Top 10 similar words or synonyms for callán

lifes    0.751817

cicearó    0.732965

pachacuti    0.716283

ceastóireacht    0.706819

strindberg    0.698532

locke    0.693493

mcgovern    0.692339

gregor    0.688439

sensuela    0.687542

gonne    0.686958

Top 30 analogous words or synonyms for callán

Article Example
Liosta bailte agus sráidbhailte in Éirinn Callainn | Callán
Dúchrónaigh I Mí Aibreáin sa bhliain 2006, tharraing an mhonarcha uachtair reoite Ben & Jerry’s callán, nuair a lainseáil siad blas nua uachtair reoite sna Stáit Aontaithe ar ar bhaist siad "Black & Tan". Níorbh iad na Dúchrónaigh a bhí i gceist ag lucht an ghnólachta, ach an deoch a dtugtar an t-ainm céanna uirthi, agus í measctha as leann dubh (pórtar) agus leann geal (lágar).
Dúnmharuithe West Port Cé go raibh fianaise ann, níor leor í, agus thug an breitheamh tairiscint do Mhac Uí Eadhra: gheobhadh sé díolúine ón ionchúiseamh, dá mbeadh sé sásta fianaise a thabhairt in aghaidh an Bhúrcaigh. Thoiligh sé, agus gearradh breith an bháis ar an mBúrcach i Mí na Nollag 1828. Scaoileadh Eibhlín saor, ó nach rabhthas ábalta a chruthú go raibh lámh aici sna dúnmharuithe. Níor ionchúisíodh Robert Knox, cé go raibh callán mór ann faoi na himeachtaí.
William Ganly Bhí William Ganly ina shagart paróiste i gContae Mhaigh Eo sular tháinig sé go dtí an Astráil ar an "Orizaba". Bhí a dheartháir Tomás in achrann leis an dlí de bharr báille a lámhachadh, agus spreag an callán William chun dul thar lear. Tháinig sé i dtír sa bhliain 1889 agus ba é cigire na scoileanna Caitliceacha in Melbourne é i nóchaidí an 19ú haois. D’oibrigh sé mar shagart i bparóistí Footscray, St Kilda Thiar agus Thoir, Flemington agus Ardeaglais Naomh Pádraig.
Piaras Béaslaí Sa bhliain 1906, thosaigh Piaras Béaslaí ag scríobh colún Gaeilge ar an bh"Freeman's Journal". Go gairid ina dhiaidh sin, fuair sé, mar dhíograiseoir mór teanga agus amharclannaíochta, ábhar maith scríbhneoireachta nuair a bhris an chonspóid amach faoi dhráma John Millington Synge, "The Playboy of the Western World" ("Buachaill Báire an Domhain Thiar"). Bhí an Béaslaíoch orthu siúd a tharraing callán ar an amharclann lena mhíshástacht a chur in iúl, agus ghabh na péas é. Nuair a tugadh os comhair na cúirte é, rinne sé ócáid agóide den tseisiún, agus gearradh fíneáil dhá phunt de. Rinne an pionós seo mairtíreach agus laoch den Bhéaslaíoch i súile na nGaeilgeoirí.
Scoil saothair I rith na seascaidí, tharraing drochshaol na bpáistí sna scoileanna saothair callán i ndiaidh calláin, agus thosaigh an tuiscint ag teacht ag an tsochaí ar fad go raibh sé in am éirí as an scoil saothair go hiomlán. Sa bhliain 1970, d'eisigh giúistís ar shloinne dó Ó Cinnéide tuarascáil ar shaol na scoileanna saothair, agus é ag moladh iad a dhúnadh, ó chuir na himthoscaí ansin úrscéalta Charles Dickens i gcuimhne dó. Mar sin féin, níor tháinig deireadh leis na scoileanna seo ach de réir a chéile, agus bhí scannail nua ar na bacáin go fóill.
