Top 10 similar words or synonyms for cro

zn    0.934870

hidríd    0.927977

sulfate    0.926772

aso    0.926019

strontium    0.925191

aló    0.925138

aloe    0.924308

teallúiríd    0.923533

bróimíd    0.922760

thallium    0.921950

Top 30 analogous words or synonyms for cro

Article Example
Cro-Magnon Ainmnítear na Crómagnónaigh as na pluaiseanna "Abri de Crô-Magnon" (Fraincis: Carraig dídine Chrô-Magnon) in aice leis an común Les Eyzies-de-Tayac-Sireuil in iardheisceart na Fraince, áit a bhfuarthas a gcreatlaigh, chomh maith le huirlisí cloiche agus iarmhair ainmhithe artacha atá imithe in éag anois. Daoine arda ab ea iad, sárshealgairí a mhair i bpluaiseanna is scáthláin carraigeacha, ní hamháin in iarthar na hEorpa ach lár na hEorpa is an Rúis. D'fhágadar deilbhíní, greanadóireacht agus pictiúir cháiliúla ar bhallaí na bpluaiseanna. Ba iad na Cro-Magnon na daoine (Homo sapiens) nua-aimseartha is sine ar eolas san Eoraip, agus ón tús ceanglaíodh iad leis an líníocht phluaise i Lascaux agus le chultúr Aurignach a d'fhás agus a tháinig i dtreis i nDeisceart na Fraince agus na Gearmáine. Mar a thángthas ar iarsmaí bhreis daoine nua-aimseartha i láithreáin seandálaíochta in Iarthar na hEorpa agus in áiteanna eile, rinneadh dul chun cinn i dteicníocht dátaithe sa 20ú haois, agus cuireadh fionnachtana nua leis an tacsanomaíocht.
Cro-Magnon Ba iad na Cro-Magnon na daoine nua-aimseartha is luaithe ("Homo sapiens sapiens") de Phailéiliteach Uachtarach na hEorpa. Glactar leo i measc antraipeolaithe mar fhréamhshamhail de Homo sapiens an lae inniu. Tugann meastachán radaiméadrach ar na hiarsmaí is luaithe atá ar eolas againn le fios gur mhair na daoine seo san Eoraip 35,000 bliain ó shin, sa ré Phléisticéineach
Blianta neamhthuairiscithe Íosa Luadh Íosa sa scannán ficsin eolaíochta The Man from Earth. Sa scéal, deitear go bhfuarthas an inspioráid do scéal Íosa ó fhear Cro-Magnon a mhair ar feadh níos mó ná 14,000 bliain. Deirtear sa scéal freisin go mba Súméarach a bhí ann tráth ar feadh 2000 bliain, ansin ba Bhabalónach é faoi Hammurabi, ansin ba dheisceabal de Gautama Buddha san India a bhí ann. Cuirtear an scannán i láthair mar an Cro-Magnon ag insint a scéil féin mar rún atá á nochtadh dá chairde sa lá atá inniu ann.
Cróimiam Is ón bhfocal Sean-Ghréigise "chrōma" (χρωμα) a thagann ainm na dúile, focal a chiallaíonn 'dath', toisc go mbíonn dathanna láidre ina lán comhdhúl de chuid an chróimiam. Tá a lán uimhreacha ocsaídiúcháin éagsúla ag an gcróimiam. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin is coitianta aige, áfach, agus aithnítear a lán comhdhúl den chineál seo. Uimhir ocsaídiúcháin thábhachtach eile é +6. Is é seo an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcróimiam sa trí-ocsaíd aonchróimiam, CrO, ar a dtugtar "aigéad crómach" sa trádáil. Le fírinne, níl ann ach ainhidríd an aigéid seo, agus níl an t-aigéad féin, HCrO, le fáil ach i dtuaslagáin uisce na trí-ocsaíde. Tá an chrómáit, ainian an aigéid chrómaigh, in ann salainn a chruthú in éineacht le caitiain na miotal, cosúil leis an gcrómáit luaidhe a ndearnadh tagairt di cheana féin. Ón taobh eile de, tá caitian ann freisin ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an gcróimiam - an chróimíl CrO. Tá an caitian seo le fáil, cuir i gcás, sa chlóiríd chróimíle CrOCl.
Cruach dhomheirgthe Nuair a cuireadh níos lú ná 1% de charbón le hiarann sa 19ú céad, fuarthas amach gur cóimhiotal an-láidir a bhí mar thoradh air. Cruach ab ea é sin, ábhar a bhí go mór san áireamh i Réabhlóid Thionsclaíoch an 19ú céad. Is é míbhuntáiste iarainn is cruach go meirgeann siad de réir a chéile nuair a nochtar d'uisce iad. Ní mór iad a chosaint air sin le clúdach iomlán péinte. Ach má bhíonn ar a laghad 10% de chróimiam sa chóimhiotal cruach, bíonn a leithéid domheirgthe. An cróimiam ar dhromchla na cruach domheirgthe, imoibrithe le hocsaigin ón aer, cruthaíonn sé brat fíorthanaí atá fíorsheasmhach d'ocsaíd chróimiam, CrO. Is é an brat seo a dhéanann domheirgthe í. Fiú nuair a ghearrtar an t-ábhar, cruthaítear an brat cumhdaithe ar an dromchla nua-nochtaithe nuair a thagann sé i dteagmháil leis an aer. Ábhar láidir buan aestéitiúil.