Top 10 similar words or synonyms for cairéilis

olonets    0.884563

casaicis    0.864529

giúdais    0.859629

ailiúitis    0.842332

yimidhirr    0.835923

inuinnaqtun    0.827456

austro    0.825270

laidinis    0.822765

idirshlaivis    0.819820

vallúinis    0.819613

Top 30 analogous words or synonyms for cairéilis

Article Example
An Chairéilis Ní mór cuimhne a choinneáil air gur minic a thugann na Fionlannaigh "Cairéilis" ar an gcineál Fionlainnise a labhraítear faoin tuath in Oirthear na Fionlainne inniu, go háirithe timpeall Joensuu. Ní Cairéilis atá ann ach canúint Fionlainnise nach bhfuil mórán difríochta idir í agus canúintí eile an oirthir i ndiaidh an iomláin. Scéal eile ar fad gur chuir cuid mhór fíor-Chairéalaigh fúthu sa taobh seo den tír i ndiaidh an chogaidh, go háirithe i Valtimo, ceantar tuaithe i dtuaisceart chúige na Fionlainne Thoir. Tá tionchar na gCairéalach le haithint i gcónaí ar shaol, ar chanúint agus ar chultúr Valtimo.
An Chairéilis Cé go bhfuil na Rúisigh ina dtromlach i bPoblacht na Cairéile sa Rúis inniu, is féidir teacht ar shráidbhailte faoin tuath ansin i gcónaí ina bhfuil Cairéilis ó dhúchas ag gach aon duine. Cairéalach is ea duine as gach naonúr (11 % den daonra) i bPoblacht na Cairéile, ach is follasach nach bhfuil an teanga ag gach duine a deir gur Cairéalach é féin.
Ilomantsi Labhraíonn seandaoine Cairéilis fós, agus chuaigh a lán focal Cairéilise in úsáid sa leathchaint áitiúil. Mar shampla, tugtar "Pogosta" ar bhaile mhór Ilomantsi. Bhronn an áit seo a hainm ar "ghalar Pogosta", galar matán a bhíonn á iompar ag na míoltóga, go háirithe nuair a bhíonn an samhradh ag druidim chun deiridh.
An Fhionlainn Labhraíonn 93% den daonra Fionlannais, teanga nach mbaineann leis an ngrúpa Ind-Eorpach. Ceann de na teangacha Finne-Úgracha í. Tá Sualainnis ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní mheastar gur de náisiún eile "Sualannaigh na Fionlainne", mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinn-Úgrach dá gcuid féin, mar atá Sáimis. Labhraítear Cairéilis in áiteanna éagsúla chomh maith.
An Chairéilis Is deacair a rá, cá mhéad duine a labhraíonn an teanga inniu. Bhí sí á labhairt ag tríocha míle duine san Fhionlainn féin roimh an Dara Cogadh Domhanda, ach nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an chuid den Chairéil a bhain leis an bhFionlainn, scaipeadh na Cairéalaigh seo ar fud na Fionlainne. Ansin, ligeadh an teanga i ndearmad, go háirithe nuair a d'fhás an chéad ghlúin eile aníos, agus iad ag foghlaim na Fionlainnise mar phríomhtheanga. Mar sin féin, glactar leis go bhfuil Cairéilis ag deich míle duine, a bheag nó a mhór, san Fhionlainn.