Top 10 similar words or synonyms for czesław

knut    0.933800

saarinen    0.931685

lagerkvist    0.928297

ilyich    0.926976

igor    0.925162

hamsun    0.924551

dahl    0.923081

eero    0.920829

studs    0.920130

yitzhak    0.919920

Top 30 analogous words or synonyms for czesław

Article Example
Czesław Miłosz Bhí Czesław Miłosz (30 Meitheamh 1911 - 14 Lúnasa 2004) ina scríbhneoir aistí agus ina fhile liriciúil. Ba chlasaiceach comhaimseartha é de chuid na litríochta Polainnise, agus chaith sé an dara leath dá shaol ar an gcoigríoch, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Czesław Miłosz Bhí Polainnis ó dhúchas ag Czesław óg, agus mar a léirigh sé ina leabhar dírbheathaisnéise "Rodzinna Europa", d'fhoghlaim sé Liotuáinis faoin tuath agus Rúisis le linn na dtrioblóidí réabhlóideacha i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí saighdiúirí na Rúise ar fud an cheantair agus iad imithe i bhfiántas. Téama tábhachtach is ea é i scríbhinní Miłosz an caidreamh idir an trí náisiún a labhraíonn na teangacha seo.
Czesław Miłosz Nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an Pholainn sa bhliain 1939, bhí sé i Vársá, agus nuair a forghabhadh an tír, ghlac sé páirt in obair an airm rúnda ag cur in aghaidh na nGearmánach. I ndiaidh an chogaidh, chaith sé cúpla bliain ag obair don rialtas nua Chumannach, ach nuair a d'éirigh leis post taidhleora a bhaint amach, ní raibh mórán moille air seangú leis agus dídean a lorg san Iarthar. Mar sin féin, is iomaí ionsaí a rinne na heisimirceánaigh Pholannacha eile air, ós rud é nach raibh ann, dar leo, ach fealltóir nó tapadóir bradach, agus é ag comhoibriú le drong chomh suarach leis na Stailínigh.
Czesław Miłosz Is follasach dúinn inniu nach raibh Miłosz ag comhoibriú leis na Cumannaigh riamh ach amháin le bealach éalaithe a fháil, ach ós rud é go raibh cuid mhaith de na Polannaigh sin - cosúil leis an scríbhneoir Gustaw Herling-Grudziński, "Solzhenitsyn na Polainne" - i ndiaidh seal a chaitheamh i sluachampaí géibhinn Stailín sa tSibéir, ní raibh siad róshásta mórán tuisceana a léiriú do leithéid Miłosz.
Czesław Miłosz Sa bhliain 1980, bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Miłosz. B'ansin a daingníodh a stádas mar chlasaiceach comhaimseartha. Is léir go raibh tionchar éigin ag an bpolaitíocht ar an gcomhairle seo, agus an Dlúthpháirtíocht, an ceardchumann neamhspleách, díreach ag rith damhsa i longcheárta Gdańsk faoi cheannas Lech Wałęsa; ach b'olc an mhaise a shéanadh go raibh an duais tuillte ag Miłosz, chomh saibhir, chomh hilghnéitheach agus atá a chuid scríbhinní.