Top 10 similar words or synonyms for díraonadh

ródú    0.897287

ghathach    0.886872

ionchuir    0.870499

tacair    0.861633

teirminéal    0.859555

uimhriúla    0.858840

dhearfach    0.855536

frithchaithimh    0.854309

hiodrálach    0.852365

móideim    0.849715

Top 30 analogous words or synonyms for díraonadh

Article Example
Díraonadh Iarmhairt trasnaíochta i leith tonnta atá freagrach as leathadh toinne a thagann amach as cró beag (cosúil le fuaimthonn ag teacht amach as callaire fógartha poiblí). Trí dhíraonadh a chasann tonnta thar réada, agus is ar an ábhar seo a bhíonn bandaí caola geala is dorcha ar imeall scátha (frainsí díraonta). Déanann na hadaimh atá eagraithe i gcriostail X-ghathanna nó leictreoin nó neodróin a dhíraonadh chun patrúin a tháirgeadh a léiríonn mionstruchtúr an chriostail. I ngreille dhíraonta bíonn na céadta scoilteanna in aghaidh an cheintiméadair, agus is áisiúil í chun léas solais a dheighilt ina chomhdhathanna. Is é díraonadh a chinneann an cumas deiridh taifigh in ionstraimí optúla.
Díraonadh leictreon Iarmhairt trasnaíochta a tharlaíonn nuair a théann léas leictreon isteach i solad agus a scaiptear iad ag cisil leanúnacha adaimh an tsolaid. Bíonn patrún ar leith déine sa léas leictreon a thagann tríd an solad, ar féidir eolas ar struchtúr adamhach an ábhair a dhíorthú uaidh. Tá an iarmhairt seo an-áisiúil i staidéar ar dhromchlaí, mar ní threánn na leictreoin luchtaithe ródhomhain in ábhair sholadacha. Ba iad na fisicithe Meiriceánacha Clinton Davisson (1881-1958) is Lester Germer (1896-1971) a bhraith an iarmhairt seo den chéad uair, agus bhí sí an-tábhachtach chun déacht toinne is cháithnín an leictreoin a léiriú is a chruthú.
Díraonadh neodrón Iarmhairt trasnaíochta, bunaithe ar scaipeadh neodrón—ag cisil dhifriúla adamh is solad, mar shampla — chun patrún idirdhealaithe déine a tháirgeadh, ar féidir a úsáid chun struchtúr an tsolaid a dhéanamh amach. De bhrí nach bhfuil lucht glan leictreach ag neodróin, treánn siad ábhair go héasca, ach de bhrí go bhfuil moimint mhaighnéadach acu is éifeachtach iad chun tréithe maighnéadacha ábhar a iniúchadh (i gcomhábhair fhorsheoltacha ardteochta, mar shampla). Idirghníomhaíonn siad tríd an bhfórsa núicléach láidir le núicléis adamhacha, agus mar sin bíonn siad íogair d'iseatóip éagsúla sa mheán ina bhfuil siad ag taisteal. Braitheann cuid de na foinsí neodrón ar imoibreoirí núicléacha chun léas leanúnach neodrón a chur ar fáil. I bhfoinsí eile úsáidtear léis cáithníní chun foinse bíogtha neodrón a dhéanamh. Baintear feidhm as díraonadh neodrón chun an-chuid córas a anailísiú, plaistigh, ceirmeacht, criostail leachtacha, próitéiní, is ábhair bhitheolaíocha eile.
Díraonadh X-ghathanna Iarmhairt trasnaíochta ina scaipeann na hadaimh in ábhar X-ghathanna chun patrún de spotaí nó fáinní comhlárnacha a dhéanamh. Is féidir na patrúin seo a thaifeadadh agus a n-ionaid is a ndéiní a anailísiú chun struchtúr adamhach an ábhair a dhéanamh amach, modh oibre a d'fhionn Max von Laue i 1912.
Córas díraonacháin theoranta Tá taifeach uirlise i cóimheas le toirt a cuspóra agus i gcóimheas inbhéartaithe le tonnfhad an tsolais atá á scrúdú. I gcás teileascóip a bhfuil cró ciorclach aige, is ionann toirt an ruda is lú in íomhá a bhfuil díraonadh teoranta aici agus méid an diosca Airy (an ball solais is fearr fócas is féidir le lionsa foirfe le cró ciorclach a dhéanamh agus é teoranta ag díraonadh an tsolais). Méadaíonn an díraonadh de réir mar a laghdaítear méid an chró sa lionsa. An díraonadh amháin a chuireann srian leis an gcuid is mó de na lionsaí is nua, fearacht f/22.