Top 10 similar words or synonyms for comhiompar

deannach    0.913620

ultrafhuaime    0.892349

sreabháin    0.883227

limfeach    0.877604

cheallach    0.869329

ródú    0.868615

dhiúltach    0.865494

alcóil    0.863857

bósóin    0.862373

astaithe    0.859448

Top 30 analogous words or synonyms for comhiompar

Article Example
Comhiompar Próiseas aistrithe teasa trína n-éiríonn sreabhán te in airde, ag iompar teasa leis. De réir mar a fhuaraíonn sé, sreabhann sé anuas chun sruthlú iomlán ábhair is teasa a chur ar siúl. Tagann sruthanna comhiompair san atmaisféar san áireamh chun aer te a aistriú ón meánchiorcal i dtreo na Mol. Tarlaíonn sruthanna comhiompair i gcroíleacán leachtach an Domhain freisin, nuair a thiomáintear sreabhán téite (nó fuaraithe). Tugtar "comhiompar fórsáilte" ar an bpróiseas seo.
Comhiompar i screamh an Domhain Ís éard atá i gceist le comhiompar i screamh an Domhain ná feiniméan fisiciúil ina shnámhann na plátaí teicteonacha de screamh sheachtrach an Domhain ar an maintlín. Tá sruthanna comhiompair ar siúl an t-am ar fad taobh istigh sa chroíleacán leachtach te. Gar don dromchla iompraíonn na sruthanna comhiompair seo an maintlín agus, ar a seal, na plátaí. I gcás go bhfo-dhuchtann pláta faoi phláta eile, tumann an pláta sin isteach sa mhagma leachtach. Ach ó anailisiú thiúchan na hocsaigine i gcarraigeacha is gloiní i laibhe cuid mhaith bolcán ar fud an Domhain, fuarthas leibhéil nárbh fhéidir a mhíniú ach trí ghlacadh leis go raibh an t-ábhar céanna sin ar dhromchla an Domhain nó grinneall na farraige uair amháin chun an ocsaigin a thógáil isteach ann. Is é an léargas ar an scéal go mbrúchtann an pláta, a slogadh 60 milliún bliain roimhe sin, b'fhéidir, mar laibhe as bolcáin. De réir dealraimh, tá screamh an Domhain á athchúrsáil go mall mall an t-am ar fad.
Easrú Leathadh cainníochta éigin. Sampla ab ea leathadh braoinín dúigh a chuirtear in umar uisce, trí idirleathadh is comhiompar.
An Ghrian Idir crios na radaíochta agus an fótaisféar, tá crios an chomhiompair. Anseo, níl an damhna chomh dlúth, nó chomh te, is go bhféadfadh an radaíocht theirmeach an fuinneamh a iompar. Is é an rud atá ar siúl anseo ná an comhiompar. Is é sin, tá an damhna ag éirí ina cholúin theirmeacha ó chrios na radaíochta go dtí an fótaisféar. Sna grianghrafanna, aithnítear an comhiompar seo ar chosúlacht ghránaithe an fhótaisféir. An damhna a fhuaraíonn san fhótaisféar, titeann sé isteach arís i dtreo chrios na radaíochta, le tuilleadh fuinnimh a ghlacadh ansin. Nuair a théifidh sé suas, éireoidh sé go dtí an fótaisféar arís.
Cumalas Clann scamall le hairde leathan agus bun réasúnta cothrománach. Cuimsíonn sé scamaill bheaga chlúmhacha, mar a bheadh ann tráthnóna samhraidh, agus ag foirceann eile, scamaill dhubha bhagracha stoirme is cumalainimbis. Comhiompar is cúis lena bhfaid cheartingearacha. Bíonn a mbun timpeall 450-2,000 m ar airde.