Top 10 similar words or synonyms for bharrayar

optical    0.861314

aonchineálach    0.858331

myrtaceae    0.858005

carrollton    0.857814

gisserot    0.856648

firearms    0.854643

garner    0.853815

áedo    0.851984

toftum    0.851850

gaernarfon    0.850684

Top 30 analogous words or synonyms for bharrayar

Article Example
Ceoldráma spáis Osclaítear an tsraith le scéal grá Aral Vorkosigan agus Cordelia Naismith, arb iad tuismitheoirí Mhiles iad. Fear uasal agus oifigeach airm é Aral Vorkosigan. Déanta na fírinne, is ionann an dá rud ar Bharrayar, a bheag nó a mhór, agus is é is brí leis an réimír sin Vor- i dtús a shloinne go mbaineann sé le haicme na saighdiúirí uaisle. An chéim mhíleata atá ag Cordelia i spásloingeas Choilíneacht Beta, áfach, níl sí aici ach ar mhaith leis an bhfoirmiúlacht. Go bunúsach, is spás-luibheolaí í. Tuirlingíonn dhá spásárthach - ceann ó Bheta, ceann eile ó Bharrayar - ar an bpláinéad seo san am céanna i nganfhios dá chéile, agus castar foireann an dá árthach dá chéile ag déanamh taighde agus mapála ar an bpláinéad aineoil seo dóibh. Éiríonn cath agus caismirt eatarthu, agus i gceann aimsire, is cúis chogaidh é cé leis an pláinéad seo.
Ceoldráma spáis An treallchogadh a chuir na Barrayaraigh ar na Cetagandaigh, tá sé i bhfad thart, agus a mhuintir féin i seilbh an phláinéid arís le fada an lá. Ina dhiaidh sin féin, maireann iarsmaí an drochbhuille stairiúil i gcuimhne Aral Vorkosigan chomh maith le muintir an phláinéid go léir. Mothaíonn muintir Bharrayar iad féin faoi lagmheas ag muintir Bhealach na Bó Finne ar fad, agus fonn millteanach orthu a sásamh a bhaint as na Cetagandaigh - nó as aon náisiún coimhthíoch eile a chuirfidh bac orthu.
Ceoldráma spáis Nuair a tháinig an ardteicneolaíocht ar ais go dtí an pláinéad, b'iad muintir Cetaganda a thug leo í. Agus nuair a tháinig siadsan, drochfhuadar amach is amach a bhí fúthu, nó is mar fhorghabhálaithe naimhdeacha a rinne siad a dtuirlingt ar Bharrayar. "Osdaoine" saorga iad muintir Cetaganda, nó is cuid dá gcultúr í an bhithinnealtóireacht shofaisticiúil. Tá dóigh chomh maith acu ar na géinte is gur féidir leo na crainn a chur ag tabhairt cait is madraí mar thorthaí. Ach ós rud é gur gnách leo innealtóireacht den chineál chéanna a dhéanamh ar ghéinte a gcuid páistí féin, is sóiteáin, arrachtaigh agus torathair uafásacha iad i súile na mBarrayarach. Ón taobh eile de, tá lagmheas ag muintir Cetaganda ar na Barrayaraigh, nach bhfuil iontu ach gramaisc d'fhaiteallaithe réamhstairiúla, dar leis na forghabhálaithe. Mar sin, ní díol iontais é go n-éireodh ina chogadh idir an dá dhream seo.
Ceoldráma spáis Is follasach nach léiríonn Aral agus Cordelia mórán tuisceana dá chéile i dtús báire. Is áit iargúlta é Barrayar, pláinéad a chaith na céadta bliain i ndorchadas na primitíbheachta i ndiaidh dá bhunadh dearmad a dhéanamh den ardteicneolaíocht. Dealraíonn sé gur mórthubaiste núicléach ba chúis leis an dearmad seo, nó is cuid de thraidisiún na mBarrayarach é an sceimhle a bhíonn orthu roimh na drochghéinte agus roimh na sócháin. Chuir na Barrayaraigh an chuid ba mhó den am seo isteach ag cogaíocht eatarthu féin, go dtí gur chuir an chéad Impire de rítheaghlach Vorbarra a thoil i bhfeidhm ar mhionuaisle an phláinéid go léir. Ina dhiaidh sin féin, bhí seaniarsmaí na radaighníomhaíochta chomh láidir ag luí ar Bharrayar is go raibh sé de nós ag bunadh an phláinéid gach leanbh a bhí ó chuma a mharú i ndiaidh a bhreithe leis na drochghéinte a throid. Is é an oidhreacht a d'fhág an nós seo ag na Barrayaraigh ná go bhfuil col agus snomh acu leis na sóiteáin - le haon duine a bhfuil de chuma air nach bhfuil a chuid géinte ar fónamh.