Top 10 similar words or synonyms for cairilínseach

mehmed    0.936304

cládiach    0.912894

arnulf    0.911613

brutus    0.901188

qin    0.893369

voss    0.891577

xxii    0.890576

abdullah    0.890571

caitrín    0.889305

iúla    0.887837

Top 30 analogous words or synonyms for cairilínseach

Article Example
Viseagotaigh Tá a lán fágtha ina dhiaidh ag na Viseagotaigh, ina measc eaglaisí agus cathracha móra (an t-aon grúpa a thóg cathair nua tar éis na Rómhánaigh agus roimh na Cairilínseach. An oidhreacht is fearr a d'fhág siad ina dhiaidh na an córas, an Liber iudiciorum, a raibh mar bún don modh dlí go dtí deireadh na meánaoiseanna.
Lughaidh an Leanbh Ba é Lughaidh an t-aonú mhac dlisteanaigh a bhí ag an Impire Arnulf, agus a bhean chéile, Ota, ball den Ríshliocht Cairilínseach. Rugadh é i mí Meán Fómhair nó Deireadh Fómhair sa bhliain 893, sa Bhaváir. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar rí, tar éis bhás a ​​athar sa bhliain 899, nuair a bhí Lughaidh sé bliana d'aois.
Conrad I na Gearmáine Ba é Conrad I (Gearmáinis:" Konrad"; c. 881-23 Nollaig 918), ar a dtugtar 'Óg', Diúc na Francóine ón bhliain 906 agus Rí na Gearmáine ó 911 go dtí 918, agus an t-aonú rí den ríshliocht na gConradach. Cé nár úsáid Conrad riamh an teideal rex Teutonicorum ("rí na nGearmánach") ná rex Romanorum ("rí na Rómhánach"), ba é an chéad rí Oir-Fhrancach é a bhí tofa ag rialóirí na dtreabh-diúcachtaí (Gearmáinis:"Stammesherzogtum"), mar chomharba ar an rialóir Cairilínseach deireanach Lughaidh an Leanbh. D'eascair an tImpireacht Naofa Rómhánach as Ríocht na Gearmáine s'aigesan, le chorónú an Impire Otto I sa bhliain 962.
Caisleán Nuair a tógadh na chéad chaisleáin san Eoraip timpeall na bliana 1000 bhí baint acu le sochaí de shaghas áirithe: an córas feodach. Chuaigh an stát Cairilínseach i léig agus rinneadh rud réigiúnach den chumhacht (an feodú), rud ba chúis le coimhlint idir tiarnaí móra agus beaga agus le saol achrannach dá bharr. Tháinig a lán údarás réigiúnach agus áitiúil ar an bhfód agus gá acu le díormaí armtha; ón deichiú haois amach bhí an Eoraip breac le caisleáin dá bharr. Dá láidre iad na prionsaí is ea is lú a tógadh na caisleáin, ach nuair a bhí an chumhacht úd lag chuaigh na háiteanna daingnithe i líonmhaireacht. Sna críocha Gearmánacha, mar sin, áit ar fhan an tImpire tréan anuas go dtí an 13ú haois, bhí moill ar leathadh na gcaisleán go dtí an 12ú haois; ach i lár agus in iarthar na Fraince, áit nach raibh údarás ag an Rí agus a raibh lámh na nDiúc agus na gcuntaí lag go leor, tháinig borradh faoi na caisleáin measartha luath (uaireanta ó dheireadh an 9ú haois). Ón 13ú haois amach cuireadh srian leo de bharr neartú na cumhachta ríoga.
Johannes Scotus Eriugena B’Éireannach é Johannes Scotus Eriugena, agus ba in Éirinn a bhfuair sé a chuid oideachais. D’aistrigh sé go dtí an Fhrainc (timpeall 845) agus tháinig sé i gceannas ar an Acadamh Palaitíneach faoi chuireadh an Rí Cairilínsigh, Séarlas Maol. Tháinig sé i gcomharbacht ar Alcuin Eabhraic (735-804) mar cheannasaí Scoil an Pháláis. Is amhlaidh gur tháinig borradh mór faoin gclú a raibh ar an scoil seo, a bhí tábhachtach mar institiúid san Athbheochan Cairilínseach, faoi cheannasaíocht Ériugena, agus tharla gur thug an Rí cead a chinn don fhealsamh a raibh a chos isteach leis. Ba mháistir scoile é Alcuin seachas fealsamh ach ba scoláire iomráiteach na Gréigise a bhí in Ériugena chomh maith le fealsamh, duine a raibh scil aige a bhí annamh in Iarthar na hEorpa ag an am sin, cé go raibh sé coitianta i measc lucht foghlama sa tréimhse luath i stair na hÉireann agus sa tréimhse Mheánaoiseach in Éirinn chomh maith, mar a léirítear in úsáid an chló Gréigise i lámhscríbhinní Éireannacha sa Mheánaois. D’fhan sé sa Fhrainc ar feadh tríocha bliain ar a laghad agus táimid beagnach dearfach de gurbh sa tréimhse sin a scríobh sé a chuid saothar uile.