Top 10 similar words or synonyms for brúchtaí

múnlaithe    0.653926

húcráinise    0.653269

héileastad    0.640603

phinéalach    0.638078

indinéisis    0.637009

frídeoir    0.636074

bolcáin    0.634040

apaisis    0.633347

oilc    0.632179

ngramadach    0.628557

Top 30 analogous words or synonyms for brúchtaí

Article Example
Tríotón An ghealach is mó de 8 ngealach Neiptiúin. Trastomhas 2,700 km, i bhfithis chiorclach 328,000 km os cionn Neiptiúin. Tugadh faoi deara é den chéad uair i 1846. D'aimsigh an spásárthach Voyager 2 dhá bhrúchtadh arda géasair air, agus mar sin, is iad Tríotón, Io (gealach de chuid Iúpatair), agus an Domhan féin na reanna spéire i gcóras na Gréine a bhfuil brúchtaí orthu. Ní fios fós cad is bun leis na brúchtaí air. Dar le réalteolaithe áirithe, nítrigin faoi bhrú atá ag brúchtadh tríd an dromchla is ag iompar carraigeacha, cloch is deannaigh amach ón taobh istigh. Ar aon chuma, meastar é a bheith gníomhach ó thaobh teicteonaice, a dhromchla á athrú an t-am ar fad. Cosúil i méid agus nádúr le Plútón.
Bolcán D'fhéadfadh brúchtaí móra tionchar a imirt ar an aertheocht, mar is féidir le luaithreach agus braoiníní d'aigéad sulfarach an ghrian a chur i bhfolach agus an atmaisféar an domhain (nó trópaisféar) a fhuarú; mar sin féin, ionsúnn siad an teas radaithe ag teacht aníos ón domhan, ar an dóigh sin téitear an atmaisféar uachtarach (nó strataisféar). Go stairiúil, 'bolcánacha Geimhrí' a ghlaoití orthu siúd agus bhí siad freagrach as gortaí tubaisteacha.
Díobhaí K-T Tugtar "teorainn K-T" ar an idirlinn idir an tréimhse Chailceach is an tréimhse Threasach, timpeall 65 milliún bliain ó shin nuair a díothaíodh na dineasáir agus móran gach neach beo eile ar Domhan. Seasann an T do ‘Treasach’ is an K do ‘Cailceach’ ("Kreidezeit" i nGearmáinis). Is ródhócha gur imbhualadh le hastaróideach ollmhór i Muir Chairib, seachas brúchtaí bolcán nó athruithe malla san aeráid, a chuir tús le hathruithe cinniúnacha aeráide ba chúis leis na díobhaí seo.
Seismeolaíocht Eolaíocht ina ndéantar staidéar ar na tonnta seismeacha faoi thalamh a ghineann creathanna talún, brúchtaí bolcán nó pléascthaí eile ar an talamh nó faoina bun. Baineann siad sin go bunúsach le gluaiseacht na n-ilchríoch, ina snámhann plátaí ollmhóra teicteonacha go mall ar an maintlín ar bharr croíleacán te leachtach an Domhain. Imbhuaileann siad le chéile agus fodhuchtann ceann amháin faoi bhun an chinn eile. De réir mar a chuimlíonn siad i gcoinne a chéile, cuirtear tús le creathanna talún, agus go minic tarlaíonn bolcáin ag áiteanna mar sin freisin. Is féidir tonnta mar seo a bhrath le seismeagraif íogaire i bhfad i gcéin óna bhfoinse, agus baintear feidhm astu chun pléascthaí trialacha núicléacha faoin talamh a fháil amach, is i sirtheoireacht mhianach ag geolaithe. Trí staidéar ar thonnta seismeacha is mó a fhaighimid eolas ar an taobh istigh den Domhan.