Top 10 similar words or synonyms for feithicle

jibe    0.843759

shlat    0.843224

krishna    0.831945

dhoimhne    0.829755

phíobán    0.828793

pailin    0.827040

patio    0.819274

bearú    0.815649

mbarra    0.815531

staghanna    0.814339

Top 30 analogous words or synonyms for feithicle

Article Example
Tanc Is éard atá i gceist le tanc ná saghas feithicle cogaíochta. Bíonn siad armúrtha agus bíonn gunnaí acu.
Crochadh cónspriongaí ingearacha Cineál crochadh feithicle is ea crochadh cónspriongaí ingearacha. Bhí sé á úsáid ar feithiclí armúrtha troda de chuid na Stát Aontaithe agus na hIodáile, den chuid is mó, ó na 1930í go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda.
Scinneadh ar uisce Feiniméan is féidir tarlú nuair a bhíonn bonn feithicle ag feidhmiú ar bhóthar fliuch. Faoi chúinsí áirithe, idirshuítear ding uisce idir bonn is bóthar, cailleann an bonn greamú, agus scinneann sé. Éiríonn an stiúradh is an coscánú neamhéifeachtach dá thoradh.
Feithicil leictreach Ní oirfidh cealla gréine mar fhoinse cumhachta d'fheithiclí tarrthála nó gluaisteáin teaghlaigh, mar nach féidir leo dóthain cumhachta a sholáthar gan achar rómhór ceall a bheith de dhíth ar dhromchla feithicle. Tá fuinneamh timpeall 78 vata-uair nó 280 kJ riachtanach in aghaidh gach ciliméadar slí.
Treorú támhúil Córas uathoibríoch loingseoireachta a úsáidtear i ndiúracáin threoraithe, eitleáin is fo-mhuireáin a bhraitheann ar chlaonadh réada chun leanúint ar feadh líne dírí (táimhe). Braitear aon athrú i luas nó treo na feithicle, cuirtear iad seo i gcomparáid sa ríomhaire leis an ngluaiseacht is gá, agus ceartaítear an ghluaiseacht go huathoibríoch ansin.
Crochadh oirithiúnaitheach Córas crochta neomatach nó hiodrálach a chuirtear i ngluaisteán nó feithicil eile, a mhaolaíonn na preabanna de bharr ainmhíne an bhóthair agus a choimeádann an fheithicil ar an leibhéal céanna an t-am ar fad. Is féidir an córas seo a rialú go leictreonach chun go n-oiriúnaíonn an crochadh do chúinsí dhromchla an bhóthair is luas na feithicle.
Súile cait Stodaí rubair le péire frithchaiteoirí ar an dá fhoirceann, a insealbhaítear i mbóthar ag achair rialta chun lár an bhóthair a mharcáil san oíche trí cheannsoilse feithiclí a fhrithchaitheamh don tiománaí. Cheap Percy Shaw iad i 1934. Is féidir le feithiclí an stoda rubair a chomhbhrú gan aon damáiste a dhéanamh dó ná do roth na feithicle.
Ainéimiméadar Feiste chun luas sruth aeir a thomhas, a úsáidtear de ghnáth chun luas na gaoithe nó luas feithicle ag taisteal tríd an aer a thomhas. 3 phríomhtheicníocht a bhíonn in úsáid. Tomhaistear ráta rothlaithe muileann gaoithe, le liáin a rothlaíonn i bplána ceartingearach nó cupáin ag rothlú i bplána cothrománach. Tomhaistear ráta fuaraithe (ag an aer ag gluaiseacht thart) sreinge atá téite le sruth leictreach. Bealach eile is ea an difríocht brú a thomhas idir béal oscailte feadáin atá dírithe isteach ar an aer gluaiste is poll oscailte ar thaobh an fheadáin atá dírithe ingearach le treo gluaiste an aeir (feadán Pitot).
Bonn (roth) Adhartán ciorclach a bhíonn greamaithe le fleasc rotha chun creathanna feithicle de bharr athruithe ar dhromchla an bhóthair a mhaolú is an t-aistear a dhéanamh compordach. Is boinn aeir an chuid is mó díobh anois, feadáin sholúbtha iontu agus iad séidthe is stalctha le haer faoi ardbhrú. I gcuid díobh bíonn feadán inmheánach. Déantar an chuid is mó de na boinn as cuingir chomhshuite de rubar, uigí (níolóin nó poileistear) is ceimiceáin eile. Cheap Robert William Thompson an bonn aeir agus fuair paitinn air i 1845. Ach lean boinn rubair sholadaigh go forleathan go dtí 1888 nuair a rinne John Boyd Dunlop boinn aeir a bhí cosúil le boinn an lae inniu, agus d'éirigh leis iad a úsáid go rathúil ar an rothar.
Gíreascóp Ionstraim ina mbíonn roth ag rothlú go saor, suite ionas go mbaineann úsáid as a chlaonadh chun suíomh fosaithe sa spás a ghabháil chun aon fhórsaí a bhíonn ag iarraidh an suíomh sin a athrú a chothromú. Braitheann an bealach a ngluaiseann sé nuair a chuirtear fórsa casta i bhfeidhm air ar mhéid is treo an fhórsa, agus an modh a suitear an gíreascóp. Nuair a shuitear é chun go gcasann an roth go ceartingearach (ar ghiombail, dhá ghléas leathchiorclacha ag dronuillinn óna chéile, ionas gur féidir leis an réad casadh i dtreo ar bith) fanann sé ceartingearach nuair a chlaonann an fheithicil atá á iompar. Mar seo, soláthraíonn sé léaslíne shaorga. Coinneoidh gíreascóp atá suite go cothrománach treo-uillinn ar leith, agus léireoidh treo na feithicle de réir mar a chasann sí. Ní bhíonn roth rothlaithe i ngíreascóip nua-aoiseacha. I ngíreascóp trasnaíochta snáithíní optúla, scoiltear léas léasair in dhá leath a tharchuirtear ar mhalairt treonna trí chorna snáithíní optúla. Má rothlaíonn an corna, beidh difríocht i ndéine an tsolais a fhilleann ar an mbrathadóir, agus is féidir an difríocht sin a athrú ina uillinn rothlaithe. Sa ghíreascóp fáinne léasair, frithchaitear solas an léasair sa dá threo trí chainéal iata optúil. Má rothlaíonn an gíreascóp, ní shroichfidh an dá léas an brathadóir i gcomhphas le chéile, déanfaidh siad patrún frainsí trasnaíochta, agus ón bpatrún seo faightear uillinn rothlaithe an ghíreascóip.