Top 10 similar words or synonyms for gloiní

hiailideach    0.936373

foibhé    0.924808

lionn    0.920563

ballnasc    0.914624

córóideach    0.913070

scléara    0.903893

macula    0.901485

scríobann    0.897137

dromlach    0.896429

duán    0.891109

Top 30 analogous words or synonyms for gloiní

Article Example
Gloiní ceoil Gléas ceoil ina bhfuil soithigh gloine de thoirteanna is airdí éagsúla a bhuailtear nó a chuimlítear chun fuaimeanna ceolmhara a dhéanamh, cosúil le clog. Saghsanna éagsúla coitianta san 18ú céad, agus chum cumadóirí (Mozart ina measc) ceol dóibh.
Spéaclaí Is trealamh pearsanta a chuimsíonn fráma agus dhá lionsa a chaitear os comhair na súile iad spéaclaí, nó gloiní mar a thugtar uaireanta orthu.
Cneastumadóireacht Foirm snámha faoin uisce a d'éirigh an-choitianta sna 1930idí gur tháinig tumadóireacht scúba chun cinn ó na 1940idí. Ní raibh mar ghaireas ach gloiní cosanta, masc aghaidhe, lapaí is feadán gearr anála a dtugtar "snorcal" air.
Liathróid láimhe Sa lá atá inniu ann úsáidtear liathróid rubair agus caitear T-léine, brístí gearra, stocaí agus bróga reatha atá oiriúnach do na cúirteanna nua-aimseartha.Is minic, freisin, a chaitear gloiní cosanta, lámhaínní agus banda allais.
Cúlchuaisín Is éard is cúlchuaisín ann ná caolspás taobh thiar d'fhorimeallach an inteacháin, agus os comhair bhallnaisc chrochta an lionsa agus an phróisis fhabhránaigh. Tá an cúlchuasán comhdéanta de spás beag go díreach taobh thiar den inteachán, ach os comhair an lionsa. Tá an cúlchuasán ina chuid den deighleog thosaigh agus ní ceart é a mheascadh leis an chuasán gloiní (sa chúldheighleog).
Champlevé ‘Réimse ardaithe’, teicníocht cruanta ar mhiotal ina ndéantar an íomhá a ghreanadh as dromchla an mhiotail ar dtús. Ansin líontar an íomhá seo le taois gloiní de dhathanna éagsúla roimh an iomlán a fhaghairt i bhfoirnéis. Bhí sé an-choitianta sa Mheánaois, agus táirgeadh é ar scála beagnach tionsclaíoch i Limoges na Fraince.
Howard Grubb Ceapadóir is déantóir ionstraimí eolaíochta as Baile Átha Cliath ab ea Howard Grubb (28 Iúil 1844 – 16 Meán Fómhair 1931). Cáiliúil as dearadh is déanamh teileascóp réalteolaíochta do réadlanna ar fud an Domhain (Ard Mhacha, Melbourne, Madras, Maidrid, Meice, Mississippi, agus a lán eile). I 1890–1914 sholáthair a chomhlacht timpeall 90 teileascóp mór. Rinne sé gloiní amhairc gunna agus peireascóip freisin. Sa bhliain 1925 nasc sé le Charles Parsons chun comhlacht nua a chruthú i Newcastle-upon-Tyne.
Gloine mhiotalach Miotal i staid dhímhorfach (na hadaimh i struchtúr neamhchriostalta, gan eagar rialta, cosúil le struchtúr inmheánach gloine), a táirgeadh den chéad uair i 1960 ag an ábhareolaí Meiriceánach William Klement (1937-). Bíonn struchtúr inmheánach criostalta ag miotail de ghnáth, ach is féidir a mhalartú don struchtúr dímhorfach tríd an miotal leáite a fhuarú go tapa, nó an miotal soladach a fho-roinnt ina phúdar mín. Úsáidtear gloiní miotalacha i gcroíleacáin trasfhoirmeoirí agus déanamh comhpháirteanna fíorláidre, cosúil le giaranna (trí mhodhanna púdarmhiotalóireachta mar shintéarú).
Eolaíocht na n-ábhar Staidéar ar na hairíonna fisiciúla, ceimiceacha is innealtóireachta ábhar, de réir mar a chinneann a struchtúir mhicreascópacha na hairíonna sin, den chuid is mó. Tagann modhanna caighdeánacha tástála meicniúla ón innealtóireacht agus modhanna fisiciúla is ceimiceacha scrúdaithe ar struchtúr ábhar (le leictreonmhicreascópacht, mar shampla) san áireamh chun na naisc idir comhábhair is comhpháirteanna éagsúla in ábhair a thuiscint. Tháinig oiread iontach ábhar nua amach as an eolaíocht seo: mar shampla, rubar seoltach, gloiní miotalacha, ceirmeacht le húsáid in innill gluaisteán, miotail ar leith i gcomhair aerárthach, snáthghloine is comhábhair threisithe le snáithíní carbóin le húsáid i dtrealaimh spóirt, ábhair nua i gcomhair ionphlanduithe sa cholainn nach ndiúltóidh an cholainn dóibh.
Déshúileach Ionstraim formhéadaithe optúil le húsáid leis an dá shúil le chéile is ea déshúileach. Ainm eile air is ea "cianghloiní". Bíonn dhá chóras optúla ann is iad nasctha go comhthreomhar le chéile: i ngach ceann acu dhá lionsa dhronnacha, súilphíosa is réadlionsa, chomh maith le priosma chun an fhrithne a dhéanamh ceartdíreach. Déantar fócasú tríd an bhfad idir an dá lionsa ar an dá thaobh a athrú. I gcuid de na hionstraimí (gloiní amharclainne, mar shampla), úsáidtear súilphíosa cuasach chun íomhá cheartdíreach a déanamh gan phriosmaí.