Top 10 similar words or synonyms for íonghlanadh

siadaí    0.704556

tháltar    0.673305

stáirse    0.672514

múcas    0.667675

ghéiniteach    0.663342

síceolaíocha    0.657565

comhfheasa    0.657020

míostraithe    0.656650

sheasmhach    0.655102

ionramháil    0.654611

Top 30 analogous words or synonyms for íonghlanadh

Article Example
An Súfaíochas Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".
Driogadh Sa cheimic, próiseas ina ngalaítear leacht ó shoitheach amháin is a gcomhdhlúthaítear arís í i soitheach eile. Rinneadh taifead ar an bpróiseas seo don chéad uair sa tSín san 8ú céad. In íonghlanadh uisce, galaíonn na gáis atá tuaslagtha san uisce ach ní athchomhdhlúthaíonn siad, agus ní ghalaíonn na solaid atá tuaslagtha san uisce in aon chor. Má thuaslagtar leachtanna le so-ghalaitheachtaí difriúla le chéile, is féidir iad a scaradh trí dhriogadh. Mar shampla, nuair a dhriogtar meascán uisce is eatánóil, táirgtear gal atá lán d'eatánól (a athchomhdhlúthaíonn sa dara soitheach) agus fágtar iarmhar sa chéad soitheach lán d'uisce leis na solaid thuaslagtha.
Robert Kane Ceimicí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Robert Kane (1809-1890). An chéad duine a thairg an eitil fhréamhaí, atá an-tábhachtach sa cheimic orgánach. Rinne sé amach modh chun alcól meitile a íonghlanadh. Rinne sé an chéad sintéisiú sa cheimic orgánach nuair a d'ullmhaigh an chomhdhúil chiorclach meiseitiléin ón gcomhdhúil líneach aicéatón. D'fhoilsigh sé an tuarascáil cháiliúil "The Industrial Resources of Ireland" (Acmhainní Tionsclaíochta na hÉireann, 1844), saothar ceannródaíoch chun maoin na tíre a chur chun cinn trí thionsclaíocht is fostaíocht a chothú. Scríobh sé "Elements of Chemistry" (Uraiceacht na Ceimice, 1840-1841), a raibh cáil is rath idirnáisiúnta air. Ceapadh é i 1845 ina stiúrthóir ar Mhúsaem nua Thionsclaíocht na hÉireann, a ndearnadh Coláiste Ríoga na hEolaíochta de i 1867 (agus Roinn an Taoisigh i 1990).
Cána siúcra Féar atá cosúil le bambú, ach le cánaí boga 3-8 m ar airde is 3.5-5.0 cm ar trastomhas. Bán go scothbhuí/glas, dearg nó scothchorcra. Fástar i réigiúin thrópaiceacha is fho-thrópaiceacha é. Cheaptaí le fada gur planda seasc é, ach faoi seo tá cuid mhaith hibridí bríomhara torthúla ar fáil. Gearrtar an cána is mionghearrtar i bpíosaí é roimh é a fhliuchadh tríd is tríd in uisce leis an siúcra a eastóscadh amach as. Ansin déantar an tuaslagán siúcra a scagadh, a léirghlanadh is a thriomú. De réir mar a thriomaíonn sé, criostalaíonn an siúcrós amach as, ag fágaint an mholáis ina dhiaidh. Tá an siúcra amh donn, agus is féidir é a íonghlanadh a thuilleadh chun siúcra bán a tháirgeadh. Níl aon difríocht cothaithe idir siúcra donn is siúcra bán.
Iondoirfíní is einceifilíní Grúpa comhdhúl a ghintear san inchinn, codlaitínigh cosúil le moirfín. Tá dhá einceifilín ar eolas, agus go leor iondoirfíní. Meastar gur pianmhúcháin iad go léir agus go bhfeidhmíonn siad i rialú mothú péine. D'éirigh leis an néareolaí John Hughes (1942-), ag obair leis an gcógaseolaí Hans Walter Kosterlitz (1903-1996) sa Bhreatain, iondoirfíní a aonrú is a íonghlanadh i 1975. Bhí a fhios roimhe sin go bhfeidhmíonn na drugaí codlaitíneacha moirfín is hearóin ar chiorcaid nó córais ar leith san inchinn. Braitheadh go gcuireann codlaitínigh nádúrtha na colainne féin isteach ar na ciorcaid chéanna. Ina dhiaidh sin fuarthas na heinceifilíní ar fud an chórais néarógaigh ina bhfeidhmíonn siad mar néaratharchuradóirí, agus na hiondoirfíní sa bhfaireog phiotútach mar a bhfeidhmíonn siad mar hormóin. Meastar go spreagann snáthaidpholladh táirgeadh na gcomhdhúl seo ionas go múchann siad pian. Ceaptar go saorann aclaíocht dhian na hábhair seo freisin, ionas gur féidir leis an lúthchleasaí an pianbhac a shárú agus staid bhogtha mheidhréiseach a bhaint amach. Meastar go bhfuil baint ag na hiondoirfíní is na heinceifilíní le feidhmiú na láir aoibhnis san inchinn.