Top 10 similar words or synonyms for folús

tríthi    0.827395

fuinnmhithe    0.803517

teimhneach    0.797521

útarach    0.794347

aeróg    0.790530

splanc    0.788043

míoca    0.783876

miontréach    0.783627

ábhairín    0.781667

cipíní    0.781490

Top 30 analogous words or synonyms for folús

Article Example
Folús Spás nach bhfuil aon damhna ann. Sa tsaotharlann, is féidir staid gar don fholús a bhaint amach tríd an aer a chaidéalú amach as soitheach atá iata go hiomlán. Tomhaistear folús de réir an bhrú inti. Nialas an brú a bheadh ag folús foirfe, rud nach féidir a bhaint amach. An staid is gaire don staid seo is ea an spás idir-réaltach. Ach is féidir folúis 10-10 Pa a bhaint amach le teicneolaíochtaí nua-aoiseacha folúis i gcomhair turgnamh nuair is gá aon chur isteach ag adaimh eachtrannacha a choimeád as áireamh.
Gibneoireacht Teicníocht choitianta i míochaine oirthearach is iartharach, ina gcruthaítear folús taobh istigh de phróca nó cupán (an ghibne), le lasair go minic, agus a gcuirtear béal na gibne ar chraiceann an duine atá le cóireáil. Tarraingíonn an folús sa ghibne craiceann is fíocháin an duine píosa beag isteach inti, agus coinnítear mar sin é ar feadh ceathrú uaire. Baineann snáthaidpholladóirí feidhm aisti, ach tá a húsáid imithe i léig i measc gnáthdhochtúirí le fada.
Déghloiniú Dhá leathán gloine, scartha ag aerspás chun insliú teirmeach is fuaimiúil a fheabhsú. Uaireanta bíonn an dá leathán séalaithe le folús páirteach sa spás eatarthu, rud a fheabhsaíonn an t-insliú.
Otto von Guericke Fisicí a rugadh i Magdeburg na Gearmáine ab ea Otto von Guericke (30 Samhain 1602 – 21 Bealtaine 1686, de réir fhéilire Ghréagóra). D'fheabhsaigh sé an caidéal uisce (1650) ionas go raibh sé in ann an t-aer a bhaint amach as soitheach is folús a dhéanamh ann. Rinne sé léiriú drámata ar an bhfolús le dhá leathsféar Magdeburg. Dhá leathsféar copair, 50 cm ar trastomhas, ab ea iad, curtha le chéile le gréisc idir na himill. Rinne sé folús sa soitheach, agus níorbh fhéidir le dhá chapall an dá leath a tharraingt óna chéile.
Fleascán Dewar Buidéal, inslithe nó teasdíonta ón soitheach ina bhfuil sé, agus dhá bhalla le folús sa log eatarthu, a bhfuil dromchla mín scáthánach ar thaobhanna na mballaí os comhair a chéile. Laghdaíonn na scátháin radaíocht teasa isteach nó amach, cuireann an folús cosc ar sheoladh is comhiompar teasa, agus feidhmíonn an teasdíonadh chun aon seoladh teasa isteach nó amach a laghdú freisin. Cheap James Dewar é chun taighde ar gháis leachtaithe a dhéanamh. Ina dhiaidh sin forbraíodh é le haghaidh úsáidí tionsclaíocha is baile. Tugtar "folúsfhleascán" air freisin, agus teirmeas.
Tréleictreach Ábhar neamhsheoltach a n-ailíníonn nó a bpolaraíonn na móilíní ann faoi iarmhairt réimse leictrigh a chuirtear i bhfeidhm air. Tugtar "tairiseach tréleictreach an ábhair" ar chóimheas an luchta stóráilte ag toilleoir leis an ábhar sin idir na plátaí is an luchta stóráilte ag an toilleoir céanna le folús idir na plátaí. Bunúsach i ndéanamh toilleoirí.
Baraiméadar Ionstraim fisice a úsáidtear sa mheitéareolaíocht chun brú an atmaisféir a thomhas. Cheap Evangelista Torricelli an chéad cheann. Thosaigh sé le feadán, ceann amháin de dunta, agus é lán le mearcair. Agus an feadán go ceartingearach, thum sé an ceann oscailte in umar mearcair, shil cuid den mhearcair amach san umar, ag fágaint folús sa cheann iata den fheadán (tugadh folús Torricelli air seo). D'fhan cuid mhaith mearcair ag seasamh sa bhfeadán os cionn dromchla an mhearcair san umar. Is é tomhas an airde seo ar bhrú an atmaisféir atá ag gníomhú ar dhromchla an mhearcair san umar. Baraiméadar simplí mearcair is ea é seo. Modh eile chun brú an atmaisféir a thomhas is ea an baraiméadar anaróideach, bosca miotail le taobhanna solúbtha a bhfuil folús ann. Feidhmíonn an bosca mar bholg, ag leathnú is ag crapadh de réir mar a laghdaíonn is a mhéadaíonn an brú air. Is féidir gluaiseacht thiús an bhosca a athrú le giaranna beaga ina ghluaiseacht uilleach snáthaide, agus díláithriú uilleach na snáthaide mar thomhas ar bhrú an atmaisféir. Má choinnítear taifead ar an mbrú le himeacht ama, faightear baragraf.
Folústeicneolaíocht Gaireas de chaidéil, píobáin, ceangail idir píobáin, ábhair shéalaithe, folústomhsairí, soithigh folúis agus eile, ar féidir leis folús a chruthú i soitheach le brú den bhilliúnú cuid de bhrú an atmaisféir. Baintear feidhm as chun brait thanaí miotal is neamh-mhiotal a dheascadh i gcomhair ionstraimí optúla is comhbhall leictreonach. Úsáidtear í freisin chun folúis a chruthú i bhfeadáin gha-chatóideacha is luasghéaraitheoirí cáithníní, agus i gcomhair díhiodráitithe ag teocht íseal (siocreo).
Tadhg Mac Dhonnagáin "As sin a d'fhás 'Cúrsaí Ealaíne', agus chuaigh mé féin agus Síle i mbun oibre air. Bhí Michael D. Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha. Bhí an-spéis ag na healaíontóirí féin ann agus mheall an clár daoine nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá mé an-bhródúil as an obair a rinneamar leis an gclár 'Cúrsaí Ealaíne' agus, ó baineadh den aer é, tá folús ann nár líonadh go fóill. Níl aon chlár ar an teilifís anois ar nós 'Rattlebag' an raidió a chuireann muid ar an eolas faoi na healaíona ar fad."
Neon Is é an neon dúil cheimiceach uimhir a deich, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ne. Is triathghás é, agus mar sin, ní bhíonn comhdhúile ceimiceacha ar bith aige. Faoi ghnáth-imthoscaí, níl dath ar bith sa neon, ach is féidir é a úsáid le solas dearg a ghineadh i bhfeadáin folús-díluchtúcháin agus i neonlampaí. Is féidir é a úsáid le haghaidh cuisniú freisin. Baintear as an aer é le freastal ar riachtanaisí na teicneolaíochta, ach níl sé flúirseach san atmaisféar. Tá trí iseatóp cobhsaí aige, mar atá, Ne, Ne agus Ne, agus is é an chéad cheann acu an ceann is fairsinge.