridport, aimiréal Fhlít an Chainéil, ar an eolas faoi imeachtaí na bhFrancach.
Cath Thoraí I rith na hoíche, rinne Bompart iarracht na Briotanacha a dhíthreorú agus é ag tabhairt ordú don fhrigéad "Résolue" í féin a tharraingt aníos ón bhfarraige agus bladhmanna guaise a scaoileadh. Bhíothas ag súil go gcuirfí Warren ar seachrán ón tóraíocht leis seo. Ní heol an fáth nár cuireadh an t-ordú sin i gcrích, agus ar maidin bhí Warren fós sna sála ar Bompart, a raibh a chuid long ag seoladh in dhá líne mhíchothroma. Bhí fórsa Warren níos scaipthe. Bhí an "HMS Robust" agus an "HMS Magnanime" 4 mhíle loingseoireachta (7.4 km) taobh thiar de na Francaigh agus iad ag druidim leo. Bhí an "Amelia" agus an "Melampus" beagán ar a gcúl agus bhí an bhratlong "HMS Canada" agus an "HMS Foudroyant" 8 míle loingseoireachta (15km) ón namhaid. Bhí na longa Briotanacha eile scaipthe ar fud an chipe sin cé is móite den "Anson", a bhí i bhfad ar chúl agus as amharc.
George Bass Shroich sé i Sydney i New South Wales ar "HMS Reliance" ar 7 Meán Fómhair 1795. Chuaigh Matthew Flinders, John Hunter, William Martin agus Bennelong isteach ar an thuras chomh maith.
Cath Thoraí D’éalaigh an "Loire" agus an "Sémillante" ón gcath go dtí Cuan an Fhóid Duibh, áit ina raibh siad ag fanacht i bhfolach go dtí go mbeadh bealach sábháilte acu ar ais chuig an bhFrainc. Go deireanach an 15 Deireadh Fómhair tháinig scuadrún frigéid Briotanach faoi stiúir James Newman. Thrasnaigh Newman an ceann tíre ar an taobh dheas den chuan, áfach, rud a chuir ruaig ar na longa Francacha teitheadh ó thuaidh. Lean an tóraíocht ar aghaidh. Thug Newman ordú don "HMS Révolutionaire" a haird a dhíriú ar an Séimillante agus sheol sé féin an "HMS Mermaid", in éineacht leis an mbruig "HMS Kangaroo", sa tóir ar an "Loire". Scar an "Loire" agus an "Sémillante" ionas go mbeadh ar an dream a bhí ina ndiaidh imeacht ó chéile. Chaill an "Mermaid" agus an "Kangaroo" tuairisc ar an "Loire" go luath sa tráthnóna, agus d’éalaigh an "Sémillante" ón "Révolutionaire" tar éis thitim na hoíche.
Cath Thoraí Tháinig feabhas ar an aimsir an 11 Deireadh Fómhair. Thug Countess dhá sheol faoi deara ó dheas agus chuaigh sí ann leis an "Ethalion" chun imscrúdú a dhéanamh. An "Amelia" agus long chogaidh ó scuadrún Warren a bhí ann, agus iad ag dul ó thuaidh tar éis dóibh fainic an "Sylph" a fháil agus iarracht á déanamh acu na Francaigh a idircheapadh. Chuaigh dhá fhrigéad sa bhreis ─ an "HMS Melampus" faoi stiúir an Chaptaein Graham Moore agus an "HMS Doris" faoi stiúir an Tiarna Ranelagh ─ i gcabhair ar scuadrún Warren, a raibh trí long chogaidh agus an frigéad "razée" "HMS Magnanime" ann, an lá roimhe sin. Cheangail Warren an "Melampus" dá scuadrún agus dhícheangail sé an "Doris" chun scabhtáil feadh chósta na hÉireann, sa réigiún i nDún na nGall ach go háirithe, áit ar tháinig na Francaigh i dtír roimhe sin.
Cath Thoraí Measadh sa Bhreatain gur éirigh go iontach leis an gcath agus ghabh an pharlaimint buíochas leis an bhfórsa go léir. Tugadh ardú céime do líon mór d’oifigigh shóisearacha agus bronnadh airgead ar gach ball den chriú tar éis dhíolachán na soithí gafa. Ceannaíodh an "Immortalité" agus an "Loire" i measc na gcomhramh sin, agus sheol siad sa Chabhlach Ríoga le blianta fada, faoina n-ainmneacha féin. Tugadh an "HMS Donegal" ar an "Hoche" agus an "HMS Ambuscade" ar an "Embuscade". Bhí sé beartaithe an "Coquille" a dhíol ach tharla pléasc thubaisteach armlóin ar bord i Nollaig na bliana 1798. Maraíodh trí dhuine dhéag sa tubaiste sin agus scriosadh an soitheach ar fad. Measadh go raibh an dá chomhramh dheireanacha, an "Résolue" agus an Bellone, róshean agus go raibh an iomarca damáiste déanta dóibh chun seirbhís ghníomhach a chur ar fáil. Cheannaigh an Cabhlach Ríoga iad, áfach, chun airgead comhraimh a chur ar fáil dá bpríosúnaigh. Tugadh an "HMS Proserpine" ar an "Bellone" agus an "HMS Resolue" ar an "Résolue".
Arthur Chichester B'iad tuismitheoirí Chichester ná an Ridire John Chichester agus Gertrude Courtenay, iníon le Sir William Courtenay, as Devon. Tar éis dó freastal ar Exeter College, Ollscoil Oxford, bhí Chichester ina cheannasaí ar an long cogaidh, an HMS Larke, in aghaidh Armáide na Spáinne sa bhliain 1588.
An Aoine I gcúltúir áirithe, is mí-adhúil í an Aoine, go háirithe Dé hAoine an 13ú lá agus go háirithe i gciorcail muirí. I scéal oiread (is dócha, bréagach), tógadh long Cabhlach Ríúl, HMS Friday Dé hAoine, cuireadh sé chun mhuir Dé hAoine agus chaptaenigh Captaen Friday é. Ní chualthas é tar éis a chéad turas.
Hendrick Motorsports Is foireann rásaíochta gluaisteán ó na Stáit Aontaithe é Hendrick Motorsports (HMS) (All-Star Racing mar a thugtaí air). Rick Hendrick a bhunaigh sa bhliain 1984. Faoi láthair, glacann an fhoireann páirt i Sprint Cup Series NASCAR. Bhuaigh 10 dtiománaí leo seo (sna blianta 1995, 1996, 1997, 1998, 2001, 2006, 2007, 2008, 2009, 2010)