Top 10 similar words or synonyms for construction

solutions    0.977833

gardening    0.970766

countries    0.966873

investigations    0.966569

primary    0.966357

teachers    0.966212

charges    0.965233

variation    0.964552

domestic    0.964452

companies    0.964223

Top 30 analogous words or synonyms for construction

Article Example
Droichead James Joyce An t-ailtire Spáinneach Santiago Calatrava a dhear, agus an obair thógála curtha i gcích ag an gcomhlacht Éireannach Irishenco Construction. Ainmníodh an droichead in ómós don scríbhneoir mór le rá James Joyce agus osclaíodh go h-oifigiúil é ar Lá Bloom na bliana 2003.
Heinrich Wagner (teangeolaí) Bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt. Celt. oinigh air in 1979. Sa bhliain sin freisin ghlac sé le cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh chun a bheith mar ollamh acu. Toghadh é mar Ollamh Oinigh le Gaeilge in Ollscoil Aberystwyth in 1986 ach faoin am sin ní ligfeadh an drochshláinte dó cuairt a thabhairt ar an mBreatain Bheag. Is iad na leabhair agus na hailt eile dá chuid a luaitear go minic: Studies in the origins of the Celts and of early Celtic civilisation (1971); Das Hethitische vom Standpunkte der typologischen Sprachgeographie (1985); ‘The typological background of the ergative construction’ (Proceedings of the Royal Irish Academy 78C, 3, 1978). Tuairim leathchéad páipéar i dtaobh gnéithe den fhocleolaíocht Cheilteach agus Chomparáideach a d’fhoilsigh sé. Bhí i gceist aige graiméar comparáideach na dteangacha Ceilteacha a scríobh. Bhí mialóma á fhulaingt aige ó 1982 agus d’éag sé i mBaile Átha Cliath 11 Meán Fómhair 1988. Phós sé Marjorie Keogh ó Dhumhach Thrá, Baile Átha Cliath, in 1951. Cuireadh é i mBóthar na Bruíne. Thug Micí Mac Gabhann cuntas an-gheanúil ar an scoláire óg in Rotha Mór an tSaoil: "‘Bhí sé mar dhuine againn féin anseo, agus stócach ní ba dheise agus ní ba thíriúla char chaith oíche riamh ar m’urlár. Chaith sé a chroí agus a intinn go hiomlán lena ghnoithe agus chomh luath is a ligfeá focal amach as do bhéal bhí sé scríofa síos aige ar an dóigh cheanainn chéanna a gcanfá é. Shílfeá gur ag scríobh ceoil a bhíodh sé. Bhí dhá ní a raibh sé trom orthu: an codladh agus an toit. Nuair a rachadh sé fá chónaí in am luí agus a thitfeadh sé thart, thosódh an tsrannfach aige agus chan a dhath a bhéarfadh sé i do cheann ach marbhthóirneach a bheadh i bhfad ó bhaile. Bhí sé chomh trom ar a thoit agus gur mhinic go raibh an seomra a raibh sé ag obair ann mar bheifí ag dó ceilpe ann le a mhéad is bhíodh de thoit tobaca ann. Bhí gar eile aige . . . agus ba é sin nach gcuala mé focal cam ná crotach amach as a bhéal ón lá a tháinig sé chun tí gur imigh sé. Creidim nach bhfeicim é go deo arís, ach cibé talamh a mbeidh sé ann beidh scoith an Ghaeilgeora agus scoláire ann’ (i gcló ag Hughes). San am ar bhuail Stockman leis i dTeileann sna 1950idí shnámhadh sé anonn go Port an Chabhlaigh agus anall roimh a bhricfeasta: ‘Tamall gairid ina dhiaidh sin chonaic mé uaim é ag tórramh Sheáin Mhic Airt . . . agus chonacthas domh gur mhó de lúthchleasaí é ná d’fhear léinn.’"