Top 10 similar words or synonyms for atáirgeadh

hormóin    0.898620

bhrath    0.875629

próitéiní    0.871935

pailniú    0.871376

einsímí    0.871266

léasair    0.870866

anailísiú    0.862917

optúla    0.853050

rubair    0.852024

ocsaídí    0.850667

Top 30 analogous words or synonyms for atáirgeadh

Article Example
Atáirgeadh Próiseas chun sliocht a tháirgeadh, tréith bhunúsach an orgánaigh bheo. Sa bhfoirm is simplí, is próiseas neamhghnéasach é ina ndeighlíonn an t-orgánach ina dhá chuid nó níos mó trí scoilteadh, bachlú, táirgeadh spór, nó pórú plandúil. In atáirgeadh gnéasach, cruthaítear gaiméití ar leith (mar shampla, an speirm is an ubh) trí mhéóis, agus ansin trí chomhleá péire gaiméití le siogót a chruthú. I dtaighde déimeagrafaíochta luaitear an ráta atáirgthe, an ráta a tháirgeann an pobal baill nua trí bhreith.
Atáirgeadh plandúil Aon mhodh atáirgthe ag planda gan síolta gan spóir. I bhfungais agus algaí aoncheallacha, trí chilldeighilt shimplí a tharlaíonn sé. I bplandaí cosúíl le caonach is aelus, táirgtear bachlóga inscartha a fhásann nuair a thagann siad chun a bheith sáite sa talamh. Maidir le plandaí bláfara, atáirgeann siad trí bholgáin bheaga inscartha, tiúbair, stólain nó reathairí. In an-chuid fiailí ilbhliantúla, is féidir le blúire de ghas nó fréamh a bhristear uathu fás ina phlanda nua. Atáirgeann cineálacha eile (sméara dubha, mar shampla) ar cheann de na modhanna seo mar ní tháirgeann siad síolta inmharthana riamh. Is clóin iad na plandaí a thagann chun cinn mar seo, agus bíonn a ngéanóim comhionann le géanóim na bplandaí tuismitheora. Baintear feidhm as an modh atáirgthe seo sa ghairneoireacht chun plandaí le hairíonna fabhracha, a d'fheadfaí a chailliúint i bpórú, a olltáirgeadh.
Atáirgeadh fótaimeicniúil Priontáil iolrach grianghrafanna le dúch ar pháipéar, de ghnáth ó phlátaí miotalacha nó plaisteacha ar a mbíonn an íomhá comhdhéanta as poncanna soladacha. Táirgtear grádú sa phictiúr trí athruithe i méid na bponcanna, is ní i ndlús an dúigh. Ullmhaítear na plátaí trí athghrianghrafú na cóipe leata trí scáileán le líniú atá cuí don phróiseas priontála is an táirge (26-34 líne sa cm i gcomhair nuachtáin, suas le 53-120 líne sa cm i gcomhair léaráidí ardchaighdeáin leabhair). Nuair is atáirgeadh daite a bhíonn i gceist, déantar plátaí scoite i gcomhair gach dúigh atá le húsáid: de ghnáth, buí, maigeanta, cian is dubh.
Ainmhí Baineann ainmhithe úsáid as an atáirgeadh gnéasach agus an atáirgeadh neamhghnéasach, cé gur fíor-anamh an rud é nach bhfaightear an atáirgeadh gnéasach i ngrúpa ainmhithe, fiú más neamh-ghnách an nós é.
Fungas De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.