Top 10 similar words or synonyms for hiondúis

urdais    0.919205

cróitis    0.884710

tagálaigis    0.881602

phortaingéilis    0.877471

tuircméinis    0.875955

asarbaiseáinis    0.875699

vítneaimis    0.872636

giúdais    0.872358

eastóinis    0.871948

aragóinis    0.870808

Top 30 analogous words or synonyms for hiondúis

Article Example
An Hiondúis An chanúint is bun leis an Hiondúis Chaighdeánach, tugtar "Khari Boli" uirthi. Tá an chanúint seo á labhairt go nádúrtha in Iarthar Uttar Pradesh. Tá caighdeán na hUrdaise bunaithe ar an gcanúint chéanna, agus mar sin, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis ó thaobh na teanga labhartha de. Úsáidtear an aibítir Arabach leis an Urdais a scríobh, agus an aibítir Dhéiveanágrach leis an Hiondúis a bhreacadh síos. Thairis sin, measctar focail Araibise agus Pheirsise tríd an leagan scríofa den Urdais, agus lucht na Hiondúise i dtuilleamaí na Sanscraite le blas ar leith a chur ar a dteanga féin.
An Hiondúis Is teanga Ind-Eorpach í an Hiondúis (हिन्दी, हिंदी) a labhraítear go forleathan i dtuaisceart agus i lár na hIndia, ar fud "chrioslach na Hiondúise". Bíonn na canúintí an-éagsúil le chéile ó am go ham, agus is deacair a rá go minic, cé acu canúint Hiondúise atá á labhairt i réigiún áirithe, nó teanga neamhspleách. Glactar leis go bhfuil leagan éigin den Hiondúis ó dhúchas ag 41 % de mhuintir na hIndia.
An Hiondúis Labhraítear cineál Hiondúise i bhFidsí chomh maith, ós rud é gur shocraigh a lán muintir isteach ón India síos i bhFidsí sa naoú haois déag. Is deacair a rá, áfach, an ionann mar theangacha iad Hiondúis Fhidsí agus an Hiondúis sa chiall chúng. Meascán canúintí í Hiondúis Fhidsí a fuair a lán focal ar iasacht ón bhFidsis agus ón mBéarla, agus í féin níos cosúla leis an teanga "Bhojpuri" a labhraítear i stát Bihar agus leis an teanga "Awadhi" atá le cloisteáil i réigiún Awadh (Oudh) i stát Uttar Pradesh. Taispeánann cinniúint an dá theanga seo san India féin cé chomh deacair agus atá sé coincheap na "teanga" agus na "canúna" a shainiú go sásúil: bhí an teanga Awadhi an-tábhachtach mar chaighdeán scríofa sular tháinig an chanúint Khari Boli chun cinn, agus inniu, caitear leis an Awadhi mar nach mbeadh ann ach canúint; maidir leis an teanga Bhojpuri, tá stádas oifigiúil aici i stát Bihar in éineacht leis an Hiondúis agus dhá theanga ghaolmhara eile (an teanga "Magadhi" agus an teanga "Maithili"), ach níl traidisiún liteartha na teanga Bhojpuri leath chomh sean ná chomh tábhachtach agus an litríocht a scríobhadh as Awadhi roimh chaighdeánú na Hiondúise.
An Hiondúis Uaireanta, tugtar "Hiondústáinis" ar an gcineál Hiondúise/Urdaise a labhraíonn an chosmhuintir, cibé cé acu Hiondúigh nó Moslamaigh iad.
An Hiondúis Is í an Hiondúis an ceann is mó cainteoirí de theangacha oifigiúla na hIndia, agus í á labhairt sna stáit thuaisceartacha ar nós Rajasthan, Delhi, Haryana, Uttarakhand, Uttar Pradesh, Madhya Pradesh, Chhattisgarh, Himachal Pradesh, Jharkhand, agus Bihar. Ina lán áiteanna, áfach, bíonn teangacha áitiúla nó réigiúnacha á labhairt i mbreis ar an Hiondúis, agus thairis sin, bíonn féiniúlacht láidir ag a lán canúintí, agus lucht a labhartha á gcur chun cinn mar theangacha neamhspleácha. Mar shampla, is é dearcadh oifigiúil an rialtais fheidearálaigh san India gur canúint de chuid na Hiondúise í an teanga "Chhattisgarhi", ach sa bhliain 2000, d'éirigh leis an réigiún ina labhraítear an teanga seo féinrialtas a bhaint amach mar stát ar leith san India (Chhattisgarh ainm an stáit, agus ba chuid de Madhya Pradesh é roimhe sin), agus inniu, tá an teanga Chhattisgarhi á saothrú mar theanga oifigiúil sa stát nua.
Caismírigh Is grúpa eitneach Áiseach iad na Caismírigh. Is í an Phuinseáibis, an Hiondúis agus an Urdais a bpríomhtheangacha.
An Neipeailis Is í an Neipeailis ("Nepali") príomhtheanga Neipeal agus teanga oifigiúil na tíre. Tá sí á labhairt i Neipeal féin agus sna ceantair in aice leis an tír sin. Ceann de na teangacha Ind-Áiríocha is ea í, agus gaol dlúth aici, mar sin, leis an Hiondúis agus le cuid mhór eile de theangacha na hIndia. Tá an Neipeailis níos seanársa ná an Hiondúis, agus níl an oiread céanna d'fhocail Pheirsise in úsáid inti.
An Urdais Is teanga í an Urdais a labhraítear sa Phacastáin agus san India. Le fírinne, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis, ach amháin go bhfuil an Hiondúis á labhairt ag na Hiondúigh, agus an Urdais ag na Muslamaigh Indiacha agus Phacastánacha. Scríobhtar an Urdais leis na litreacha Arabacha, agus an Hiondúis leis na litreacha Déiveanágracha. Thairis sin, is iomaí focal Araibise agus Peirsise a úsáidtear sa leagan scríofa den Urdais. Ón taobh eile de, bíonn na Hiondúigh ag iarraidh a dteanga féin a shaibhriú le focail Sanscraite.
An India Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hiondúis agus Béarla na príomhtheangacha atá in úsáid ag an rialtas cónaidhme. Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India.
Indira Gandhi Polaiteoir Indiach ab ea Indira Priyadarshini Gandhi (IPA (Hiondúis) ˈɪnːdɪrə ˈɡaːnd̪ʱi; née Nehru; 19 Samhain 1917 – 31 Deireadh Fómhair 1984). Ise an t-aon bhanphríomh-aire i stair na hIndia. Aon-iníon Jawaharlal Nehru, chéad phríomh-aire na hIndia, ab ea í. Bhí Indira Gandhi ina príomh-aire ó 1966 go 1977 agus ansin arís ó 1980 gur feallmharaíodh í sa bhliain 1984.