Erik Bruhn D'éirigh go maith le Bruhn agus é ag damhsa le Den Kongelige Ballet ("An Bailé Ríoga") i gCóbanhávan. Ansin, ar 1 Bealtaine 1955 dhamhsaigh sé leis an Ballet Theatre i Nua-Eabhrac, ócáid ar ar imir sé ról Albrecht in "Giselle" os comhair Alicia Markova, damhsóir a bhí 20 bliain níos sine ná é. Thóg a chuid damhsaíochta callán an lá sin agus bheoaigh a saol gairmiúil go hidirnáisiúnta. D'éirigh Bruhn as Den Kongelige Ballet sa bhliain agus i mí na Bealtaine chuaigh sé leis an Ballet Theatre. D'fhan sé leosan ar feadh 10 mbliana, cé gur chothaigh sé caidreamh le compántais bailé mhóra eile, san Eoraip go háirithe, sna blianta céanna.
Scoil saothair Sa bhliain 1946, tharraing imthoscaí na scoileanna saothair aird choitianta arís, nuair a tháinig an tAthair Éamonn Ó Flannagáin ar cuairt go hÉirinn. Sagart Caitliceach Gael-Mheiriceánach ab ea an Flannagánach seo - b'as Contae Ros Comáin dó - agus clú is cáil air toisc go raibh sé ag iarraidh fóirithint a thabhairt do na dilleachtaí agus na páistí gan dídean trí iad a eagrú ina bpobal féinrialaitheach - "Boys Town". Nuair a chonaic sé an chaoi a bhí ar scoileanna saothair na hÉireann, bhí sé scanraithe ar fad. Tharraing sé callán agus racán poiblí le go ndéanfadh na Teachtaí Dála rud éigin le bail cheart a chur ar na scoileanna seo, ach níor éirigh leis mórán a chur i gcrích: sa deireadh, b'éigean dó imeacht as Éirinn faoi bhrú an Stáit agus na hEaglaise araon. Fuair an tAthair Ó Flannagáin bás le taom croí go gairid ina dhiaidh sin, agus d'fhuaraigh an diospóireacht ansin gan torthaí praiticiúla.
Uragua Ina dhiaidh sin, áfach, thit praghas na holla ar an margadh domhanda go tobann, rud a chuir eacnamaíocht Uragua trí chéile. Tharraing an ísle brí seo callán polaitiúil anuas ar an tír fosta, agus vótáil na saoránaigh isteach rialtas Coiméadach an chéad uair i ndiaidh na naoú haoise déag, in olltoghchán na bliana 1958. Bhain na Coimeádaigh triail as scéim dá gcuid féin le srianta a chur leis an mboilsciú, ach ní dheachaigh sí a dhath ar bith chun leasa don tír. Tháinig meath ar "Eilvéis Mheiriceá Theas", agus i rith na seascaidí, tháinig gluaiseacht treallchogaíochta, na "Montoneros", ar an bhfód, rud nach samhlódh aon duine le hUragua roimhe sin. Sa bhliain 1972, thit rud neamhghnách eile amach, nó chuaigh na fórsaí armtha i gceannas ar Uragua.
Teuvo Tulio Nuair a thosaigh Tugai ag stiúradh scannán, ghlac sé chuige an t-ainm Teuvo Tulio, a raibh blas ní b'Fhionlannaí air. An chéad scannán a stiúir sé, ba é an teideal a bhí air ná "Taistelu Heikkilän talosta", a bhí bunaithe ar scéal le Johannes Linnankoski, scríbhneoir Fionlannach a tharraing callán áirithe chomh hanghrách is a bhí a chuid saothar de réir chaighdeán na linne - mar sin bhí a chuid scéalta thar a bheith oiriúnach mar mhianach do scannáin le Tulio! Ba í Regina Linnanheimo a rinne an phríomhpháirt sa scannán seo chomh maith. D'athscannánaigh Tulio an scéal sa bhliain 1947 faoin teideal "Intohimon vallassa". Ní féidir ach an dara scannán acu a fheiceáil inniu, nó chuaigh an t-aon chóip amháin de "Taistelu Heikkilän talosta" trí thine sa bhliain 1959, nuair a scrios dóiteán mór oifigí an chomhlachta scannánaíochta úd Adams-Filmi.