Top 10 similar words or synonyms for coinsiasa

elmar    0.827343

hakluyt    0.825082

roderick    0.822792

mionúrach    0.822308

valuation    0.821817

gaernarfon    0.820804

boats    0.819651

odonuoft    0.818942

taft    0.818610

ends    0.818448

Top 30 analogous words or synonyms for coinsiasa

Article Example
Fyodor Dostoyevsky Os a choinne sin, is dócha go raibh gearradh éigin coinsiasa air faoina ndearcadh i leith na nGiúdach. Scríobh sé féin agus Arcady Kovner, iriseoir Giúdach, go croíúil chun a chéile, agus chuaigh tuairimí Kovner go mór i bhfeidhm air.
Cumann na gCarad Is é an "solas istigh" dúshraith an "Chaecarachais", is é sin, Dia i gcroí an duine agus i gcoinsias an duine. Níl mórán deasghnátha foirmeálta ag Cumann na gCarad, agus ceadaíonn siad an-saoirse coinsiasa dá chéile.
George Orwell Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a tuigeadh dó nach raibh an cogadh le seachaint, rinne sé scrúdú coinsiasa, agus is é an tátal a bhain sé as go raibh sé ina thírghráthóir dhílis go smior, nuair a tháinig an scéal go cnámh na huilinne. Mar sin, dhéanfadh sé a dhícheall le Sasana a chosaint ar Hitler.
Aung San Suu Kyi Rugadh Aung San Suu Kyi ar an 19 Meitheamh 1945 i Rangún. Is gníomhaí í ar son an daonlathais agus is ceannaire í den Léig Náisiúnta ar son an Daonlathais i mBurma. Is príosúnach coinsiasa iomráiteach agus tacadóir na frithbheartaíochta síochánta í freisin. Ba í an tríú páiste ina clann. Tá a hainm díorthaithe ó ainmneacha triúr ina clann: “Aung San” óna hathair, “Kyi” óna máthair agus “Suu” óna seanmháthair. Bhuaigh sí Duais Rafto agus Duais Sakharov ar son Saoirse Smaointeoireachta i 1990 agus Duais Nobel i 1991. I 1992 bhronn rialtas na hIndia duais Jawaharlal Nehru don tsíocháin uirthi le haghaidh coimhlinte síochánta faoi dheachtóireacht mhíleata.
William Gerard Státaire Sasanach ba ea an Ridire William Gerard (1518–1581), a rinne sárobair ar son an rialtais i Sasana, sa bhreatain Bheag agus in Éirinn. Chaith sé na blianta fada ina fheisire ó Chester i nDáil Shasana agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chomhairle na Breataine Bige agus na gCríoch. Chaith sé cúig bliana mar Ard-Seansailéir na hÉireann agus rinne tréaniarracht ar an gcóras dlí a leasú. I 1573 ceapadh é mar Dhéan Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath, cé gur admhaigh sé go raibh “gearradh coinsiasa” ag goilliúint air faoi ghlacadh leis an bpost, mar nach raibh sé ina eaglaiseach.
Síceapaite Tugtar síceapaite ar neamhord pearsantachta a aithnítear ar easpa ionbhá agus coinsiasa chomh maith le drochrialú ríog agus le hiompraíocht ionramhálach. Is é sin, ní féidir leis an síceapatach comhbhá ná trua a ghlacadh leis na daoine eile, ná a chuid spadhar agus taomanna a choinneáil faoi smacht. In áit a bheith ag caidreamh na ndaoine eile ar aon leibhéal leis féin, ní bhíonn sé ach ag glacadh buntáiste orthu. Is minic a úsáidtear an téarma sin "síceapaite" in áit "sochapaite" nó "neamhord frithshóisialta pearsantachta", ach cé go bhfuil an trí riocht intinne seo gaolmhar le chéile, is féidir difríochtaí a aithint eatarthu.
Pussy Riot Cáineadh na breitheanna i gcoinne Pussy Riot go forleathan ar fud an domahin, san Iarthar go háirithe. Sheas grúpaí cearta daonna mar Amnesty International an fód ar son na mban; "príosúnaithe coinsiasa" a thug AI orthu.. Thug lucht an cheoil agus na siamsaíochta tacaíocht dóibh. Ní rabhthas chomh báúil leis na mná sa Rúis féin, áfach, agus an tríú cuid de na Rúisigh i bhfabhar bhreith na cúirte. ar 13 Nollaig 2013, i ndiaidh 21 mí dá bpríosúnacht a chur isteach, ligeadh Tolokonnikova agus Alyokhina saor, tar éis do Duma an Stáit maithiúnas a mholadh.