Top 10 similar words or synonyms for dhubhghlas

tiomnaíodh    0.675732

maracanã    0.668552

mhisneach    0.668166

briotún    0.667282

dhual    0.664476

mhionnú    0.661117

thiarna    0.658286

colônia    0.656889

mhúinteoirí    0.652850

chunta    0.647713

Top 30 analogous words or synonyms for dhubhghlas

Article Example
Nollaig de Brún Sa bhliain 1949, ba é de Brún an t-aon aire rialtais a bhí i láthair ag sochraid Phrotastúnach (Eaglais na hÉireann) Dhubhghlas de hÍde.
Conradh na Gaeilge Eagraíocht is ea Conradh na Gaeilge (seanlitriú: "Connradh na Gaedhilge") a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, agus an meath tubaisteach a tháinig uirthi sa 19ú haois. Is gnách dearcadh ar Dhubhghlas de hÍde mar phríomhbhunaitheoir an Chonartha, ós rud é gurbh eisean a chuir tús leis an ngluaiseacht Gaeilge lena chuid óráidíochta faoi ath-Ghaelú na hÉireann. Bunaitheoirí tábhachtacha eile ab ea Eoin Mac Néill agus Eoghan Ó Gramhnaigh.
Stampaí poist na hÉireann Tháinig an chéad sraith chomórtha, ina raibh trí stampa de Dhónall Ó Conaill, amach an 22 Meitheamh 1929. Go dtí lár na 1990idí, bhí sé de nós gan daoine beo a tharraingt ar stampaí, ach rinneadh eisceacht den riail seo i dtrí chás: i 1943, i 1977 agus i 1979 do Dhubhghlas de hÍde, do Louis le Brocquy agus don Phápa Eoin Pól II faoi seach. Cuireadh an polasaí seo ar leataobh agus ón bhliain 1995 tá roinnt mhaith stampaí den chineál seo eisithe. Lúthchleasaithe a bhí ar an chuid ba mhó de na stampaí seo; mar shampla eisíodh 30 stampa don Mhílaois ar a raibh laochra spóirt Éireannacha a bhí fós beo agus tá roinnt galfairí le feiceáil ar thrí stampa Chorn Ryder 2006.
Stair na Gaeilge I ndeireadh na naoú haoise déag, cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine ar nós Risteard de Hindeberg orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach b'é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair Peadar Ua Laoghaire, a rug bua ar de Hindeberg agus an dóigh a raibh sé ag cur béim ar ghnáthchaint na ndaoine. Tháinig an t-úrscéal "", i gcló sa bhliain 1907, go gairid i ndiaidh do Dhubhghlas de hÍde a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigedh as Éirinn. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teanga. I ndiaidh "Shéadna", aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de "Don Quixote", agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, "Mo Scéal Féin", a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
Pádraig Ó Fiannachta Sagart, duine léannta agus scríbhneoir ab ea Pádraig Ó Fiannachta (1927– 15 Iúil 2016). Sa Daingean, Co. Chiarraí a rugadh é. I gColáiste Phádraig, Má Nuad, agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a cuireadh oideachas air. Ceapadh ina ollamh le SeanGhaeilge sa bhliain 1959 é agus ina ollamh le NuaGhaeilge sa bhliain 1981; sagart paróiste an Daingin is ea é ó bhí 1993 ann. Tá scríofa aige saothair filíochta ("Ponc", 1970; "Rúin", 1971; "Deora Dé", 1988; "Léim an Dá Mhíle", 1999), úrscéalta dírbheathaisnéise ("An Chomharsa Choimhthíoch", 1957; "Ag Siúl na Teorann", 1984) agus critic liteartha ("Léas ar Ár Litríocht", 1974; "Léas ar Ár Litríocht", 1982). Bronnadh gradam liteartha Dhubhghlas de hÍde air sa bhliain 1969. É ina chomheagarthóir ar "Dictionary of the Irish Language" a d'fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann; é ina eagarthóir ó bhí 1970 ann ar an sraith bhliantúil léachtaí dar teideal "Léachtaí Cholm Cille" a reáchtáltar i Má Nuad gach bliain agus a foilsítear ina dhiaidh sin; é ina eagarthóir ar Bhíobla Ghaeilge Mhá Nuad a foilsíodh in 1981. Sa bhliain 1996 bhunaigh sé 'An Díseart', Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, sa Daingean.